Titian
Appearance
Péintéir Veinéiseach, a rugadh i bPieve di Cadore na hIodáile ab ea Tiziano Vecelli nó Tiziano Vecellio (c 1490 – 27 Lúnasa 1576). Titian a thugtar air níos minice inniu; da Cadore a thugtaí air de ghnáth lena bheo. An péintéir is cáiliúla sa 16ú céad ba ea é, b'fhéidir.
Phéinteáil sé 3 shaothar cháiliúla ar ábhair mhiotaseolaíocha do Dhiúc Ferrara: Festa della amorini (Féile na Leannán, c 1515-1518), Baccanale degli Andrii (Féasta na nDéithe, c 1518), agus Bacco e Arianna (Bacas is Airianna, c 1523).
I measc a shaothar cáiliúil níos déanaí, tá
- Eoin Baiste, sa bhliain 1540.[1]
- Ecce Homo (Féach ar an Duine, 1543), agus
- Incorazione di spine (Corónú na Spíon, c 1570).[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Saint John the Baptist (Titian)" (as en) (2020-01-05). Wikipedia.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Titian". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 665.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |