Napoléon III
Ba é Louis-Napoléon Bonaparte (20 Aibreán 1808 – 9 Eanáir 1873) an t-aon duine a bhí ina uachtarán (1848 – 52) ar Dhara Phoblacht na Fraince agus, mar Napoleon III, an t-aon duine a bhí ina Impire (1852 – 70) ar Dhara Impireacht na Fraince, freisin.
Is é Charles-Louis Napoléon Bonaparte an t-ainm a tugadh air nuair a rugadh é. Ba nia agus oidhre de Napoléon I é. Ba é an chéad duine a toghadh mar Uachtarán na Fraince de réir éileamh an phobail i dtoghchán. Chuir an bunreacht agus an pharlaimint bac air seasamh i dtoghchán chun an Uachtaránacht a bhaint amach den dara huair. Dá bhrí sin, chuir sé coup d’état faoi bhun in 1851 agus tháinig sé i gcoróin dá bharr, ina impire, mar Napoléon III ar an 2 Nollaig 1852, ar chuimhneachán ocht mbliana is daichead chorónú Napoléon I. Chaith sé tréimhse ní b'fhaide i gcumhacht ná aon cheann stáit eile sa Fhrainc, agus níor sáraíodh é fós maidir leis sin.
Rialtas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ag tús a réimis chuir sé srianta cinsireachta agus bearta smachtúla crua i bhfeidhm i gcoinne a chuid céilí comhraic. Bhí thart ar sé mhíle duine ann a cuireadh i bpríosún nó a díbríodh go háitreabh pionóis faoi 1859. Chuaigh na mílte eile ar deoraíocht dá ndeoin féin, Victor Hugo ina measc.[1] Ó 1862 amach, áfach, laghdaigh sé smacht chinsireacht an rialtais, agus tharla gur tugadh “An Impireacht Liobrálach” ar an réimeas sa deireadh. D’fhill roinnt mhaith de chéilí comhraic Napoléon III ar an Fhrainc agus tharla gur toghadh cuid mhaith díobh ina bhfeisirí sa Fhrainc ina dhiaidh sin.[2]
Sa lá atá inniu ann, is fearr aithne ar Napoléon III as athfhorbairt Pháras ar scála mór a rinneadh faoi stiúrthóireacht Bharún Haussmann, maor ar an Seine. Sheol sé a leithéidí céanna de thionscadail oibríochtaí poiblí in Marseille, in Lyon agus i gcathracha eile sa Fhrainc.[3] Nuachóirigh Louis-Napoléon an córas baincéireachta, d'fhadaigh agus dhaingnigh sé fairsinge chóras iarnróid na Fraince, agus rinne sé den chabhlach trádála an dara ceann ba mhó dá chineál ar an domhan ag an am. Maidir leis an chóras oideachais, cuireadh feabhas mór ar oideachas na mban agus cuireadh méadú mór ar an líon ábhar éigeantach i scoileanna an chórais phoiblí.[4] Ar na leasuithe sóisialta a chuir sé i bhfeidhm, bhí an ceart chun dul ar stailc agus an ceart chun eagraithe d’oibrithe.
Gnóthaí eachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar thaobh gnóthaí eachtracha de, dhírigh Napoléon III a aird ar thionchar agus ar chumhacht na Fraince san Eoraip agus timpeall an domhain a athneartú. Bhí sé ar son cheannasaíocht an phobail agus an náisiúnachais.[5] Chuaigh sé i gcomhghuaillíocht leis an mBreatain agus fuair an t-aontas sin an ceann is fearr ar an Rúis i gCogadh na Crimé (1853 – 56). Thug réimeas Louis-Napoléon tacaíocht don ghluaiseacht ar son aontú na hIodáile, agus mar thoradh ar an tacaíocht sin, nasc-ghabh sé críocha nua don Fhrainc, Saváí agus an Contae Nice ina measc; ag an am céanna, chuir sé fórsaí na Fraince i gcoinne na hIodáile chun na Stáit Phápacha a chosaint ó iarrachtaí na hIodáile iad a nasc-ghabháil. Mhéadaigh sé faoi dhó fairsinge chríocha thar lear Impireacht na Fraince agus chuir sé leo san Áise, i réigiún an Aigéin Chiúin agus san Afraic. Ní raibh an bua ar a thaobh i gcónaí, áfach, agus theip ar an bhfeachtas míleata ar chuir sé ar bun i Meicsiceo chun réimeas impireachta (Dara hImpireacht Meicsiceo) a bhunú ann faoi chosaint na Fraince. Chuir Napoléon III tionscadal chun Canáil na Suaise a thógáil chun cinn agus chuir ar bun modhanna oibre na nuathalmhaíochta sa Fhrainc. Chuir an tionscnamh sin críoch le gorta sa tír agus b'easpórtálaí d’earraí talmhaíochta an Fhrainc as sin amach dá bharr. Shocraigh Napoléon III an Comhaontú Saorthrádála Cobden-Chevalier leis an mBreatain trí idirbheartaíocht agus shocraigh sé comhaontaithe eile dá leithéid ar son na Fraince lena chomhpháirtithe trádála eile san Eoraip.[6]
Cogadh, deoraíocht agus bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ón bhliain 1866 amach bhí air dul in aghaidh dhúshlán chumhacht fhásach na Prúise. Bhí an tír sin ag dul i dtreis agus an Seansailéir, Otto von Bismark, ag iarraidh an Ghearmáin a aontú faoi cheannasaíocht na Prúise. I mí Iúil 1870, chuaigh an Fhrainc in aghaidh na Prúise sa Chogadh Franc-Phrúiseach gan aon chomhghuaillí aici agus airm i bhfad ní ba laige ag an Fhrainc. Ba ghairid go raibh an cogadh caillte aici. Gabhadh Napoléon III ag Cath an Sedan. Forógraíodh an Tríú Poblacht na Fraince i bPáras ar an 4 Meán Fómhair 1870. Cuireadh an ruaig ar Napoléon III. Chuaigh Louis-Napoléon ar deoraíocht go Sasana, áit ina bhfuair sé bás in 1873.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoin Fhrainc é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol na staire é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |