Máire I, Banríon na nAlbanach
Bá í Màiri (Máire), Banríon na nAlbanach nó Màiri I, (Béarla: Mary Queen of Scots, Fraincis: Marie Stuart) (8 Nollaig 1542 - 8 Feabhra 1587) Banríon na hAlban, ón 14 Nollaig 1542 go 24 Iúil 1567[1].
Ba í Máire an t-aon leanbh dlisteanach marthanach a bhí ag an Rí Séamas V. Bhí sí 6 lá d'aois nuair a fuair a hathair bás agus rinneadh Banríon na nAlbanach di. Ghlac a máthair, Marie de Guise (Gaeilge na hAlban: Màiri de Guise) an leasríocht agus fuair a hiníon an Choróin naoi mí ina dhiaidh sin.
Phós sí François, Dauphin na Fraince, a tháinig i gcoróin François II, sa bhliain 1559. Mar sin féin, ní raibh Màiri ina Banríon na Fraince le fada; fágadh ina baintreach í an 5 Nollaig 1560 nuair a fuair a fear céile bás.
D'fhill Màiri ar ais go hAlbain, ag teacht i dtír i Lìte (nó 'Leith', sa Bhéarla) ar an 19 Lúnasa, sa bhliain 1561. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, phós sí a col ceathrar, Henry Stuart, Tiarna Darnley. Bhí aontas míshásta acu agus i mí Feabhra na bliana 1567, fuarthas Darnley marbh sa ghairdín ag Kirk o'Field, tar éis pléascadh ollmhór sa teach.
Phós sí James Hepburn, an 4ú Iarla Bothwell, go luath ina dhiaidh sin. Creidtear go raibh Hepburn freagrach as an Tiarna Darnley a dhúnmharú. Tar éis éirí amach in aghaidh na lánúine, príosúnaíodh Màiri i gCaisleán Loch Lìobhann, ar an 15 Meitheamh agus cuireadh iachall uirthi éirí as mar bhanríon, i bhfabhar a mic, nach raibh ach aon bhliain d'aois, Séamas VI.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- an Rí Séamas V
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Mabel Banfield-Nwachi, Hannah Devlin (2023-02-08). "Mary, Queen of Scots prison letters finally decoded" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-02-09.