Éadbhard VI Shasana
Cuma
Bhí Éadbhard VI (12 Deireadh Fómhair 1537 – 6 Iúil 1553) ina rí ar Shasana agus é ina bhuachaill óg. Ba é an t-aon mhac ag Anraí VIII agus tháinig sé i gcoróin nuair a bhí sé naoi mbliana d'aois. Ba é an chéad mhonarc Protastúnach ceart ar an tír sin. Bhí an tsláinte go dona aige i gcónaí agus fuair sé bás go hóg. Rinne Protastúnaigh chumhachtacha iarracht oidhreacht na corónach a aistriú go dtí bean óg darbh ainm An Bantiarna Jane Grey, ionas go bhfanfadh monarc Protastúnach i gcoróin ina dhiaidh. Bhí sí seo ina bhanríon neamhoifigiúil ar feadh naoi lá, ach theip ar an gceannairc seo ar deireadh agus tháinig deirfiúr Chaitliceach Éadbhaird, Máire I, i gcoróin.
| Is síol faoi Shasana é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
| Is síol a bhaineann leis an mBreatain Bheag é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
| Is síol faoi dhuine Éireannach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |