Máire I Shasana

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Máire I Shasana
Mary I of England.jpg
céile rí na Spáinne


monarc Ríocht Shasana

Iúil 1553 - Samhain 17, 1558
An Bhantiarna Jane Grey - Eilís I Shasana
Saol
Eolas breithe Palace of Placentia (en) Aistrigh, Feabhra 18, 1516
Náisiúntacht Ríocht Shasana
Bás St James's Palace, Samhain 17, 1558
Áit adhlactha Abtheach Westminster
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás bás nádúrtha (reproductive system disease (en) Aistrigh)
Muintir
Athair Anraí VIII Shasana
Máthair Caitríona Aragón
Céile/Céilí Pilib II na Spáinne  (Iúil 25, 1554 (Gregorian) -
Siblíní
Teaghlach
Treibh Tudor dynasty (en) Aistrigh
Oideachas
Teangacha An Béarla
An Spáinnis
An Fhraincis
An Laidin
Gairm
Gairm polaiteoir agus uasal
Duais
Creideamh
Reiligiúin Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Mary I Signature.svg

Bhí Máire I (18 Feabhra 151617 Mí na Samhna 1558), ar a dtugtar freisin Máire Thúdarach, ina banríon ar Shasana agus ar Éirinn ó 19 Iúil 1553 go dtí lá a báis. Ba í an ceathrú monarc Túdarach agus tá cáil ar na hiarrachtaí a rinne sí chun a Caitliceachas Rómhánach a athbhunú i Sasana. Bhí sé mar thoradh ar na polasaithe seo gur cuireadh beagnach trí chéad Protastúnach chun báis le linn a réimis, agus tugadh an leasainm 'Máire Fhuilteach' uirthi de bharr an tslada seo.

Ba í Máire an t-aon pháiste amháin ag Anraí VIII agus a chéad bhean chéile, Caitríona Aragón, a mhair ina duine fásta. Chuaigh a leathdheartháir níos óige, Éadbhard VI, i gcomharbacht ar a n-athair sa bhliain 1547 nuair a bhí sé naoi mbliaina d'aois. Nuair a bualadh Éadbhard ag tinneas básmhar sa bhliain 1553, rinne sé iarracht Máire a thógáil amach as an líne chomharbais toisc gur cheap sé, agus an ceart aige, go gcuirfeadh sí atheagruithe an Phrotastúnachais a tharla agus é féin i réim droim ar ais. Tar éis a bháis, d'fhógair mórpholaiteoirí an ama sin an Bhantiarna Jane Grey mar bhanríon. Go gearr ina dhiaidh sin, bhailigh Máire fórsa in Anglia Thoir chun Jane a dhíbirt, agus baineadh an ceann den chailín bocht sin ar deireadh thiar. Ba í Máire an chéad bhanríon i réim ar Shasana, seachas Jane agus an Banimpire Matilda, a bhfuil easaontas ar bhailíocht a réimeanna féin. Phós Máire Pilib II na Spáinne sa bhliain 1554, gur rinneadh Céile an Rí ar Habsburg na Spáinne di ar a theacht i gcoróin sa bhliain 1556.

Aistríodh Sasana ina thír Phrotastúnach arís nuair a tháinig leath-dheirfiúr Mháire, Eilís I, i gcomharbacht uirthi.

Fuair Máire bás ar an 17ú Samhain 1558 tar éis bréagthoircheas ón mbliain roimhe sin. Ceaptar gurbh fhéidir go raibh cisteanna ubhagáin nó ailse broinne uirthi[1].


Breith agus Teaghlach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Máire ar an 18ú Feabhra 1516 i bPálás Placentia in Greenwich Shasana. Bá í an t-aon pháiste amháin ag Anraí VIII agus an chéad bhean chéile leis, Caitríona Aragón a mhair i ndiaidh a naíonacht. Chaill a máthair cuid leanaí eile.[2] Sular rugadh Máire, bhí iníon agus beirt mhac aici a bhí marbh-bheirthe agus mac eile, Anraí, Diúc Chorn na Breataine, nach raibh ach bliain d'aois sula bhfuair sé bás tobann ar chúis éiginnte.[3]

Baisteadh Máire ina Caitliceach in Eaglais na mBráithre Comhlíontacha (Béarla: Church of the Observant Friars) in Greenwich trí lá i ndiaidh a breithe.[4] Bhí an Tiarna Seansailéara Thomas Wolsey, a sean-aintín Caitríona York, Cuntaois Devon agus Agnes Howard, Bandiúc Norfolk ar a cairde as Críost.[5] Sheas col cúigir Anraí VIII, Mairéad Pole, Cuntaois Salisbury léi ag a dul faoi lámh easpaig, a rinneadh go díreach i ndiaidh an bhaiste.[6] An bhliain ina dhiaidh sin, d'éirigh Máire ina cara Críost féin lena col ceathar Frances Brandon.[7] Sa bhliain 1520, ceapadh Cuntaois Salisbury ina máistreás do Mháire.[8] Bhí an Ridire John Hussey ina sheomairlín di ón mbliain 1530, agus ba í a bhean chéile, an Bhantiarna Anne, arbh í iníon Sheoirse Grey, an Dara hIarla Kent, duine de na banfhreastalaithe Mháire.[9]

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Máire ag am a gealltanais le Séarlas V. Tá sí ag caitheamh bróiste dronuilleogach agus "An tImpire" inscríobhtha air.[10]

Bhí Máire seanórtha mar pháiste.[11] I mí Iúil 1520, nuair ab ar éigean é má bhí na ceithre bliana go leith aici, rinne sí siamsa do thoscaireacht Fhrancach a bhí ar cuairt ann, í ag seinm ar virgineal (sórt cruitchláir).[12] Fuair sí cuid mhór dá luathoideachas óna máthair, a chuaigh i gcomhairle leis an daonnachach Spáinneach Juan Luis Vives agus choimisiúnaigh é chun a thráchtas ar oideachas na gcailíní De Institutione Feminae Christianae a scríobh.[13] Faoin am a raibh sí naoi mbliana d'aois, bhí léamh agus scríobh na Laidine aici.[14] Rinne sí staidéar ar an bhFraincis, ar an Spáinnis, ar cheol, ar dhamhsa, agus b'fhéidir ar an nGréigis.[15] Bhí Anraí VIII an-cheanúil ar a iníon agus mhaígh uirthi leis an ambasadóir Veinéiseach Sebastian Giustiniani nár dhein sí gol riamh.[16] Bhí snua geal, súile bánghorma agus gruaig rua nó fhionnrua ar Mháire. Bhí sí dearg sna leicne, tréith a bhí faighte aice óna hathair.[17]

In ainneoin an mhéid ceana a bhí ag Anraí ar Mháire, bhí díomá mhór air nach raibh aon mhac aige mar oidhre.[18] Faoin am a raibh na naoi mbliana slánaithe ag Máire, ba léir nach mbeadh tuilleadh páistí ag Anraí agus Caitríona, rud a d'fhágfadh Anraí gan aon oidhre dlisteanach fireann.[19] Sa bhliain 1525, chuir Anraí Máire chuig teorainneacha na Breataine Bige le bheith (nó in ainm a bheith, is dócha) i gceannas ar Chomhairle na Breataine Bige agus na Marg.[20] Tugadh a cúirt ríoga féin i gCaisleán Ludlow di agus cuid mhaith freisin desna sainphribhléidí ríoga nár tugadh de ghnáth ach do Phrionsa na Breataine Bige. Thug Vives agus daoine eile Banphrionsa na Breataine Bige uirthi, cé nach raibh an teideal sin tabhartha di go hoifigiúil.[21] Is cosúil go raibh trí bliana caite aici i Marga na Breataine Bige, agus thugadh sí cuairt go rialta ar chúirt a hathair ag an am sin, sular fhill sí ar ais go buan chuig na contaetha thart ar Londain i lár na bliana 1528.[22]

I gcaitheamh a hóige go léir, bhíodh idirbheartaíocht déanta ag Anraí le daoine éagsúla faoi chleamhnais fhéideartha Mháire. Nuair nach raibh sí ach dhá bhliain d'aois, bhí sí geallta do Phroinsias, naíonán de mhac a bhí ag Proinsias I, rí na Fraince, ach bhí an conradh sin séanta tar éis na trí bliana.[23] Sa bhliain 1522, agus í sé bliana d'aois, bhí sí curtha i ngealltanas lena col ceathar Séarlas V, an tImpire Naofa Rómhánach, é 22 bliana d'aois ag an am.[24] Cuireadh deireadh leis an ngealltanas sin ag Séarlas faoi cheann cúpla bliain, áfach, le comhaontú Anraí.[25] Chuaigh an Cairdinéal Wolsey, ardchomhairleoir Anraí, i mbun idirbheartaíochta arís ansin leis na Francaigh faoi phósadh Mháire, agus mhol Anraí go bpósfaí í le hathair an Dauphin, an rí Proinsias I féin, ar mhaith leis comhaontas polaitiúil le Sasana.[26] Síníodh conradh pósta a luaigh go bpósfadh Máire Proinsias I, eisean nó an dara mac a bhí aige, Anraí, Diúc d'Orléans,[27] ach fuair Wolsey comhaontas leis an bhFrainc d'uireasa an phósta. Sa bhliain 1528, phléigh Thomas Magnus, gníomhaire Wolsey, leis an taidhleoir Albanach Adam Otterburn an bpósfadh Máire a col ceathar Séamas V na hAlban.[28]

