Séamas V, Rí na nAlbanach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Séamas V, Rí na nAlbanach
Portrait of James V of Scotland (1512 - 1542).jpg
monarc na hAlban

Meán Fómhair 9, 1513 - Nollaig 14, 1542
Séamas IV, Rí na nAlbanach - Máire I, Banríon na nAlbanach
Saol
Eolas breithe Linlithgow Palace (en) Aistrigh, 10 Aibreán 1512
Náisiúntacht Ríocht na hAlban
Bás Falkland Palace (en) Aistrigh, 14 Nollaig 1542
Áit adhlactha Holyrood Abbey (en) Aistrigh
Dùn Èideann
Muintir
Athair Séamas IV, Rí na nAlbanach
Máthair Margaret Tudor
Céile/Céilí Madeleine of Valois (en) Aistrigh  (Eanáir 1, 1537 (Ghréagóra) -
Mary of Lorraine (en) Aistrigh  (Meitheamh 12, 1538 (Ghréagóra) -
Páirtí/Páirtithe Elizabeth Bethune (en) Aistrigh
Euphemia Elphinstone (en) Aistrigh
Margaret Erskine (en) Aistrigh
Elizabeth Shaw (en) Aistrigh
Elizabeth Carmichael (en) Aistrigh
Christine Barclay (en) Aistrigh
Lady Helen Stuart (en) Aistrigh
Páistí
Siblíní
Teaghlach
Treibh Teaghlach na Stíobhartach
Oideachas
Teangacha An Albainis
An Béarla
Gairm
Gairm file agus uasal
Duaiseanna
Cleamhnú
Reiligiúin Caitliceachas

Bhí Séamas V (c. 10 Aibreán, 1512 - 14 Nollaig, 1542) ina Rí na hAlban ón dáta 9 Meán Fómhair, 1513 go dtí a bhás roimh am ag aois a tríocha, a lean briseadh na nAlbanach ag Cath Bhlàr Shalmhaigh. Ba í Máire an t-aon leanbh dlisteanach marthanach a bhí ag an Rí Séamas V. Ní raibh sí ach 6 lá d'aois, nuair a fuair a hathair bás, agus rinneadh Banríon na nAlbanach dí.

Luthshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mac Rí Séamas IV na nAlbanach, agus an bhanphrionsa Margaret Túdar Shasana, rugadh é ar an 10ú Aibreán, 1512, i bPálás Ghleann Iucha, Labhdaidh an Iar, agus bhí se díreach 17 mhí déag d'aois nuair a maraíodh a athair ag Cath Flodden Field ar an 9ú Meán Fómhair 1513. Tháinig sé i gcoróin sa Séipéal Ríoga i gCaisteal Sruighlea, ar an 21ú Meán Fómhair, 1513. Le linn a óige, rialaigh leasríthe an tír, ar dtús ba ea an chéad leasraí ná a mháthair, Margaret Túdar (deirfiúr an Rí Anraí VIII Shasana), go dtí gur athphós sí an bhliain dár gcionn, agus ina dhiaidh sin b'é John Stewart, 2nd Diúc Albany, a bhí ina leasraí. B'é John Stewart an dara duine le teacht i gcomharbacht ar Séamas V, i ndiaidh Alexander Stewart, deartháir óg an Rí. Sa bhliain 1525, ghlac Archibald Douglas, an 6ú Iarla Aonghas, leasathair an rí óg Séamas faoi choimeád, agus bhí sé mar phríosúnach fíorúil ar feadh trí bliana, a fheidhmiú cumhachta ar a son. D'éalaigh Séamas sa deireadh thiar thall sa bhliain 1528 agus coinneáil sé féin an tsriain chumhachta as sin amach.