Napoléon Bonaparte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Napoleon)
Infotaula de personaNapoléon Bonaparte

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(co) Napulione Buonaparte
15 Lúnasa 1769
Ajaccio (Ríocht na Fraince)
Bás5 Bealtaine 1821
51 bliana d'aois
Teach Longwood (Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann)
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse ghoile)
Áit adhlacthaCathédrale Saint-Louis-des-Invalides (en) Aistrigh (1840–)
Valley of the Tomb (en) Aistrigh (–1840) Cuir in eagar ar Wikidata
Impire na bhFrancach
20 Márta 1815 – 22 Meitheamh 1815
18 Comh-Phrionsa na Fraince
20 Márta 1815 – 22 Meitheamh 1815
← Louis XVIII na FrainceNapoléon II →
18 Comh-Phrionsa na Fraince
1806 – 26 Eanáir 1812 (Sègre (en) Aistrigh)
← Louis XVI na FrainceDeireadh an phoist →
Monarc na hIodáile
17 Márta 1805 – 11 Aibreán 1814
Impire na bhFrancach
18 Bealtaine 1804 – 6 Aibreán 1814
100 Uachtarán Acadamh na nEolaíochtaí
1800 – 1800
← Raphael Bienvenu Sabatier (en) AistrighClaude Louis Berthollet →
First Consul (en) Aistrigh
10 Samhain 1799 – 18 Bealtaine 1804
Head of state of France (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas agus dias
Scoil a d'fhreastail sé/síÉcole Militaire, Paris (1784–) Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheSan Héilin
Ajaccio
Páras
Elba
Teanga dhúchaisan Chorsaicis
Airde168 cm Cuir in eagar ar Wikidata
LámhcheannasCiotógacht
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, , míleatach, ceannaire míleata, monarc, impire, oifigeach míleata, bailitheoir ealaíne, státaire, oifigeach airm Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1789 –  1821
Ball de
TeangachaAn Fhraincis agus an Chorsaicis
Gairm mhíleata
Céim mhíleataBriogáidire-ghinearál
divisional general (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtCogaí Napoléon agus Cogaí Réabhlóideacha na Fraince
Ghlac sé/sí páirt i
5 Bealtaine 1789Réabhlóid na Fraince Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
TeaghlachTeaghlach Bonaparte Cuir in eagar ar Wikidata
CéileJoséphine de Beauharnais (1796, 1796–1809)
Marie Louise I, Bandiúc Parma (1810–1821) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíMarie Walewska
Eléonore Denuelle de La Plaigne
Giuseppina Grassini
Elisabeth de Vaudey
Pauline Fourès
Emilie Kraus von Wolfsberg
Albine de Montholon Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteNapoléon II
 ( Marie Louise I, Bandiúc Parma)
Count Alexandre Joseph Colonna-Walewski
 ( Marie Walewska)
Charles Léon
 ( Eléonore Denuelle de La Plaigne)
Eugen Megerle von Mühlfeld
 ( Emilie Kraus von Wolfsberg) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCarlo Bonaparte  agus Maria-Letizia Bonaparte
SiblínElisa Bonaparte, Louis Bonaparte, Caroline Bonaparte, Pauline Bonaparte, Joseph Bonaparte, Lucien Bonaparte, Jérôme Bonaparte agus iníon gan ainm
Duine muintearthaCamillo Borghese, 6ú Prionsa Sulmona (deartháir céile)
Stéphanie de Beauharnais (adopted daughter (en) Aistrigh)
Eugène de Beauharnais (mac uchta)
Napoleon III (nia) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
2 Nollaig 1804coronation of Napoleon I (en) Aistrigh
9 Samhain 1799-10 Samhain 1799coup of 18 Brumaire (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú


IMDB: nm1927416 IMSLP: Category:Napoléon_I Find a Grave: 1350 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Napoléon Bonaparte, nó Napóilean mar a thugtar air i nGaeilge (15 Lúnasa 17695 Bealtaine 1821), nó Bónaí i nGaeilge Thír Chonaill fadó, ar dhuine de na ginearáil a d’fhear cogadh ar son Réabhlóide na Fraince.

Bhí sé ina cheannaire ar an bhFrainc ó dheireadh na bliana 1799 ar aghaidh, agus ina Impire ar na Francaigh (Empereur des Français) is ina Rí ar an Iodáil ón mbliain 1804 go dtí an bhliain 1814, agus arís sa bhliain 1815, faoin ainm Napoléon I.

Napoleon mar Premier Consul (le Antoine-Jean Gros, circa 1802)

Roimh an Réabhlóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Napoléon Bonaparte ()le Paul Delaroche, circa 1840)

Rugadh Napoleone di Buonaparte in Ajaccio na Corsaice ar 15 Lúnasa 1769. Carlo Maria Buonaparte, dlíodóir, ba ea a athair; Maria Letizia Ramolino a mháthair. De thimpiste staire a tháinig an t-oileán i seilbh na Fraince, ó cheannaigh sí siúd ó Genova é sa bhliain 1768. Bhain muintir Bonaparte le mionuaisle na háite (ba noblesse de robe iad), rud ab éigean do Charles Bonaparte a chruthú roimh dá mhac dul isteach i gcoláiste míleata sa bhliain 1779 - an École royale militaire de Brienne-le-Château,

Sa bhliain 1784 d'éirigh leis sa scrúdú ar son an École Militaire i bPáras. An bhliain dár gcionn cailleadh a athair, agus de dhíobháil airgid bhí air cúrsa dhá bhliain a chríochnú i gceann bliana amháin. Chuir sé a chuid scrúduithe de i Mí Mheán Fómhair agus fuair post mar fholeifteanant sa reisimint airtléire la Fère a bhí lonnaithe in Valence-sur-Rhône, agus ansin in Auxonne.

Blianta tosaigh na Réabhlóide[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Napoléon in aois a naoi mbliana déag sa bhliain 1789, nuair a thosaigh Réabhlóid na Fraince, agus ba é an chéad rud ar thug sé faoi círéib áitiúil a chur faoi chois in Auxonne ar 19 Iúil 1789.

D'fhill sé ar an gCorsaic agus rinne a chion sa chogadh idir réabhlóidithe, ríogaithe agus náisiúnaithe. Bhí rún ag na náisiúnaithe Poblacht na Corsaice a athbhunú; Pasquale Paoli a bhí mar cheannaire orthu agus mar náisiúnaí Corsaiceach chuaigh Napoléon ina leith. D'éirigh eatarthu nuair a chuir an Chomhdháil Náisiúnta an Rí chun báis; creachadh teach mhuintir Bonaparte, agus ar 10 Meitheamh 1793 thug Napoléon agus a mhuintir a n-aghaidh ar Thoulon.

Imshuí Toulon[cuir in eagar | athraigh foinse]

13 Vendémiaire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Paul Barras

Ar an 13 Vendémiaire, Bliain IV (5 Meán Fómhair 1795), chuaigh ríogaithe chun ceannairce i bPáras in éadan na Stiúrthóireachta (la Directoire), rialtas réabhlóideach na tíre ag an am. Paul Barras a bhí i gceannas ar na trúpaí a bhí dílis don Stiúrthóireacht, agus chuir seisean Napoléon i bhfeighil na n-oibríochtaí.

D'iarr Napóilean ar Joachim Murat gunnaí móra a bhailiú le chéile agus suíodh iad ag ceann na sráideanna ar aghaidh na Comhdhála Náisiúnta amach sna Tuileries. Ruaigeadh na ceannaircigh le grán, maraíodh mórán acu, agus tugadh suntas do Napoléon mar oifigeach cumasach.