De réir an Veinéiseach Mario Savorgnano, faoin am sin bhí Máire ag fás ina bean óg dhóighiúil dhea-chumtha agus snua breá na sláínte uirthi.[29]


Ógántacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lena linn sin, bhí pósadh thuismitheoirí Mháire i mbaol. Bhí díoma fós ar Anraí nach raibh aon mhac aige mar oidhre, agus bhí sé ar bior chun athphósta. Dá bharr sin, rinne sé iarracht neamhniú pósta a fháil ó Chaitríona, ach dhiúltaigh Pápa Clement VII a achainí. Mhaígh Anraí, é ag tagairt do shleachta as an mBíobla (Leviticus 20:21), go raibh a phósadh le Caitríona neamhghlan toisc gurbh í baintreach a dhearthár í (Artúr, uncail Mháire). Mhaígh Caitríona nach raibh a pósadh le hArtúr curtha i gcrích riamh, agus dá bharr sin nach raibh an pósadh bailí dleathach. Fuair sí neamhniú a céadphósta ó Phápa eile roimhe, Julius II, ar an mbonn céanna sin. B'fhéidir go raibh drogall ar Clement aon bheart a dhéanamh toisc go raibh tionchar éigin air ag Séarlas V, mac deirféar Chaitríona agus duine a raibh Máire geallta dó uair amháin roimhe, agus a raibh a chuid saighdiúirí tar éis seilbh a ghabháil ar an Róimh i gCogadh Chonradh an Choinnic.[30]

Ón mbliain 1531 amach, ba mhinic go raibh Máire breoite ag an míostrú neamhrialta agus an lionn dubh, cé nach bhfuil sé léir arbh é an strus, an caithreachas, nó bunghalar éigin ar chúis leis.[31] Ní raibh cead aici a máthair a fheiceáil. Bhí an bhean sin díbirte ag Anraí chun maireachtaint amach ón gcúirt.[32] Go luath sa bhliain 1533, phós Anraí Anne Boleyn, a bhí ag iompar a pháiste cheana, agus i mí na Bealtaine, d'fhógair Thomas Cranmer, an tArdeaspag Canterbury go foirmiúil go raibh an pósadh le Caitríona ar neamhní agus go raibh an pósadh le hAnne bailí. Shéan Anraí údarás an Phápa, agus d'fhógair é féin mar Cheann Uachtarach ar Eaglais Shasana. Ísliodh Caitríona go Banphrionsa Baintí na Breataine Bige (teideal a bheadh aici mar bhaintreach Artúr) agus measadh gur leanbh díomhaointis í Máire. Tugadh "An Bhantiarna Máire" uirthi, seachas an Banphrionsa, agus d'aistríodh a háit sa líne chomharbais chuig a leathdheirfiúr nuabheirthe, Eilís, iníon Anne.[33] Briseadh suas lucht tí Mháire;[34] briseadh a cuid searbhóntaí as a bpost (an Chuntaois Salisbury san áireamh) agus i mí na Nollag 1553, cuireadh í le bheith ina ball de lucht tí an naíonán Eilís in Hatfield, Hertfordshire.[35]

Dhiúltaigh Máire go seasmhach admháil nó glacadh leis gurb í Anne an bhanríon í nó go raibh Eilís ina banphrionsa, rud a chuir an Rí Anraí ar deargbhuile arís.[36] Í faoi bhrú agus leis an teorannú a bhí curtha ar a cuid imeachtaí, ba mhinic a raibh Máire breoite, rud a d'fhág an lia ríoga ar a cuid "drochúsáide".[37] D'éirigh an tAmbasadóir Impiriúil, Eustace Chapuys ina dhlúth-chomhairleoir di, agus rinne sé iarracht in aisce chun idirghabháil a dhéanamh ar a son sa chúirt.[38] Chuaigh an caidreamh idir Máire agus a hathair in olcas; níor labhair siad lena chéile le trí bliana.[39] Cé go raibh Máire agus a máthair araon breoite, diúltaíodh cead do Mháire cuairt a thabhairt ar Chaitríona.[40] Nuair a fuair Cairíona bás sa bhliain 1536, bhí Máire "doshóláis".[41] Adhlacadh Caitríona san Ard-Eaglais Peterborough fad a bhí Máire ag deanamh bróin ar an leath-chúlráid in Hunsdon i gContae Hertfordshire.[42]


Aosacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1536, thit an Bhanríon Anne i míghnaoi an rí agus baineadh an ceann di. Fógraíodh é go raibh Eilís ina leanbh mídhlisteanach agus baineadh a cearta comharbais di, mar an gcéanna le Máire roimpi.[43] Faoi cheann coicíse i ndiaidh bás Anne, phós Anraí Jane Seymour, a bhí dá ghríosú a shíocháin a dhéanamh le Máire.[44] D'éiligh Anraí go dtabharfadh Máire aitheantas dó mar cheann Eaglais Shasana, go ndiúltódh sí údarás an Phápa, go n-admhódh sí go raibh pósadh a tuismitheoirí mídhleathach, agus go nglacfadh sí lena mídhlisteanacht féin. Rinne sí iarracht athmhuintearas a dhéanamh leis trína tabhairt isteach dá údarás, chomh fada agus a ligfeadh "Dia agus mo choinsias" di, ach ar deireadh thiar, rinneadh bulaíocht uirthi cáipéis a shíniú a ghlac le gach aon éileamh a bhí déanta ag Anraí.[45] Tar éis an athmhuintearais sin lena hathair, fuair Máire a háit ar ais sa chúirt.[46] Thug Anraí deontas teaghlaigh di, agus cuireadh ath-insealbhú an duine is ansa le Máire, Susan Clarencieux san áireamh.[47] Léiríonn cuntais phríobháideacha Mháire ón am sin, a choinnítí ag Mary Finch, go raibh Hatfield House, an Pálás Beaulieu (ar a dtugadh Newhall freisin), Richmond agus Hunsdon ar na príomháiteanna cónaithe a bhí aici, chomh maith le páláis Anraí in Greenwich, Westminster agus Hampton Court.[48] Bhí éadaí den scoth agus cearrbhachas cártaí (ceann de na caithimh aimsire ab fhearr aici) ar a cuid costais.[49] Chuaigh reibiliúnaigh i dTuaisceart Sasana (an Tiarna Hussey, iar-sheomairlín Mháire, ina measc) i mbun feachtais in aghaidh atheagruithe reiligiúin Anraí, agus ba é ceann dá gcuid éileamh ná go ndéanfaí Máire ina duine dlisteanach arís. Cuireadh an t-éirí amach, ar a dtugadh an Oilithreacht Ghrásta, faoi chois go neamhthrócaireach.[50] Mar aon le reibiliúnaigh eile, cuireadh Hussey chun báis, ach ní raibh aon rud ann a thabharfadh le fios go raibh Máire páirteach ann.[51] An bhliain dár gcionn, 1537, fuair Jane bás i ndiaidh di mac a thabhairt ar an saol, Éadbhard. Rinneadh cara Críost de Mháire lena leathdheartháir agus bhí sí ina príomhchaointeoir ag sochraid na banríona.[52]

Máire sa bhliain 1544

Dhein Pilib Diúc na Baváire suirí le Máire i ndeireadh na bliana 1539 agus as sin amach, ach bhí seisean ina Liútarach agus níor éirigh leis ceiliúr pósta a chur uirthi.[53] I gcaitheamh na bliana 1539, rinne Thomas Cromwell, príomh-aire an rí, idirbheartíocht ar chomhaontas féadartha leis an Diúcacht Cleves. Ní raibh aon toradh ar mholtaí go bpósfadh Máire Liam, an Diúc Cleves, a bhí ar comhaois léi, ach bhíothas aontas ar chleamhnas idir Anraí agus deirfiúr an Diúic, Áine.[54] Nuair a chonaic Anraí Áine don chéad uair amach sa Nollaig 1539, seachtain sula raibh lá na bainise ann, níor thaithin sí leis mar bhean, ach ar chúiseanna taidhleoireachta, agus gan aon chúinse ná leithscéal a bheith aige, ní raibh sé in ann an pósadh a chur ar ceal.[55] Thit Cromwell faoi dhrámh, agus gabhadh as an tréas é i mí an Mheithimh 1540; ba é cúiseamh amháin ar na cúisimh nach dócha a cuireadh ina aghaidh ná go raibh sé beartaithe aige féin Máire a phósadh.[56] Thoiligh Áine go gcuirfí an pósadh nach raibh curtha i gcrích ar neamhní agus baineadh ceann Chromwell de.[57]

Sa bhliain 1541, cuireadh Cuntaois Salisbury, arbh í iarmháistreás agus máthair bhaistí Mháire, chun báis ag Anraí, ar an gcúinse go raibh a mac Reginald Pole tugtha i dreis i gcomhcheilg chaitliceach ar a dtugtar an Chomhcheilg Exeter.[58] Bhí a básadóir ina "ógánach suarach ciotach" a "chiorraigh a ceann agus a guaillí ina bpíosaí go litriúil".[59] Sa bhliain 1542, i ndiaidh cur chun báis an chúigiú bean chéile Anraí, Catherine Howard, thug Anraí cuireadh do Mháire teacht chuig féile ríoga na Nollag.[60] Ag an gcúirt, agus a hathair idir dhá phósadh agus gan chéile dá réir sin, feidhmnigh Máire mar bhanóstach.[61] Sa bhliain 1543, phós Anraí an séú bean chéile leis, Catherine Parr, a bhí in ann an teaghlach a thabhairt níos cóngaraí le chéile.[62] Chuir Anraí Máire agus Eilís ar ais sa líne chomharbais i ndiaidh Éadbhard leis an dTriú hAcht Comharbais, 1544 (Béarla: Third Act of Succession), ach lean an bheirt acu ina nduine mídhlisteanach de réir an dlí.[63]

Fuair Anraí VIII bás sa bhliain 1547, agus chuaigh Éadbhard i gcomharbacht air. Fágadh eastáit in Norfolk, Suffolk agus Essex le huacht ag Máire, agus deonaíodh Hunsdon agus Beaulieu di le bheith aici féin.[64] Ar an ábhar go raibh Éadbhard fós ina leanbh, aistríodh an réimeas chuig comhairle leasríochta inar raibh an lámh in uachtar ag Protastúnaigh, a rinne iarracht a gcreideamh a bhunú ar fud na tíre. Mar shampla, bhí sé leagtha amach san Acht Ionannais 1549 (Béarla: Act of Uniformity) go mbeadh deasghnátha seirbhísí eaglaise ina ndeasghnátha Protastúnacha, amhail Leabhar na hUrnaí Coitinne (Béarla: the Book of Common Prayer) le Thomas Cranmer a úsáid. D'fhan Máire dílis lena creideamh Caitliceach Rómhánach féin, agus lean sí uirthi an t-Aifreann traidisiúnta a éisteacht go dúshlánach ina séipéal féin. D'impigh sí ar a col ceathar, an tImpire Séarlas V, chun brú taidhleoireachta a chur ar dhaoine ionas go mbeadh sí in ann a creideamh féin a chleachtadh.[65]

Ar feadh an chuid is mó de réimeas Éadbhard, d'fhan Máire ar a heastáit féin agus b'annamh a bhí sí i láthair sa chúirt.[66] Idir Bealtaine agus mí Iúil 1550, rinneadh plean chun í a smugláil amach as Sasana go dtí sábháilteacht Mhórthír na hEorpa, ach ní raibh aon toradh air.[67] Lean an t-easaontas creidimh ar aghaidh idir Máire agus Éadbhard. Nuair a bhí Máire sna tríochaidí, d'fhreastail sí ar theacht le chéile le hÉadbhard agus le hEilís leis an Nollaig 1550, am a chuir Éadbhard náire ar Mháire, gur chuir ag gol í chomh maith leis féin freisin os comhair na cúirte, de bharr é bheith ag tabhairt amach di as an neamhaird a thug sí ar a chuid dlíthe maidir leis an adhradh.[68] Dhiúltaigh Máire arís is arís eile na héilimh a rinne Éadbhard uirthi go dtréigfeadh sí an Caitliceacheas, agus dhiúltaigh agus athdhiúltaigh Éadbhard a chuid éileamh a thabhairt suas.[69]

Teacht i Réim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 6ú Iúil 1553, nuair a bhí sé 15 bliana d'aois, fuair Éadbhard VI bás d'ionfhabhtú scamhóige, arbh fhéidir é an eitinn é.[70] Níor mhaith leis go n-aistríodh an choróin chuig Máire, toisc go raibh eagla air go gcuirfeadh sí an Caitliceachas i bhfeidhm arís agus go gcuirfí atheagruithe a n-athair ar ceal. Bhí sé de rún aige mar sin í a fhágáil amach as líne an chomharbais. D'inis a chuid comhairleoirí dó narbh fhéidir leis duine amháin dá leath-dheirfiúracha a chur as oidhreacht ina haonar; b'éigean dó an rud céanna a dhéanamh le hEilís freisin, cé go raibh sí ina Protastúnach. Faoi threoir ag John Dudley, an Chéad Diúc Nortumbarlann, agus daoine eile, b'fhéidir, d'fhág Éadbhard iad araon as líne an chomharbais ina uacht.[71]

Mar chur in aghaidh ar an dTríú hAcht Comharbais, a chuir Máire agus Eilís ar ais sa líne chomharbais, d'aimnigh Éadbhard banchliamhain Dudley, An Bhantiarna Jane Grey, arbh í ina gariníon ag an deirfiúr is óige Anraí VIII, Máire Túdar, banríon na Fraince, mar oidhre leis féín. Ba í Frances Grey, Bandiúc Suffolk máthair Bhantiarna Jane, í ina col ceathar agus iníon bhaistí Mháire. Díreach sula bhfuair Éadbhard VI bás, gaireadh Máire go Londain chun cuairt a thabhairt ar a deartháir, ach tugadh rabhadh di nach raibh sa ghairm sin ach cúis bhréige le go raibh sí gafa agus go n-éascaíodh teacht i réim Jane.[72] Ar an ábhar sin, seachas bheith ag dul go Londain óna háit cónaithe in Hunsdon, theith Máire go dtí an Anglia Thoir, áit a raibh eastáit fhairsinge aici agus ina raibh an Cheannairc Kett curtha faoi chois go míthrócaireach ag Dudley. Bhí iomaí daoine de lucht leanúna an Chaitliceachais ina gcónaí ann, arbh iad daoine a chuir iad féin in aghaidh Dudley.[73] Ar an 9ú Iúil, ó Kenninghall in Norfolk, do scríobh sí don ríchomhairle le horduithe go bhfógraíodh ise mar chomharba ar Éadbhard.[74]

Ar an 10ú Iúil 1553, fógraíodh an Bhantiarna Jane mar bhanríon ag Dudley agus lucht a thacaíochta, agus tháinig litir Mháire don ríchomhairle i Londain ar an lá céanna. Faoi cheann an 12ú Iúil, bhí fórsa míleata bailithe ag Máire agus a lucht tacaíochta ag Caisleán Framlingham in Suffolk.[75] Theip ar thacaíocht Dudley,[76] agus athríodh Jane ar an 19ú Iúil.[77] Cuireadh ise agus Dudley i bpríosún sa Túr. Mharcaigh Máire isteach go Londain go caithréimeach ar an 3ú Lúnasa 1553, ar bharr toinne thacacíochta ag an bpobal. Thionlaic a leath-dheirfiúr Eilís í, chomh maith le mórshiúl de bhreis agus 800 duine d'fhir uaisle.[78]

Réimeas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é ceann de na gníomhartha a rinne Máire ar dtús mar bhanríon ná gur ordaigh sí go scaoilfí saor an Caitliceach Rómhánach Tomás Howard, Diúc Norfolk, agus an t-easpag Stiofán Gardiner óna bpríosúnacht i dTúr Londan, chomh maith lena fear muinteartha, Éadbhard Courtenay.[79] Bhí tuiscint mhaith ag Máire nach raibh san ógbhean Jane ach fichillín i seifteanna Dudley, agus ba é Dudley an t-aon duine uasal de na comhchealgairí a cuireadh chun báis as an ardtréas go díreach i ndiaidh an coup. Cé go bhfuarthas ciontach iad, coimeádadh an Bhantiarna Jane agus a fear céile, an Tiarna Guildford Dudley, faoi gharda sa Túr, seachas bheith curtha chun báis láithreach, agus scaoileadh Anraí Grey, athair Jane, saor.[80] Bhí Máire fágtha i gcruachás ag an scéal, mar go raibh nach mór gach éinne de na Ríchomhairleoirí i dtreis sa chomhcheilg chun Jane a chur i gcoróin.[81] Cheap sí Gardiner ina bhall den Chomhairle agus rinne Easpag Winchester chomh maith le hArd-Seansailéir de. D'fhan sé in oifig san dá phost go dtí lá a bháis i mí na Samhna 1555. D'éirigh Susan Clarencieux ina Máistreás na Róbaí (Béarla: Mistress of the Robes).[82] Ar an 1ú Deireadh Fómhair 1553, chorónaigh Gardiner Máire in Abtheach Westminster.[83]

Pósadh le Pilib II na Spáinne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pilib na Spáinne le Titian

Bhí Máire 37 bliana d'aois faoin am seo, is dhírigh sí a haird ar fhear céile a aimsiú agus oidhre a bheith aici, rud a chuirfeadh bac ar theacht i gcomharbas an Phrotastúnaigh, Eilís, a bhí fós ina céad duine eile sa líne chomharbais faoi théarmaí uacht Anraí VIII agus de réir an Achta Chomharbais 1544. Luadh Éadbhard Courtenay agus Raghnall Pole araon mar shuirígh fhéadartha di, ach mhol a col ceathar Séarlas V go bpósfadh sí a aonmhac féin, Pilib, Prionsa na Spáinne.[84] Bhí mac ag Pilib ó phósadh roimh ré agus bhí sé ina léiroidhre ar na críocha móra fairsinge ar Mór-roinn na hEorpa agus sa Domhan Nua. Mar chuid den idirbheartaíocht ar an bpósadh, seoladh portráid de Philib le Titian di sa chuid deiridh den bhliain 1553.[85]

