Ríoghacht Éireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de geografia políticaRíoghacht Éireann
Ríocht na hÉireann (ga)
Kingdom of Ireland (en) Cuir in eagar ar Wikidata
Saint Patrick's Saltire.svg Kingdom Ireland.svg

Suíomh
Kingdom of Ireland 1789.svg
 53°20′00″N 6°15′00″W / 53.333333333333°N 6.25°W / 53.333333333333; -6.25

Príomhchathair Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Teanga, nó leagan teanga An Béarla Cuir in eagar ar Wikidata
Reiligiún An Chinsealacht Phrotastúnach Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla 84,000 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Leanann sé/sí Fermanagh (en) Aistrigh, Bréifne Thiar, Bréifne Thoir agus Tiarnas na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú 1542
Díscaoileadh Eanáir 1, 1801
Á leanúint ag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtais monarcacht bhunreachtúil agus monarcacht Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtach Parlaimint na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
• monarc na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata Seoirse III na Breataine Móire agus na hÉireann (Deireadh Fómhair 25, 1760) Cuir in eagar ar Wikidata

Thugtaí Ríoghacht Éireann (Béarla: Kingdom of Ireland) ar Éirinn sa tréimhse idir fógairt Anraí VIII mar Rí na hÉireann ag Acht Choróin na hÉireann 1542 (Béarla:The Crown of Ireland Act 1542) agus Acht an Aontais sa bhliain 1800. Ba thiarnas de chuid na corónach í roimhe sin.

Rith Parlaimint na hÉireann Acht an Aontais 1800 a chuir deireadh air féin agus ar an Ríocht. Rith Parlaimint na Breataine Móire an t-acht freisin. Bhí éifeacht eile ag an acht, is é sin bunú Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann ar an chéad lá den bhliain 1801, lenar aontaíodh corónacha na hÉireann agus na Breataine Móire. Sna blianta tosaigh, bhí aitheantas teoranta ar Ríocht na hÉireann. Cé gur aithin roinnt cumhachtaí Protastúnacha san Eoraip Anraí agus a oidhre Éadbhard mar mhonarch na hÉireann, ní dhearna aon chumhacht Chaitliceach an gníomh céanna sin, ach d'aithníodar mar Thiarnaí ar Éirinn iad. D'aithin an Pápa Pól IV Anraí, an Bhanríon Máire, is í sin iníon Caitliceach Rómhánach Anraí VIII , mar Bhanríon na hÉireann sa bhliain 1555.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eisíodh ''Laudabiliter'' bulla de chuid an Phápa Aidrian IV sa bhliain 1155 a dheonaigh an teideal Dominus Hibernae (an leagan Laidine ar "Tiarna na hÉireann") ar an Rí Ainsivíneach Anraí II Shasana. Thug Laudabiliter údarás don rí ionsaí a dhéanamh ar Éirinn, chun an tír a thabhairt isteach faoi thionchar mhór-roinn na hEorpa ní ba dhlúithe. Mar chúiteamh, ceanglaíodh ar Anraí pingin in aghaidh an rolla cánach teallaigh a íoc leis an Phápa. Rinneadh é sin a athdhearbhú ag comharba Aidrian, an Pápa Alastar III, sa bhliain 1172.

Nuair a chuir an Pápa Cléimeans VII rí Shasana Anraí VIII faoi choinnealbhá, sa bhliain 1533, bhí éiginnteacht ag baint le seasamh bunreachtúil an Tiarnais in Éirinn. Bhí Anraí tar éis briseadh amach ón tSuí Naofa, agus é dearbhaithe aige gurb é féin ceann na hEaglaise i Sasain. Bhí achainí curtha aige faoi bhráid na Róimhe chun neamhniú a phósta, leis an Bhanraíon Caitríona, a fháil dó. Bhí an Pápa báúil d'Anraí mar gheall gurb eisean a scríobh an leabhar Cosaint na Seacht Sacraimint (bunleagan sa Laidin: Assertio Septem Sacramentorum) in éadan Liútair inar thacaigh Anraí VIII le bunchlocha na hEaglaise Caitlicí agus ní raibh fonn ar an Phápacht aighneas agus deighilt a chruthú idir tíortha na hEorpa. Dá bhrí sin, i dtosach chuir leagáid an Phápa, Lorenzo Campeggio, comhairle ar Chaitríona a hAragóine i Londain glacadh le neamhniú an phósta le hAnraí agus dul a chónaí i gclochar don chuid eile dá saol. Dhiúltaigh Caitríona déanamh amhlaidh, dúirt sí gur theastaigh uaithi an chuid eile dá saol a chaitheamh mar bhean phósta agus aitheantas a bheith ag a hiníon mar bhanphrionsa dleathach an rí, agus cuireadh an cás chun cúirt na Róimhe lena réiteach a fháil air. Dhiúltaigh Cléimeans VII iarratas Anraí agus as siocair go raibh nia Chaitríona, Ferdinand na hAragóine i ndiaidh seilbh a ghlacadh ar chathair na Róimhe, agus dhiúltaigh Anraí flaitheas fanta ar Éirinn na hEaglaise Caitlicí a aithint, agus chuir an Pápa Pól III faoi choinnealbhá arís é, go déanach sa bhliain 1538. Ritheadh ​​an tAcht Tréasa (Éire) 1537 (Béarla: Treason Act (Ireland) 1537) chun gníomhú ina aghaidh sin.

I ndiaidh teipe ar Éirí Amach Thomáis an tSíoda sna blianta 1534-1535, bhí roinnt ratha mhíleata in aghaidh roinnt clann sna 1530í déanacha, ag an Fhear Ionaid Grey, agus thug sé faoin mheicníocht dhlíthiúil Géilleadh agus Athbhronnadh a chur i bhfeidhm, orthu siúd a bhí sásta a gcuid sealúchais a ghéilleadh don rí, agus ansin iad a bheith athbhronnta mar thalamh ruílse faoi chairt ríoga. Faoin bhliain 1540, bhí cuma na síochána ar an chuid is mó d'Éirinn faoi rialú riarachán an rí i mBaile Átha Cliath; ach ní mar sin a bhí an scéal ar feadh i bhfad eile.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]