Cogadh na Seacht mBliana

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Coinbhleacht MhíleataCogadh na Seacht mBliana

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcogadh
Dáta29 Lúnasa 1757 –  15 Feabhra 1763
ÁitAn Eoraip
RannpháirtitheRíocht na Breataine Móire, Ríoghacht Éireann, Meiriceá Briotanach, an Phrúis, Ríocht na Portaingéile, Electorate of Brunswick-Lüneburg (en) Aistrigh, Brunswick-Wolfenbüttel (en) Aistrigh, Iroquois, Landgraviate of Hesse-Kassel (en) Aistrigh, Schaumburg-Lippe (en) Aistrigh, Ríocht na Fraince, New France (en) Aistrigh, An Impireacht Naofa Rómhánach, Monarcacht Hapsburgach, Toghthóireacht na Sacsaine, Electorate of Bavaria (en) Aistrigh, Impireacht na Rúise, Impireacht na Spáinne, Swedish Empire (en) Aistrigh, Abenaki people (en) Aistrigh, Impireacht na Mógal, Seoirse II na Breataine Móire, Seoirse III na Breataine Móire agus na hÉireann, Louis XV na Fraince, Maria Theresa na hOstaire agus Sultanate of Bengal (en) Aistrigh
Cath Kunersdorff i rith an Chogaidh

Bhí mórchumhachtaí uile na hEorpa rannpháirteach i gCogadh na Seacht mBliana (1756-1763) inar maraíodh timpeall milliún duine. Throid comhghuallaíocht den Phrúis, Bunswick Luneburg, an Bhreatain (agus a coilíneachtaí i Meiriceá Thuaidh agus san Áise) i gcoinne na hOstaire, na Fraince (agus a coilíneachtaí sa Fhrainc Nua agus san India), ríocht na Rúise, na Sualainne agus na Sacsaine.

Ba é an cogadh seo a chuir deireadh le réimeas na Fraince mar mhórchumhacht impiriúil lasmuigh den Eoraip, agus san Eoraip féin go dtí gur tharla an Réabhlóid. Tháinig an Bhreatain chun cinn dá bharr mar ollchumhacht agus forlámhas aici ar mhórchuid d'fharraigí an domhain go háirithe.