Eglise St. Roch

An Céad Fheachtas Iodálach[cuir in eagar | athraigh foinse]

le Jacques-Louis David, 1812

Ceapadh Napoléon mar cheannaire ar arm na hintíre; thaispeáin sé an miotal a bhí ann mar oifigeach airtléire agus feidhm á baint aige as gunnaí móra mar fhórsa soghluaiste chun tacú leis an gcos-slua. Sa bhliain 1796 phós sé Joséphine de Beauharnais, agus ise ba chionsiocair lena cheapadh mar cheannaire Arm na hIodáile: bhí eolas aige cheana ar an tír (de bharr a bheith ag troid ann cúpla bliain roimhe sin) agus bhí sé in ann na fir a spreagadh.

Bhí an Iodáil faoi smacht na hOstaire, ach i gceann bliana nó mar sin bhí an lámh uachtair faighte aige ar chúig arm Ostaireacha, agus gan ach a leath-oiread fear aige go minic. Bhí clú air agus tionchar aige ag filleadh abhaile dó; ar a chomhairle féin (agus é faoi anáil an pholaiteora stuama Talleyrand) d'éirigh an Stiúrthóireacht as an ionradh a bhíothas le déanamh ar an mBreatain, scéim a bhí á beartú acu le tamall. Socraíodh ar Napoléon a chur chun na hÉigipte, mar a mbeadh sé in ann bealach na nIndiacha a chosc ar na Briotanaigh. I ndáiríre, b’áil leis an rialtas é a chur as an mbealach toisc gnaoi na ndaoine a bheith air.

Feachtas Éigipteach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain Napoléon Caireo amach sa bhliain 1798 agus slua eolaithe in éineacht leis chun nósanna agus seandachtaí na tíre a iniúchadh. Rinne na heolaithe an-obair; ní raibh an rath céanna ar Napóilean agus a chuid ginearál i gcónaí. Cuireadh ceannairc i gCaireo faoi chois gan trócaire; sa tSiria rug Napóilean bua ar na fórsaí Otamánacha, agus básaíodh timpeall 2,500 príosúnach; idir an dá linn scrios an Bhreatain an cabhlach Francach ag cath Akoubir (1798), agus chuaigh i bpáirt leis na hOtamánaigh. Bhuaigh siad ar an nGinearál Menou sa tSiria sa bhliain 1801 agus a arm siúd lagaithe go mór ag an bhfiabhras.

Consalacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Napoléon ar ais sa Fhrainc faoin mbliain 1799 agus chuaigh i gcomhairle le Talleyrand, fear a raibh an-dul amach aige ar chúrsaí.

Ba léir gurb é Napoléon a bhí thuas anois sa saol polaitiúil, agus bhí a rian sin ar an mBunreacht nua a cuireadh i bhfeidhm sa bhliain 1799 – bunreacht a raibh dealramh an daonlathais air ach a thug an chumhacht do Napoléon féin mar Phríomh-Chonsal.

Bhí suim ag teacht aige i Meiriceá; bhí fonn ar an bhFrainc leas a bhaint as limistéar leathan Louisiana, agus ba ghá greim a choinneáil ar oileán Saint-Domingue (Haití) chuige. B’éigean tairbhe a bhaint as daoir ghorma chun na coilíneachtaí a chur chun cinn, fiú agus an daoirse cealaithe, ach ceileadh an t-eolas sin. Chuaigh na Francaigh i ngleic leis an nGinearál gorm Toussaint Louverture; ba dhian an cogadh é, agus fiú nuair a gabhadh Toussaint lean an comhrac. Ba é an fiabhras ba mhó a lagaigh na Francaigh, agus buaileadh iad faoi dheireadh. D’éirigh Napoléon tuirseach den scéal agus dhíol Louisiana leis na Stáit Aontaithe sa bhliain 1803.

Ghéill Napoleon don Bhreatain faoi dheireadh

Impire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 2 Nollaig 1804, oirníodh Napoleon Bonaparte mar Impire na Fraince san ardeaglais Notre Dame i bPáras.

