An Phrúis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Phrúis
Preußen (de) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

AintiúnPreußenlied (1830-1840) Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Gott mit uns» Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh

PríomhchathairBeirlín agus Königsberg Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán41,915,040 (1939) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús141.12 hab./km²
Teanga oifigiúilan Ghearmáinis Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnAn Protastúnachas Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla297,007 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1525
Díscaoileadh25 Feabhra 1947 agus 1933
Á leanúint agGearmáin na Naitsithe agus an Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaismonarcacht agus poblacht Cuir in eagar ar Wikidata

Stát stairiúil a raibh an-chuid tionchair aige ar stair na hEorpa ar feadh na gcéadta bliain ab ea an Phrúis (Gearmáinis: Preußen) (Polainnis: Prusy). Beirlín an phríomhchathair a bhí aici. Cuireadh tús leis an bPrúis i gceantar beag atá anois i dtuaisceart na Polainne. Prúisigh a bhí ina gcónaí ann agus rinne Gearmánaigh coilíniú ar an gceantar sa tríú haois déag. Chruthaigh na Ridirí Teotónacha stát neamhspleách san áit ina bhfuil coda den Eastóin, den Laitvia agus den Liotuáin anois. Bhí ceannas ag Rí na Polainne orthu ó 1466. I 1525 d'iompaigh ceannaire na Ridirí ina Phrotastúnach agus cruthaíodh Diúcacht na Prúise, an chéad stát Phrotastúnach.

Bhí tailte na Prúise ar an taobh thoir de bhéal an Vistula ag an am seo. I 1618 fuair Diúc Brandenburg an Phrúis mar oidhreacht, agus laghdaigh cumhacht na Polainne sa cheantar. Faoi cheannas Friedrich Wilhelm méadaíodh tailte na Prúise siar chomh fada le habhainn na Réine.

Ríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoi Friedrich I rinneadh ríocht den Phrúis i 1701, agus chuir an rí sin an-bhéim ar an arm. D'úsáid a mhac Friedrich II (Feardorcha Mór) chun cúigí eile a ghabháil agus tar éis Cogadh na Seacht mBliana leis an Ostair ba í an Phrúis an stát ba chumhachtaí sa Ghearmáin. Ghnóthaigh an Phrúis tailte eile ar fud na Gearmáine trí phósadh nó mar oidhreacht. Ba sa tréimhse seo a cuireadh córas éifeachtach maorlathach ar bun a bhí mar chnámh droma don Ghearmáin go dtí 1945.

Nuair a tharla Réabhlóid na Fraince chuaigh an rí Friedrich Wilhelm II ar an ionsaí ach buadh ar a arm ag Valmy agus b'éigean dó a thailte san iarthar a ghéilleadh don Fhrainc. Chuaigh Friedrich Wilhelm III chun cogaidh leis an Fhrainc arís ach bualadh go tubaisteach é ag Jena agus ghéill sé tuilleadh talaimh fós don Fhrainc tar éis Chonradh Tilsit.

I 1813 shéan an Phrúis an conradh seo agus thosaigh ag troid arís in aghaidh Napoléon, agus tar éis Chomhdháil Vín fuair sí a cuid tailte uile ar ais. Gnóthaigh sí tailte an Ruhr chomh maith, agus méadaíodh daonra an stáit faoi dhó. Ba i ngleann an Ruhr a cuireadh tús leis an réabhlóid thionsclaíoch sa Phrúis, agus bhí sí anois níos cumhachtaí ná an Ostair.

Sa naoú haois déag bhí fórsaí éagsúla ag iomaíocht le chéile sa Ghearmáin ach ní raibh rí na Prúise sásta glacadh le coróin na Gearmáine ó lucht ceannairce. D'fhan na tiarnaí talún i gceannas sa Phrúis agus an liobrálachas ag leathadh sa chuid eile den Ghearmáin.

Impireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cheap rí na Prúise, Wilhelm I, Otto von Bismarck ina phríomhaire i 1862. Theastaigh ó Bismarck an Ghearmáin a aontú faoi cheannas aicme rialaithe na Prúise agus d'éirigh leis é sin a dhéanamh trí chogadh a spreagadh trí huaire, leis an Danmhairg i 1864, a thug Schleswig-Holstein don Phrúis, leis an Ostair i 1866, trínar gabhadh Hanover agus tailte éagsúla i dtuaisceart na Gearmáine, agus leis an Fhrainc i 1870, rud a thug an deis dó Mecklenburg, an Bhaváir, Baden, Wǖrtemberg agus Sacsain a chuir faoi smacht na Prúise. Ar an dóigh seo cruthaíodh Impireacht na Gearmáine, agus bhí Wilhelm I ina Impire (Kaiser). Ní raibh na himpirí a tháinig i gcomharbacht ar Wilhelm I chomh cumasach leis féin, agus cé gur éirigh leo níos mó tailte a ghabháil, agus arm ollchumhachtach a chruthú, ba é an toradh a bhí ar a gcuid uaillmhiain ná go raibh iomaíocht ghéar idir an Ghearmáin agus an Bhreatain ar thaobh amháin, agus leis an Rúis ar thaobh eile, a chuir tús le Cogadh Domhanda, cogadh a chaill an Ghearmáin, agus a d'fhág briste agus laghdaithe í.

Cuireadh deireadh leis an ríocht tar éis an chogaidh, agus rinneadh poblacht den Ghearmáin. Fuair an Pholainn cuid de na tailte agus bhí an Phrúis Thoir deighilte ón chud eile den Ghearmáin as sin go dtí an Dara Cogadh Domhanda. Nuair a ghabh na Rúisigh seilbh ar oirthear na Gearmáine i 1945 cuireadh an Phrúis ar ceal mar aonad polaitiúil.

Déimeagrafaic[cuir in eagar | athraigh foinse]

Daonra[cuir in eagar | athraigh foinse]

i 1871, bhí an daonra na Prúise 24.69 milliún, ag tabhairt cuntas i 60% an daonra na hImpireachta Gearmáinigh. i 1910, d'ardaigh an daonra go dtí 40.17 milliún (62% an daonra na himpireachta). I 1914, Bhí achar ag an Phrúis 354,490 ciliméadar cearnach. I mBealtaine 1939 bhí achar na Prúise 297,007 ciliméadar cearnach agus daonra 41,915,040 áitritheoirí.

Reiligiún[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go raibh an Phrúis smachtaithe leis na Protastúnaigh, bhí go leor Caitliceach san iarthar agus sa Pholainn.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]