Rinne an tArd-Seansailéir Gardiner agus Teach na dTeachtaí achainí uirthi cuimhneamh a dhéanamh air go bpósfadh sí Sasanach, mar bhí eagla orthu go dtiocfadh ísliú céime ar Shasana is go ndéanfaí ina spleáchríoch ag muintir Habsburg é. Níor éirigh leo, áfach.[86] Níor thaithin an pósadh leis na Sasanaigh; chuir Gardiner agus lucht a thacaíochta ina aghaidh ar bhonn an tírghrá, agus ba é a gcuid eagla roimh an Caitlicheachas a spreag na Protastúnaigh.[87] Nuair a d'éiligh Máire go bpósfadh sí Pilib, bhí ceannairc is éirí amach ann. Ba é Tomás Wyatt Óg an ceannaire ar fhórsa a tháinig as Kent chun Máire a athrí agus Eilís a chur ina háit, mar chuid de chomhcheilg ní b'fhorleithne ar a dtugtar Ceannairc Wyatt (Béarla: Wyatt's rebellion), agus ina raibh Anraí Grey, athair Bhantiarna Jane, páirteach freisin.[88] D'fhógair Máire go poiblí go ngairfeadh sí ar an bParlaimint chun an pósadh a phlé, agus dá mba rud é gurbh é an tuairim ag Parlaimint nach raibh an pósadh ar mhaithe na ríochta, staonfadh sí ón tabhairt faoi.[89] Nuair a bhain Wyatt Londain amach, buadh agus gabhadh air. Cuireadh Wyatt, Anraí Grey, an Bhantiarna Jane agus a fear céile, Guildford Dudley chun báis. Cuireadh Courtenay, a raibh a ainm luaite le scéal na comhcheilge, i bpríosún, agus ar deireadh thiar, ar deoraíocht. Cé gur mhaígh sí nach raibh sí ciontach sa chomcheilg agus scéal Wyatt, cuireadh Eilís i bpríosún sa Túr ar feadh dhá mhí, ansin cuireadh faoi bhraighdeanas baile i bPálás Woodstock í.[90]

Bá í Máire an chéad banríon i gcoróin ar Shasana (seachas an Banimpire Matilda agus an Bhantiarna Jane Grey, a bhfuil easaontas ann maidir lena gcuid réimeas gairid). Lena chois sin, de réir thagaisc jure uxoris faoi dhlí coiteann Shasana (Gaeilge: le ceart a mhná chéile) aistríodh an uile maoin agus teidil a bhí ag bean chuig a fear céile tar éis a bpósta, agus bhíothas eagla ann go n-éireodh aon fhear a phós sí ina Rí Shasana i bhfíric agus in ainm dá réir.[91] Cé gur choinnigh seantuismitheoirí Mháire, Ferdinand agus Isabel ardcheannas ar a gcuid flaitheas faoi seach le linn a bpósta, ní raibh aon fhasach ann le leanúint i Sasana.[92] Faoi théarmaí den Acht um Phósadh Bhanríon Máire le Pilib na Spáinne (Béarla: Act for the Marriage of Queen Mary to Philip of Spain), tugadh an teideal "Rí Shasana" ar Philib, chuirfí an dá ainm acu araon faoin dáta ar aon cháipéis oifigiúil, Achtanna Parlaiminte san áireamh, agus bheadh an Pharlaimint gairthe faoi chomhúdarás na beirte,fad is go raibh Máire amháin fós beo. Ní bheadh aon cheangal dlí ar Shasana tacaíocht mhíleata a thabhairt d'athair Philib i gcogadh ar bith, agus ní raibh cead ag Pilib aon ghníomh a dhéanamh gan toiliú a mhná chéile ná aon duine ón iasacht a cheapadh ina oifigeach i Sasana.[93] Ní raibh Pilib róshásta leis na coinníollacha sin, ach bhí sé toilteanach glacadh leo le bheith cinnte de go mbeadh comhaontú ann faoin bpósadh.[94] Ní raibh sé i ngrá le Máire agus ní raibh aon dúil aige inti; lorg sé an pósadh mar gheall ar an tairbhe pholaitiúil agus straitéiseach a bhain leis. Do scríobh a shainchabhróir Ruy Gómez de Silva chuig comhfhreagrai sa Bhruiséil, "ní raibh an pósadh déanta ar aon chúis cholainne, ach le heasorduithe na ríochta seo a réiteach agus na Tíortha faoi Thoinn a chaomhnú."[95]

Ionas go n-uaisleofaí a mhac ar chomhchéim le Máire, ghéill an tImpire Séarlas V coróin Napoli do Philib, chomh maith lena éileamh ar Ríocht Iarúsailéim. Dá réir sin, d'éirigh Máire ina Banríon Napoli ar a pósadh agus tugadh an teideal Banríon Iarúsailéim uirthi freisin.[96] Pósadh iad ar an 25ú Iúil 1554 san Ardeaglais Winchester, is nárbh é sin ach dhá lá tar éis dóibh casadh ar a chéile don chéad uair.[97] Ní raibh aon Bhéarla ag Pilib, agus mar sin labhair siad meascán den Spáinnis, den Fhraincis agus den Laidin lena chéile.[98]


Toircheas Bréige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Radharc taobh istigh, an bheirt ríoga, Máire suite faoi bhun armais agus Pilib ina sheasamh lena hais.
Máire agus a fear céile, Pilib

I Meán Fómhair 1554, stop miostrú Mháire. Thit sí chun meáchain, agus bhí masmas uirthi ar maidin. Ar an ábhar sin, chreid gach éinne sa chúirt aici, a cuid dochtúirí san áireamh, go raibh sí ag iompar clainne.[99] Rith Parlaimint an tAcht Tréasa 1554, a dhéanfadh Pilib ina leasrí dá mba rud é go gcaillfí Máire sa bhreith.[100] Sa tseachtain deiridh d'Aibreán 1555, scaoileadh Eilís saor as a braighdeanas baile, agus gaireadh uirthi teacht chuig an gcúirt le bheith ina finné ar an mbreith, a raibh súil leis gan aon mhoill.[101] De réir Giovanni Michieli, an t-ambasadóir Veinéiseach, b'fhéidir go raibh pleananna ag Pilib Eilís a phósadh, dá bhfaigheadh Máire bás leis an mbreith.[102] ach i litir a scríobh sé chuig a dheartháir céile, Maximilian na hOstaire, bhí amhras ar Philib an raibh a bhean chéile ag iompar.[103]

Bhí seirbhísí buíochais ann i nDeoise Londain ag deireadh Aibreáin tar éis do ráflaí bréige bheith á scaipeadh trasna na hEorpa go raibh mac saolaithe do Mháire.[104] Le himeacht na Bealtaine agus an Mheithimh, agus gan aon scéal eile bheith ag dul thart faoin mbreith ar feadh an dá mhí sin, mhéadaigh ar an gcaint agus ar an luaidreán nach raibh Máire torrach ar chor ar bith.[105] Roinn Susan Clarencieux, bean choimhdeachta Mháire, a cuid amhrais leis an ambasadóir Francach, Antoine de Noailles.[106] Lean rudaí mar sin, agus an chuma fós ar Mháire go raibh sí ag iompar, go dtí an Iúil 1555, nuair a thraoith ar a bolg. Dhein Michieli magadh drochmheasúil ar an toircheas, agus dúirt sé gurbh é ba dhóichí ná "go gcríochnódh sé le gaoth, seachas aon rud eile".[107] Ba é ba dhóichí gur thoircheas bréige a bhí ann, mar thoradh, b'fhéidir, ar an bhfonn an-láidir a bhí ar Mháire go mbeadh leanbh aici.[108]I mí Lúnasa, go gearr i ndiaidh náire an toirchis bhréige, arbh é rud é a cheap Máire a raibh ina "phionós ó Dhia" as a cuid "caoinfhulaingt ar eiricigh" ina ríocht.[109] D'fhág Pilib Sasana le bheith i gceannas ar a chuid arm in aghaidh na Fraince i bhFlóndras.[110] Bhí Máire croíbhriste agus thit sí go domhain i ngalar dubhach. Chuaigh brón na banríona go mór i bhfeidhm ar Michieli; do scríobh sé go raibh sí "i ngrá iontach neamhghnách" lena fear céile agus go raibh sí in umar na haimléise faoina imeacht leis.[111]

D'fhan Eilís sa chúirt go dtí mí Dheireadh Fómhair, agus bhíothas fabhrach di arís de réir dealraimh.[112] In uireasa aon pháiste a bheith aige le Máire, bhí buairt ar Philib go raibh Máire, Banríon na nAlbanach, a bhí geallta don Dauphin Francach, san áireamh mar an chéad duine eile i ndiaidh a dheirfiúr chleamhnais arbh fhéidir léi maíomh ar an gcoróin. D'áitigh Pilib ar Mháire gur cheart go bpósfaí Eilís a chol ceathar, Emmanuel Philibert, Diúc Savoy, chun an comharbas Caitliceach a dhaingniú agus leas mhuintir Habsburg i Sasana a chaomhnú, ach dhiúltaigh Eilís an cleamhnas agus níor dhócha go dtabharfaí cead Parlaiminte chuige ach oiread.[113]

Polasaí Creidimh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bonn óir a léiríonn Máire mar "Chosantóir an Chreidimh", 1555
Máire gléasta i ngúna ornáideach
Máire le Hans Eworth, 1554. Tá sí ag caitheamh siogairlín seodmhar ina bhfuil péarla Mháire Túdar socraithe faoi bhun péire diamant.

Le linn na míosa tar éis a teacht i gcoróin, d'eisigh Máire forógra nach mbeadh iallach ar bith curtha ar aon duine dá cuid géillsineach a creideamh féin a leanúint, ach faoi dheireadh mhí Mheáin Fómhair 1553, cuireadh roinnt móreaglaiseach Protastúnach i bpríosún, Cranmer, John Bradford, John Rogers (Eagarthóir Bíobla agus mairtíreach), an tEaspag John Hooper, agus Hugh Latimer ina measc.[114] D'fhógair an chéad Pharlaimint a bhí ag Máire, a cruinnigh go luath i mí Dheireadh Fómhair, go raibh pósadh a tuismitheoirí ina phósadh bailí, agus chealaigh dlíthe creidimh Éadbhard.[115] D'athbhunaíodh teagasc na hEaglaise san fhoirm ina léiríodh é sna Sé hAirteagail (1539) a cumadh faoi údarás Anraí VIII, agus inar athdhearbhaíodh aontumha na cléire (chomh maith le rudaí eile). Baineadh a mbeinifís (a gcuid pá) de shagairt phósta.[116]

Bhí an briseadh suas leis an Róimh a cuireadh ar bun ag a hathair diúltaithe ag Máire i gcónaí, chomh maith le bunú an Phrotastúnachais a rinneadh ag leasríthe a dearthár. D'áitigh Pilib ar Pharlaimint dlíthe creidimh Anraí a aisghairm, rud a thug Eaglais Shasana ar ais faoi dhlínse na Róimhe. Thóg sé na míonna chun teacht ar an gcomhaontú, agus b'éigean do Mháire agus an Pápa Julius III géilleadh ar phointe tábhachtach: ní thabharfaí tailte coigistithe na mainistreacha ar ais dóibh, ach d'fhágfaí iad i seilbh ag na húinéirí nua mór le rá.[117] Faoi dheireadh na bliana 1554, rinneadh an beart. D'fhaomh an Pápa é agus tugadh na hAchtanna in aghaidh na hEiriceachta (Béarla: The Heresy Acts) ar ais.[118]

Theith thart ar 800 Protastúnach saibhir, John Foxe ina measc, ar loingeas.[119]Díríodh feidhm is cumas na ndlíthe eiriceachta ar iad siúd a d'fhan sa tír agus a lean orthu ag fógairt a gcuid creideamh go poiblí.[120] Tharla an chéad bhabhta básuithe i gcaitheamh cúig lá i mí Feabhra 1555: básaíodh John Rogers ar an 4ú Feabhra, Laurence Saunders ar an 8ú Feabhra, agus Rowland Taylor agus John Hooper ar an 9ú Feabhra.[121] Cuireadh iallach ar an Ardeaspag Canterbury Cranmer, a bhí i bpríosún, amharc ar na hEaspaig Nicholas Ridley agus Hugh Latimer agus iad dá loscadh ag an stáca. Shéan sé a chuid eiriceachta, dhiúltaigh sé don diagacht Phrotastúnach, gur chuaigh ar ais sa chreideamh Caitliceach.[122] De réir próis chuí an dlí, ba cheart gur saoraídh é mar aithríoch, ach dhiúltaigh Máire spásas a thabhairt dó. Ar lá a loiscthe, tharraing sé siar a shéanadh go drámatúil.[123] Bhí 283 duine curtha chun báis san iomlán, iad loiscthe den chuid is mó.[124] Bhí míthaitneamh agus míghnaoi an phobail chomh mór sin faoi na gníomhartha seo, gur cáineadh iad fiú amháin ag Alphonso de Castro, duine d'fhoireann eaglasta Philib féin.[125] agus thug comhairleoir eile leis, Siomón Renard, rabhadh dó gurbh fhéidir go gcothódh "cur i bhfeidhm chomh cruálach sin" éirí amach.[126] Níor éirigh Máire as an bpolasaí áfach, agus lean sí ar aghaidh leis go dtí lá a bás, rud a ghéaraigh ar an dearcadh frith-Chaitliceach agus frith-Spáinneach i measc phobal Shasana.[127] Moladh na híospartaigh mar mhairtírigh.

Tháinig Raghnall Pole, mac Chuntaois Salisbury arbh í iarmháistreás Mháire a bhí básaithe, mar leagáid an Phápa i mí na Samhna 1554.[128] Oirníodh ina shagart é agus ceapadh ina Ardeaspag Canterbury é, díreach i ndiaidh bású Cranmer i mí an Mhárta 1556.[129][130]


Polasaí Eachtrach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar chuid de concas na hÉireann ag na Túdaraigh, áitríodh coilínigh Shasanacha i lár na tíre faoi réimeas Mháire agus Philib. Scaradh Uíbh Fhailí agus bunaíodh "Queen's County" (Laois) agus "King's County" (|Uíbh Fhailí) ann. Tosaíodh ar Phlandáil na hÉireann.[131] Tugadh "Maryborough" (Port Laoise) agus "Philipstown" (an Daingean) faoi seach ar phríomhbhailte na gcontaetha nua.

Thug athair céile Mháire suas coróin na Spáínne i mí Eanáir 1556. Bhí Máire agus Pilib fós scartha ó chéile; fógraíodh eisean mar Rí na Spáinne sa Bhruiséil, ach d'fhan sise i Sasana. Bhí sos leochaileach cogaidh socraithe ag Pilib leis na Francaigh i mí Feabhra 1556. An mhí dár gcionn, fágadh milleán ar an ambasadóir Francach, Antoine de Noailles, i gcomhcheilg in aghaidh Mháire nuair a rinne Anraí Dudley, col seisir John Dudley a bhí curtha chun báis, iarracht fórsa ionraidh a bhailiú sa Fhrainc. Rinneadh feall ar an gcomhcheilg, ar a dtugadh Comhcheilg Dudley, agus gabhadh ar gach éinne den lucht comhcheilge i Sasana. D'fhan Dudley ar deoraíocht sa Fhrainc, agus d'fhág Noailles an Bhreatain. Cinneadh ciallmhar, is dócha.[132]

D'fhill Pilib go Sasana ó Mhárta go dtí Iúil 1557 le háitiú ar Mháire tacaíocht a thabhairt ar an Spáinn, a bhí i mbun cogaidh arís in aghaidh an Fhrainc. Bhí Máire i bhfabhar cogadh a fhógairt, ach chuir a cuid comhairleoirí ina choinne ar an mbonn go ndéanfeadh sé díobháil ar thrádáil Shasana leis an bhFrainc, gur bhris sé forálacha an chonartha phósta maidir le cogaí iasachta, agus mar gheall ar dhrochleagáid eacnamaíochta ó réimeas Éadbhard VI agus roint fómhar gann a tháinig ceann i ndiaidh a chéile, agus a d'fhág Sasana gan dóthain airgid is soláthairtí.[133] Ní raibh an cogadh fógraithe go dtí mí an Mheithimh 1557, tar éis do mhac deirféar Raghnall Pole, Tomás Stafford, ionradh a dhéanamh ar Shasana agus Caisleán Scarborough a ghabháil le cabhair na bhFrancach, mar iarracht inar theip air chun Máire a athrí.[134] Mar thoradh ar an gcogadh, tháinig teannas ar an gcaidreamh a bhí ann idir Sasana agus an Phápacht, ós rud é go raibh Pápa Pól IV i gcomhghuaillíocht le hAnraí II na Fraince.[135] I mí Lúnasa, fuair fórsaí na Sasanach bua i ndiaidh cath Saint-Quentin. Thug finné súl amháin an cuntas seo a leanas: "Throid an dá thaobh go han-chróga, ach na Sasanaigh go háirithe."[136] Níor mhair an comóradh ach tamall gearr, áfach, toisc go raibh gabháil ag na Francaigh i mí Eanáir 1558 ar Calais, arbh é an t-aon gabháltas amháin a bhí fós ag na Sasanaigh ar Mhór-Roinn na hEorpa go dtí sin. Cé go raibh an dúiche ina tromualach airgeadais, b'ábhar mórnáire é do ghradam na banríona an chathair a chailleadh.[137] De réir Croinicí Holinshed, do chásaigh Máire mar seo: "Nuair a bheidh mise marbh oscailte, gheobhaidh sibh 'Calais' ina luí sa chroí agam", ach b'fhéidir nár tharla é sin ar chor ar bith.[138]