Rialaigh Napoléon an Fhrainc mar Phríomh-Chonsal (Premier Consul) Phoblacht na Fraince ó 11 Samhain 1799 go dtí 18 Bealtaine 1804, agus ansin mar Impire na bhFrancach (Empereur des Français) agus Rí na hIodáile (faoin teideal Napoléon I) idir 18 Bealtaine 1804 agus 6 Aibreán 1814 agus arís ar feadh tréimhse ghearr ó 20 Márta go dtí 22 Meitheamh 1815.

Bhí éirim thar cách i Napoléon mar cheannaire míleata. Tá cáil air de bharr an ratha agus an míratha a tháinig ar a chuid feachtas. I gceann deich mbliana nó beagán os a chionn, smachtaigh Napoléon an chuid is mó d’iarthar agus de lár na hIlchríocha le gabháltais agus le comhaontais, nó go ndearna sé ionradh tubaisteach ar an Rúis i ngeimhreadh na bliana 1812, tubaiste ar tháinig díomua eile ar a muin: Cath na Náisiún, a tharla gar do Leipzig i Mí Dheireadh Fómhair sa bhliain 1813.

I gceann cúpla mí chuir comhghuaillíocht a naimhde brú air an choróin a thabhairt suas, agus gan de rogha aige ach imeacht ina dheoraí chuig Oileán Eilbe. D’éirigh leis teacht ar ais ina shean-neart, éacht a dtugtar “an céad lá” (les cent jours) air, ach buadh air i gcath Waterloo sa Bheilg ar 18 Meitheamh 1815.

géilleadh ar bord an HMS Bellerophon, 1816

Ghéill sé don Bhreatain. Cuireadh ar deoraíocht é chuig oileán San Héilin, áit a bhfuair sé bás. Othras peipteach agus ailse ghoile ba thrúig bháis dó, is cosúil.[1]

uaimh, St Helena

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Longwood, an teach ar oileán San Héiln inar chaith Napoléon Bonaparte 5 go leith bliana ar deoraíocht

Tharraing Napoléon conspóid lena bheo agus lena mharbh Lasmuigh dá ndearna sé de ghaisce cogaidh, cuimhnítear ar Napoléon mar an té a bheartaigh an Cód Napóileanach, córas cuimsitheach dlí a tháinig in ionad seanreachtaíocht na Fraince.[2]

Is iomaí tuairim atá ag staraithe agus eile de Napoléon: monarc meabhrach tuisceanach, tíoránach, duine a choisc an Réabhlóid (dúirt sé féin go raibh sí “curtha i gcrích”), creachadóir a bhí ciontach as bás na dtáinte, riarthóir a chuir bonn leis an bhFrainc atá anois ann: duine neamhchoitianta, mar sin, a thuill idir mholadh agus dhímholadh.

Sa bhliain 2023, íocadh beagnach €2 mhilliún ag ceant i bPáras ar hata a chaith Napóilean Bonaparte nuair a bhí sé ina impire, an tsuim is mó a tugadh ariamh ar hata Napóilean ó dhíol an ceantálaí céanna Osenat an ceann deireanach ar €1.884 milliún i 2014.[3]

Muintir Napoleon[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cheap Napoléon gaolta dá chuid mar mhonarcaí i dtíortha difriúla. Níor bhuan i réim iad, ach bhí nia leis Napoleon III, ina Impire ar an bhFrainc agus ar a cuid coilíneachtaí amach sa 19ú haois.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Cullen, William (2008). Is Arsenic an Aphrodisiac?. Royal Society of Chemistry. ISBN 978-0-85404-363-7.
  2. Ba leis an fhear gnó Jean-Louis Noisiez a bhásaigh in 2022, an hata cáiliúil
  3. Nuacht RTÉ (2023-11-19). "Caith do hata leis! Hata clúiteach Napóilean díolta ar €2 milliún" (as ga).