Cairdinéal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cairdinéal
Armas

Is ball de chléir na hEaglaise Caitlicí é Cairdinéal atá ainmnithe mar chomhairleoir pearsanta don Phápa. Tugtar Coláiste na gCairdinéal orthu mar ghrúpa, agus feidhmíonn siad mar chomhairleoirí ar feadh a saoil, nó go dtí go gcuirtear an teideal oinigh ar ceal. Is é an cúram is sollúnta atá orthu ná pápa nua a thoghadh i gcomhthionól, i gcónaí beagnach duine acu féin (le roinnt eisceachtaí stairiúla), nuair a bhíonn an Suí Naofa folamh.