Matán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtMatán
Sonraí
Laidinsystema musculare
Aitheantóirí
MeSHD009132
TAA04.0.00.000
FMA30316 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/muscle
Téarmaíocht anatamaíoch


Na matáin ar gcúl.

Is éard is matán ann (ón Laidin musculus) ná fíochán crapthach ainmhithe a d'éirigh ón tús ó chiseal méisideirmeach ghaschealla suthacha. Bíonn filiméid chrapthacha sna matánchealla a bhogann thart ar a chéile agus a athraíonn méid na gceall. Tá siad aicmithe mar mhatáin cnámharlacha, cairdiacha, agus míne. Is í an fheidhm atá acu ná fórsa a tháirgeadh agus gluaisne a chur ar bun. Is féidir le matáin an orgánach féin nó na horgáin inmheánacha a bhogadh. Tarlaíonn crapadh sna matáin cairdiacha agus míne gan smaoineamh comhfhiosach agus bíonn an cur chuige seo riachtanach don bheatha. Mar shampla, crapann an croí agus iompraíonn bia ó bhéal go goile trí imfháscadh (gníomhaíocht mhatánach). Úsáidtear crapadh deonach na matán cnámharlacha chun an corp a bhogadh agus is féidir iad a rialú go mion.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]