Cúrsaí Tráchtála agus Ioncaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réal ó réimeas Philib agus Mháire
Scilling ó réimeas Mháire

Bhí blianta réimeas Mháire fliuch agus tháinig gorta ar an tír mar thoradh ar an tsíorbháisteach agus ar an díle a bhí ann.[139] Fadhb eile ná an meath a tháinig ar ghnó éadaigh Antuairp.[140] In ainneoin pósadh Mháire le Pilib, níor bhain Sasana aon tairbhe as trádáil bhrabúsach na Spáinne lena himpireacht sa Domhan Nua.[141] Chosain na Spáinnigh marcantacha a gcuid bealaí trádála go géar cúramach, agus ní raibh Máire in ann glacadh le smugláil nó an phíoráideacht nó a leithéid bheith ann ag na Sasanaigh in aghaidh a fir céile.[142] Mar iarracht chun méadú ar an trádáil agus geilleagar Shasana a tharrtháil, lean comhairleoirí Mháire orthu le polasaí John Dudley, arbh é sin deiseanna nua tráchtála a lorg. Dheonaigh sí cairt ríoga don Chomhlacht Muscovy faoin gobharnór Sebastian Cabot[143] agus d'iarr sí ar Diogo Homem atlas an domhain a dhéanamh.[144] Sheoladh eachtránaithe mar John Lok agus William Towerson ó dheas go cósta na hAfraice chun nascanna trádála a fhorbairt.[145]

Ó thaobh an aireadais de, bhí réimeas Mháire ag iarraidh an rialtas nua-aimseartha—agus a gcuid caiteachas a bhí níos airde dá réir—agus an córas bailithe cánach agus táillí a bhí ann ó na meánaoiseanna a thabhairt le chéile.[146] Choinnigh Máire William Paulet, an Chéad Mharcas Winchester, a ceapadh ag Éadbhard, ar áirithíocht mar Ard-Chisteoir agus leag air an dualgas chun maoirtheacht a dhéanamh ar an gcóras bailithe ioncaim. Bhí teip ann taraifí nua a ghearradh ar shaghsanna nua allmhairí, agus dá bharr sin tugadh neamhaird ar fhoinse thábhachtach ioncaim. Chun é sin a réiteach, d'fhoilsigh rialtas Mháire "Leabhar Rátaí" nualeasaithe sa bhliain 1558, inar breacadh síos na taraifí agus na dleachtanna a gearradh ar gach aon allmhaire. Ní dhearnadh athbhreithniú go mór ar an leabhar sin go dtí an bhliain 1604.[147]

Dearóilíodh monaíocht Shasana faoi Anraí VIII agus Éadbhard VI araon. Dhréachtaigh Mháire pleananna chun an airgeadra a leasú, ach níor cuireadh iad i bhfeidhm go dtí tar éis a báis.[148]

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Portráid le Hans Eworth

I ndiaidh cuairt Philib sa bhliain 1557, Cheap Máire don dara huair go raibh sí ag iompar clainne, is an leanbh in ainm agus teacht i mí an Mhárta 1558.[149] D'fhógair sí ina huacht go mbeadh a fear céile in a ionadaí rí sula dtiocfadh an leanbh in aois.[150] Ach níor rugadh aon leanbh, agus cuireadh ar Mháire glacadh leis go dtiocfadh a leath-dheirfiúr Eilís i gcomharbas dleatheach uirthi.[151]

Bhí Máire lag breoite ó Bhealtaine 1558 amach.[152]Bhí pian uirthi ó ghalar éigin, arbh é cisteanna ubhagáin nó ailse broinne, b'fhéidir.[153] Fuair sí bás ar an 17ú Samhain 1558, agus í 42 bliana d'aois, in St James's Palace i Westminster, i rith eipidéim fliú a mharaigh Pole freisin an lá ceannann céanna. Chuaigh Eilís i gcomharbas uirthi. Scríobh Pilib dá dheirfiúr Joan na hOstaire ón mBruiséil: "Bhí buairt réasúnta orm faoina bás."[154]

Cé go raibh sé luaite in uacht Mháire gur theastaigh uaithi bheith curtha in aice lena máthair, adhlacadh í in Abtheach Westminster ar an 14ú Nollaig, i dtuama a roinnfeadh sí le hEilís sa deireadh thiar. An inscríbhinn ar an dtuama, a cuireadh ann ag Séamas I tar éis a theacht i gcomharbas ar Eilís ná Regno consortes et urna, hic obdormimus Elizabetha et Maria sorores, in spe resurrectionis ("Céilí sinn i réimeas agus i dtuama, agus téimid Eilís agus Máire, deirfiúracha, inár luí anso sa tsúil go mbeidh aiséirí ann.").[155]

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhol John White, Easpag Winchester, Máire ar a sochraid: "Iníon rí ab ea í; deirfiúr rí ab ea í; bean chéile rí ab ea í. Ba bhanríon í, agus de bharr an teidil chéanna, ba rí í freisin."[156] Bá í an chéad bhean a rinne éileamh rathúil ar choroín Shasana í, d'ainneoin na héilimh chomhsháraitheacha a bhí ann agus gur cuireadh ina haghaidh go diongbháilte, agus bhí tacaíocht agus comhbhá aici ón bpobal sa chuid is luaithe dá réimeas, go mór mór ó Chaitlicigh Rómhánacha Shasana.[157]

Ba mhinic a cáineadh réimeas Mháire ag scríbhneoirí Protastúnacha an ama sin, agus ó shin. Faoin seachtú céad déag, tugadh an leasainm "Máire Fhuilteach" uirthi mar gheall ar a cuid géarleanúintí reiligiúnacha.[158] Rinne Iain Knox cáineadh uirthi ina leabhar féin, Céad Shéideadh an Troimpéid in Aghaidh Reisimint Arrachtach na mBan (Bearla: The First Blast of the Trumpet Against the Monstrous Regiment of Women) a foilsíodh sa bhlain 1558, agus tarcaisníodh í go feiceálach in Achtanna agus Leachtanna Cuimhneacháin (1563), le John Foxe (Béarla: Actes and Monuments). D'fhan leabhar Foxe ina leabhar a raibh an-tóir air i rith na gcéadta dár gcionn agus bhí tionchar aige ar an dearcadh leanúnach a bhí ann ar Mháire go raibh sí ina tíoránach fuilchíocrach.[159] Tugann an staraí Lucy Wooding rian den fhuath ban faoi deara i dtuairiscí ar Mháire. "Cáintear í as a bheith 'díoltasach fíochmhar' agus 'lag meatach' ag an am céanna, agus lochtaítear í as trócaire a dhéanamh ar phríosúnaigh pholaitiúla agus as údarás a ghéilleadh dá fear céile."[120]

Cuimhnítear ar Mháire san 21ú haois mar gheall ar a cuid dianiarrachtaí chun príomhacht an Chaitliceachais Rómhánaigh a athbhunú i Sasana tar éis an borradh a bhíodh ann ar thionchar an Phrotastúnachais sna réimis roimhe. Bíonn cáineadh mór ar a réimeas ag staraithe Protastúnacha le fada, iad ag tabhairt le fios go raibh na céadta Protastúnach loiscthe ag an stáca aici taobh istigh de chúig bliana féin. I lár an 20ú haois, rinne H. F. M. Prescott iarracht athrú a chur ar an dearcadh go raibh Máire éadulangach tiarnasach, agus ó shin amach bíonn an scoláíreacht ag breathnú ar a leithéid de sheanmheasúnachtaí simpli sin ar Mháire le cuid amhrais.[160] Tá cáil níos fearr uirthi ag staraithe sa lá atá inniu ann, go pointe áirithe, mar gheall ar an athbhreithniúchas staire a rinneadh ó na naoi déag ochtóidí anuas.[161] D'áitigh Christopher Haigh go raibh fáilte ag an bpobal i gcoitinne roimh an athbheochan a chuir sí ar fhéilte reiligiúnacha agus nósanna an Chaitliceachais.[162] Rinne Haigh amach "nach raibh na blianta deiridh de réimeas Mháire ina n-ullmhúchán gráiniúil ar bhua an Phrotastúnachais, ach daingniú leanúnach ar neart an Chaitliceachais."[163]

