Séamas VI, Albain agus Séamas I, Sasana agus Éire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Séamas VI agus I
Rí na nAlbanach, na hÉireann agus Shasana
JamesIEngland.jpg
Séamas VI/I ón tréimshe idir 1603–1613. Portráid le Paul van Somer I (1576–1621)
Réimeas Albain: 15671625
Sasana/Éire: 16031625
Dáta breithe 19 Meitheamh, 1566
Áit bhreithe Dún Éideann, Albain
Dáta báis 27 Márta, 1625
Áit bháis Hertfordshire, Sasana
Réamhtheachtaí Albain: Màiri I, Banríon na nAlbanach


Sasana/Éire: Eilís I

Comharba Séarlas I
Rítheaghlach Stíobhart
Céile Áine na Danmhairge

Ba rí Briotanach é Séamas (19 Meitheamh, 156627 Márta, 1625). Séamas VI an t-ainm a bhí air mar Rí na nAlbanach, agus Séamas I mar rí Shasana.

Óige[athraigh | edit source]

Mac le Máire I, banríon na nAlbanach agus leis an Tiarna Darnley ab ea é. Col ceathrair le Máire ab ea í Eilís I, banríon Shasana, agus b'í Eilís máthair bhaistí Shéamais. Bhí Máire ina Caitliceach, ach ós rud é gur Protastúnaigh ab ea iad na tiarnaí Albanacha, bhí a lán cogaidh agus coimhlinte ann. Nuair a bhí Máire torrach le Séamas, chuaigh cuid de na tiarnaí i gcomhcheilg le David Rizzio a dhúnmharú. Rúnaí agus cara le Máire ab ea é Rizzio. D'fheall Darnley ar a bhean, agus bhí Séamas agus a mhathair i gcontúirt i dtólamh. Sa deireadh, dúnmharaíodh Darnley féin, agus phós Máire an dúnmharfóir, an Tiarna Bothwell, ach bhí fearg agus frustrachas ar na tiarnaí Albanacha anois, agus caitheadh Máire i dtóin an phríosúin. Ghair na tiarnaí rí de Shéamus, cé nach raibh sé ach aon bhliain amháin d'aois.

Ard rí Alban agus Triath nan Eilean 1567–1625[athraigh | edit source]

Bhí an choróin ag an mbuachaill, ach bhí an chumhacht ag na tiarnaí agus ag airíoch an rí. Bhí a lán uisce faoi thalamh ar siúl in aghaidh Shéamais, ach tháinig sé slán. Chuir Séamas an Tiarna Morton, an t-airíoch, chun báis sa bhliain 1581, agus fuair sé seilbh cheart ar an ríchathaoir faoi dheoidh. Bhí sé cúig bliana déag d'aois san am, agus comhcheilgí eile ag bagairt air sna blianta a bhí le teacht. Tríd is tríd, bhí blianta a óige lán contúirte agus dhoirteadh fola.

Rí Shasana agus na hÉireann 1603–1625[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1586, chuir Eilís a col ceathrair, Máire, chun báis. Ó nach raibh clann ar bith ag Eilís, ba é Séamas a bhí ar an chéad oidhre ar choróin Shasana, de réir an chomharbais. Sa bhliain 1603, fuair Eilís I bás, agus fuair Séamas coróin Shasana mar ba dhual dó. Tugadh Séamas I air, mar Rí Shasana. Aontas pearsanta idir Sasana agus Albain a bhí ann ansin, ach níor tháinig an t-aontas polaitiúil ar an bhfód roimh an mbliain 1707.

Ní raibh tuairim láidir ag Séamas i leith an chogaidh chreidimh ar dtús, ach sa bhliain 1605, rinne baicle Chaitliceach, agus fear arbh ainm dó Guy Fawkes i ceannas orthu, iarracht ar é a dhúnmharú, is é sin, Comhcheilg an Phúdair Ghunna. Ina dhiaidh sin, chuir Séamus an Caitliceachas faoi chois.

Bhí Cogadh an Tríocha Bliain ar siúl san Eoraip ar na saolta sin, agus Albain is Sasana ag tacú le taobhanna contrártha sa chogadh.

Bhí Séamas agus an Pharlaimint in achrann a chéile fad a D'éirigh eatarthu idir Séamas agus an Parlaiminte fad a réimis.

Saol agus Clann[athraigh | edit source]

Phós Séamus Áine, Banphrionsa na Danmhairge agus na hIorua, sa bhliain 1589. Bhí cúigear clainne acu. An mac ba sine a bhí acu, mar atá, Anraí, fuair sé bás in aois a ocht mbliana déag dó.

Cailleadh Áine sa bhliain 1619 agus Séamus féin sa bhliain 1625. Thit an choróin lena mac, Séarlas I, ansin.