Fliú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fliú

Galar géar riospráide víreasach is ea an fliú, le casacht, aerphasáistí plúchta, tinneas cinn, fiabhras, agus pianta sna matáin[1].

Tréithe[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is breoiteacht an-tógálach é an fliú. Scaipeann an víreas tríd an aer nó trí thadhall, agus go minic cuireann tús le heipidéim nó paindéim, fiú. Déanann iompróir an víreas a scaipeadh ar dhaoine eile trí chasachtach nó trí shraotha. Is féidir le hiompróir an víreas a scaipeadh lá nó dhó sula bhfaigheann siad féin siomptóim nó suas le seachtain ina dhiaidh.

géineolaíocht

Buaileann siomptóim an fhliú go tobann agus bíonn fiabhras agus pianta sna matáin ag gabháil leis. Tosaíonn slaghdán diaidh ar ndiaidh le siomptóm ar nós scornach tinn agus srón ag silleadh/srón plúchta.

Eipidéimeolaíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tarlaíonn mortlaíocht shuntasach dá bharr, agus daoine óga, seandaoine, is daoine éineartaithe, ag fáil bháis go háirithe.

Go minic bíonn sé deacair idirdhealú idir gnáthshlaghdán agus an fliú. Níl slaghdán leath chomh dian mar ghalar is atá an fliú.

Vacsaíniú

Vacsaíniú[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ní éiríonn le vacsaíniú i gcónaí, de bhrí go n-athraíonn na víris ina gcineálacha eile le hairíonna difriúla imdhíonachta.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí an fliú ar eolas ag lianna sa tSín sa 12ú céad.

I bpaindéim 1918, fuair 2 5 milliún duine bás ar fud an domhain.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)