Cheap staraithe Caitliceacha mar John Lingard nár theip ar pholasaithe Mháire toisc iad a bheith mícheart, ach de bhrí go raibh réimeas róghairid aici le n-iad a bhunú, agus mar gheall ar thubaistí nádúrtha nach raibh aon neart aici chucu.[164] I dtíortha eile, bhí misinéirí Íosánacha ar thús cadhnaíochta ar an bhFrith-Reifeirméisean Caitliceach, ach dhiúltaigh píomhchomhairleoir reiligiúnach Mháire, an Cairdinéal Raghnall na hÍosánaigh a ligean isteach i Sasana.[165] Bhí míghnaoi ar a pósadh le Pilib i measc a cuid géillsineach agus ní raibh aon toradh ar a cuid polasaithe reiligiúin ach olc a bhí fréamhaithe go daingean.[166] Nuair a chaill arm Shasana Calais in aghaidh na Fraince, ba mhór an náiriú é ar uabhar na Sasanach. Mhéadaigh drochfhómhair ar mhíshástacht an phobail.[167] Chaitheadh Pilib formhór a chuid ama thar sáile, bíodh is gur fhan a bhean chéile i Sasana, rud a d'fhág dúlagar ar Mháire faoina bheith as láthair, agus baineadh dá féinmhuinín toisc nárbh fhéidir leo páistí a bheith acu. Tar éis bhás Mháire, d'iarr Pilib Eilís a phósadh, ach dhiúltaigh sí dó.[168] Cé go raibh neamhéifeacht agus míghnaoi ag baint le réimeas Mháire ar deireadh thiar, tosaíodh ar pholasaithe mar an t-athchóiriú fioscach, forbairt an chabhlaigh, agus taiscéalaíocht na gcoilíneachtaí i réimeas Mháire, arbh iad polasaithe a mholtaí le caitheamh ama mar éachtaí Eilíse.[169]

Teidil, Stíl Ainmnithe, agus Armas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Armas Mháire I, eagraithe go páilleach le harmas a fir chéile, Pilib II na Spáinne

Ar a teacht i gcoróin, forógraíodh Máire faoin stíl chéanna agus a forógraíodh Anraí VIII agus Éadbhard VI: "Máire, le grásta Dé, Banríon Shasana, na Fraince agus na hÉireann, Cosantóir an Chreidimh, agus Ard-Cheann ar Domhan ar Eaglais Shasana agus ar Eaglais na hÉireann". Bhí an teideal sin, Ard-Cheann na hÉaglaise ina theideal déistineach ag Caitlicheachas Mháire agus d'fhág sí ar lár é i ndiaidh na Nollag 1553.[170]

Faoi chonradh phosadh Mháire le Pilib, léirigh an chomhstíl oifigiúil tiarnais agus teidil Philib chomh maith lena cuid féin: "Pilib agus Máire, le grásta Dé, Rí agus Banríon Shasana, na Fraince, Napoli, Iarúsailéim, agus na hÉireann, Cosantóirí an Chreidimh, Prionsaí na Spáínne agus na Sicile, Ard-Diúic na hOstaire, Diúic Mhilano, na Burgúine agus Bhrabant, Cuntaí Habsburg, Fhlóndras agus na Tiróile".[96] D'úsáidtí an stíl seo ón mbliain 1554 anuas, ach cuireadh stíl nua ina háit nuair a fágadh coróin na Spáinne ag Pilib sa bhliain 1556, le "Pilib agus Máire, le grásta Dé, Rí agus Banríon Shasana, na Spáinne, na Fraince, an dá Shicil, Iarúsailéim, agus na hÉireann, Cosantóirí an Chreidimh, Ard-Diúic na hOstaire, Diúic na Burgúine, Mhilano agus Bhrabant, Cuntaí Habsburg, Fhlóndras agus na Tiróile".[171]

Ba é armas Mháire I an t-armas céanna a bhí á úsáid ag a cuid réamhtheachtaí go léir ó réimeas Anraí IV anuas: de réir ceathrúna, cúlra gorm, agus trí cinn de fleur-de-lys óir air chun an Fhrainc a léiriú, ansin cúlra dearg, agus trí cinn de leoin passant guardant airsean i bpáil óir chun Sasana a léiriú. Uaireanta, bhí a cuid armas eargraithe go páilleach (á léiriú taobh le taobh) le harmas a fir chéile. Ghlac sí leis an bhfrása, "An Fhírinne, Iníon Ama" (Laidin: Veritas Temporis Filia) mar mhana pearsanta.[172]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Caileandar de Pháipéir an Stáit, An Spáinn
  • Duffy, Eamon (2009). Fires of Faith: Catholic England Under Mary Tudor. New Haven, CT: Cló Ollscoile Yale. ISBN 0-300-15216-7.
  • Haigh, Christopher (1992). English Reformations: religion, politics and society under the Tudors. Oxford: Cló Clarendon.
  • Hoyle, R. W. (2001). The Pilgrimage of Grace and the Politics of the 1530s. Oxford: Cló Ollscoile Oxford. ISBN 0-19-925906-2.
  • Loades, David M. (1989) Mary Tudor: A Life. Oxford: Basil Blackwell. ISBN 0-631-15453-1.
  • Paget, Gerald (1977). The Lineage & Ancestry of HRH Prince Charles, Prince of Wales. Dún Éideann & Londain: Charles Skilton. Teimpléad:OCLC.
  • Porter, Linda (2007) Mary Tudor: The First Queen. Londain: Little, Brown. ISBN 978-0-7499-0982-6.
  • "Sweet & Maxwell's Guide to Law Reports and Statutes" (1962). London: Sweet & Maxwell's Guide. 
  • Tittler, Robert (1991). The Reign of Mary I. Dara heagrán. Londain & Nua Eabhrac: Longman. ISBN 0-582-06107-5.
  • Waller, Maureen (2006). Sovereign Ladies: The Six Reigning Queens of England. Nua Eabhrac: Cló St Martin. ISBN 0-312-33801-5.
  • Weikel, Ann (2004; eagrán ar líne 2008). "Mary I (1516–1558)" in Oxford Dictionary of National Biography Teimpléad:ODNBsub. Cló Ollscoile Oxford. Teimpléad:Doi.
  • Weir, Alison (1996). Britain's Royal Families: The Complete Genealogy. London: Pimlico. ISBN 0-7126-7448-9.
  • Whitelock, Anna (2009). Mary Tudor: England's First Queen. London: Bloomsbury. ISBN 978-0-7475-9018-7.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Waller, lch. 108
  2. Waller, lch. 16; Whitelock, lch. 9
  3. Loades, lgh. 12–13; Weir, lgh. 152–153
  4. Porter, lch. 13; Waller, lch. 16; Whitelock, lch. 7
  5. Porter, lgh. 13, 37; Waller, lch. 17
  6. Porter, lch. 13; Waller, lch. 17; Whitelock, lch. 7
  7. Loades, lch. 28; Porter, lch. 15
  8. Loades, lch. 29; Porter, lch. 16; Waller, lch. 20; Whitelock, lch. 21
  9. Hoyle, lch. 407
  10. Whitelock, lch. 23
  11. Whitelock, lch. 27
  12. Loades, lgh. 19–20; Porter, lch. 21
  13. Loades, lch. 31; Porter, lch. 30
  14. Porter, lch. 28; Whitelock, lch. 27
  15. Loades, lgh. 32, 43
  16. Domine Orator, per Deum immortalem, ista puella nunquam plorat, luaite in Whitelock, lch. 17
  17. Giles Tremlett, "Catherine of Aragon, Henry's Spanish Queen" lch. 244
  18. Tittler, lch. 1
  19. Loades, lch. 37; Porter, lgh. 38–39; Whitelock, lgh. 32–33
  20. Porter, lgh. 38–39; Whitelock, lgh. 32–33
  21. Waller, lch. 23
  22. Loades, lgh. 41–42, 45
  23. Porter, lgh. 20–21; Waller, lgh. 20–21; Whitelock, lgh. 18–23
  24. Loades, lgh. 22–23; Porter, lgh. 21–24; Waller, lch. 21; Whitelock, lch. 23
  25. Whitelock, lgh. 30–31
  26. Whitelock, lgh. 36–37
  27. Whitelock, lgh. 37–38
  28. State Papers Henry VIII, iml. 4 cuid IV (Londain, 1836), lch. 545.
  29. Mario Savorgnano, 25ú Lúnasa 1531, Calendar of State Papers, Venetian, iml. IV, lch. 682, luaite in Loades, lch. 63
  30. Porter, lgh. 56, 78; Whitelock, lch. 40
  31. Waller, lch. 27
  32. Porter, lch. 76; Whitelock, lch. 48
  33. Porter, lch. 92; Whitelock, lgh. 55–56
  34. Loades, lch. 77; Porter, lch. 92; Whitelock, lch. 57
  35. Loades, lch. 78; Whitelock, lch. 57
  36. Porter, lgh. 97–101; Whitelock, lgh. 55–69
  37. An Dochtúir William Butts, luaite in Waller, lch. 31
  38. Loades, lgh. 84–85
  39. Porter, lch. 100
  40. Porter, lgh. 103–104; Whitelock, lgh. 67–69, 72
  41. Litir ón Impire Séarlas V chuig an Banimpire Isabella, luaite in Whitelock, lch. 75
  42. Porter, lch. 107; Whitelock, lgh. 76–77
  43. Whitelock, lch. 91
  44. Porter, lch. 121; Waller, lch. 33; Whitelock, lch. 81
  45. Porter, lgh. 119–123; Waller, lgh. 34–36; Whitelock, lgh. 83–89
  46. Porter, lgh. 119–123; Waller, lgh. 34–36; Whitelock, lgh. 90–91
  47. Loades, lch. 105
  48. Madden, F. (eag.) (1831) The Privy Purse Expenses of the Princess Mary, luaite in Loades, lch. 111
  49. Porter, lgh. 129–132; Whitelock, lch. 28
  50. Porter, lgh. 124–125
  51. Loades, lch. 108
  52. Loades, lch. 114; Porter, lgh. 126–127; Whitelock, lch. 95–96
  53. Loades, lgh. 127–129; Porter, lgh. 135–136; Waller, lch. 39; Whitelock, lch. 101
  54. Loades, lgh. 126–127; Whitelock, lch. 101
  55. Whitelock, lgh. 103–104
  56. Whitelock, lch. 105
  57. Whitelock, lgh. 105–106
  58. Loades, lch. 122; Porter, lch. 137
  59. Tuairiscí comhaimseartha i mBéarla agus i Spáinnis, luaite in Whitelock, lch. 108
  60. Porter, lch. 143
  61. Waller, lch. 37
  62. Porter, lgh. 143–144; Whitelock, lch. 110
  63. Loades, lch. 120; Waller, lch. 39; Whitelock, lch. 112
  64. Loades, lgh. 137–138; Whitelock, lch. 130
  65. Loades, lgh. 143–147; Porter, lgh. 160–162; Whitelock, lgh. 133–134
  66. Porter, lch. 154; Waller, lch. 40
  67. Loades, lgh. 153–157; Porter, lgh. 169–176; Waller, lgh. 41–42; Whitelock, lgh. 144–147
  68. Porter, lch. 178; Whitelock, lch. 149
  69. Porter, lgh. 179–182; Whitelock, lgh. 148–160
  70. Porter, lch. 187
  71. Porter, lgh. 188–189
  72. Waller, lgh. 48–49; Whitelock, lch. 165
  73. Waller, lgh. 51–53; Whitelock, lgh. 165, 138
  74. Loades, lch. 176; Porter, lch. 195; Tittler, lgh. 8, 81–82; Whitelock, lch. 168
  75. Porter, lch. 203; Waller, lch. 52
  76. Loades, lgh. 176–181; Porter, lgh. 213–214; Waller, lch. 54; Whitelock, lgh. 170–174
  77. Porter, lch. 210; Weir, lgh. 159–160
  78. Waller, lgh. 57–59
  79. Waller, lch. 59; Whitelock, lch. 181
  80. Waller, lgh. 59–60; Whitelock, lgh. 185–186
  81. Whitelock, lch. 182
  82. Whitelock, lch. 183
  83. Porter, lgh. 257–261; Whitelock, lgh. 195–197
  84. Loades, lgh. 199–201; Porter, lgh. 265–267
  85. Porter, lch. 310
  86. Porter, lgh. 279–284; Waller, lch. 72; Whitelock, lgh. 202–209
  87. Waller, lch. 73
  88. Porter, lgh. 288–299; Whitelock, lgh. 212–213
  89. Porter, lch. 300; Waller, lgh. 74–75; Whitelock, lch. 216
  90. Porter, lgh. 311–313; Whitelock, lgh. 217–225
  91. Waller, lgh. 84–85; Whitelock, lgh. 202, 227
  92. Porter, lch. 269; Waller, lch. 85
  93. Porter, lgh. 291–292; Waller, lch. 85; Whitelock, lgh. 226–227
  94. Porter, lgh. 308–309; Whitelock, lch. 229
  95. Litir den 29 Iúil 1554 in Caileandar de Pháipéir an Stáit, An Spáinn, imleabhar XIII, luaite in Porter, lch. 320 agus Whitelock, lch. 244
  96. 96.0 96.1 Porter, lgh. 321, 324; Waller, lch. 90; Whitelock, lch. 238
  97. Loades, lgh. 224–225; Porter, lgh. 318, 321; Waller, lgh. 86–87; Whitelock, lch. 237
  98. Porter, lch. 319; Waller, lgh. 87, 91
  99. Porter, lch. 333; Waller, lgh. 92–93
  100. Loades, lgh. 234–235
  101. Porter, lch. 338; Waller, lch. 95; Whitelock, lch. 255
  102. Waller, lch. 96
  103. "Is cosúil nach raibh toircheas na banríona chomh cinnte agus a shíleamar": Litir an 25ú Aibreán 1554, luaite in Porter, lch. 337 agus Whitelock, lch. 257
  104. Waller, lch. 95; Whitelock, lch. 256
  105. Whitelock, lgh. 257–259
  106. Whitelock, lch. 258
  107. Waller, lch. 97; Whitelock, lch. 259
  108. Porter, lgh. 337–338; Waller, lgh. 97–98
  109. Físeán PBS
  110. Porter, lch. 342
  111. Waller, lgh. 98–99; Whitelock, lch. 268
  112. Antoine de Noailles luaite in Whitelock, lch. 269
  113. Whitelock, lch. 284
  114. Tittler, lgh. 23–24; Whitelock, lch. 187
  115. Loades, lgh. 207–208; Waller, lch. 65; Whitelock, lch. 198
  116. Porter, lch. 241; Whitelock, lgh. 200–201
  117. Porter, lch. 331
  118. Loades, lgh. 235–242
  119. Waller, lch. 113
  120. 120.0 120.1 Solly, Meilan. "Miotas 'Mháire Fuiltí'". Irisleabhar Smithsonian. 12 Márta, 2020.
  121. Whitelock, lch. 262
  122. Loades, lch. 325; Porter, lgh. 355–356; Waller, lgh. 104–105
  123. Loades, lch. 326; Waller, lgh. 104–105; Whitelock, lch. 274
  124. Duffy, lch. 79; Waller, lch. 104
  125. Porter, lgh. 358–359; Waller, lch. 103; Whitelock, lch. 266
  126. Waller, lch. 102
  127. Waller, lgh. 101, 103, 105; Whitelock, lch. 266
  128. Loades, lch. 238; Waller, lch. 94
  129. Porter, lch. 357
  130. Cé go raibh sé ina Deagánach, agus é mór le rá san Eaglais, nuair a coisriceadh ina Ardeaspag é, níor oirníodh Pole go dtí an lá roimhe sin (Loades, lch. 319).
  131. Tittler, lch. 66
  132. Porter, pp. 381–387
  133. Whitelock, lch. 288
  134. Porter, lch. 389; Waller, lch. 111; Whitelock, lch. 289
  135. Whitelock, lgh. 293–295
  136. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."" (en).
  137. Loades, lgh. 295–297; Porter, lgh. 392–395; Whitelock, lgh. 291–292
  138. Porter, lch. 393
  139. Porter, lgh. 229, 375; Whitelock, lch. 277
  140. Tittler, lch. 48
  141. Tittler, lch. 49
  142. Tittler, lgh. 49–50
  143. Porter, lch. 371
  144. Porter, lch. 373
  145. Porter, lch. 372
  146. Porter, lch. 375; Tittler, lch. 51
  147. Porter, lch. 376
  148. Porter, lch. 376; Tittler, lch. 53
  149. Porter, lch. 398; Waller, lgh. 106, 112; Whitelock, lch. 299
  150. Whitelock, lgh. 299–300
  151. Whitelock, lch. 301
  152. Loades, lch. 305; Whitelock, lch. 300
  153. Waller, lch. 108
  154. Litir ó Rí na Spáinne chuig Joan na hOstaire, Banphrionsa na Portaingéile, 4 Nollaig 1558, in Caileandar de Pháipéir an Stáit, an Spáinn, imleabhar XIII, luaite in Loades, lch. 311; Waller, lch. 109 and Whitelock, lch. 303
  155. Porter, lch. 410; Whitelock, lch. 1
  156. Loades, lch. 313; Whitelock, lch. 305
  157. Waller, lch. 116
  158. Waller, lch. 115
  159. Porter, lgh. 361–362, 418; Waller, lgh. 113–115
  160. Weikel
  161. Loades, David (1989). "Réimeas Mháire Thúdarach: Scríobh na Staire agus Taighde." (Béarla: "The Reign of Mary Tudor: Historiography and Research.") Albion 21 (4) : 547–558. online
  162. Haigh, lgh. 203–234, luaite in "Athbhunú agus Freagairt: Athléiriú ar Eaglais Mháire" (2017) le Thomas S. Freeman (Béarla: "Restoration and Reaction: Reinterpreting the Marian Church.") Iris na Staire Eaglasta (Béarla: Journal of Ecclesiastical History), dá fhoilsiú online
  163. Haigh, lch. 234
  164. Loades, lgh. 340–341
  165. Thomas F. Mayer (1996). "Triail Tola: An Cairdinéal Pole, Ignatius Loyola agus na hÍosánaigh i Sasana" (Béarla: "A Test of Wills: Cardinal Pole, Ignatius Loyola, and the Jesuits in England") in McCoog, Thomas M. (eag.) An Costas Áirithe: Edmund Campion agus na chéad Íosánaigh Shasanacha (Béarla: The Reckoned Expense: Edmund Campion and the Early English Jesuits), lgh. 21–38
  166. Loades, lgh. 342–343; Waller, lgh. 116
  167. Loades, lgh. 340–343
  168. Porter, lch. 400
  169. Tittler, p. 80; Weikel
  170. Loades, lgh. 217, 323
  171. m.sh. Waller, lch. 106
  172. Waller, lch. 60; Whitelock, lch. 310