Víreas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Baineann an t-alt seo le caithnín bitheolaíochta togálach; don téarma ríomhaireachta, féach ar víreas ríomhaireachta.
Trí chineál víreas: an baictéarafagach ar chlé, víreas ainmhíoch thuas ar dheis, reitrivíreas thíos ar dheis

Is é is víreas ann ná cáithnín micreascópach - is é sin, neach beag nach féidir a aithint gan dul i muinín micreascóip - atá in ann cealla an bheothaigh a thruailliú nó a ionfhabhtú. An focal féin víreas, tá sé bunaithe ar an bhfocal Laidine virus a chiallaíonn "nimh" sa bhunteanga. Tá na víris an-phrimitíbheach mar neacha beo, nó níl siad ábalta iad féin a atáirgiú as a stuaim féin: caithfidh siad teacht trasna ar chill óstaigh agus gléas atáirgthe na cille sin a shealbhú is a úsáid le tuilleadh víreasanna den chineál chéanna a chlannú. Go bunúsach, níl sa víreas ach an t-ábhar géiniteach - oideas atáirgthe an víris - agus an "caipsídeach" ina thimpeall, is é sin, sciath chosanta atá comhdhéanta as próitéin. Tá na víris ábalta orgánaigh de chineálacha éagsúla a ionfhabhtú, idir dhaoine, ainmhithe, phlandaí agus fiú baictéir - "baictéarafagaigh" a thugtar ar víris a ionfhabhtaíonn baictéir.

Tá sé ina ábhar conspóide, an féidir a rá gur neacha beo iad na víris ar aon nós. An chuid is mó de na víreaseolaithe, tá siad den tuairim nach bhfuil siad beo, ós rud é nach sásann siad gach critéar. Tá siad cosúil leis na seadáin éigeanta incheallacha, ós rud é nach bhfuil siad ábalta iad féin a atáirgiú taobh amuigh de chealla óstaigh, ach murab ionann agus seadáin sin, ní ghlactar leis na víris mar fhíor-orgánaigh bheo de ghnáth. Is é is príomhchúis leis seo ná nach bhfuil cillscannán ag na víris, agus, thar aon rud eile, nach bhfuil meitibileacht ar bith ag na víris - ní bhíonn siad ag ithe a dhath ná ag tál aon chineál eisfheartha, agus ní bhionn siad ag tarraingt anála ná ag déanamh fótaisintéise.

Fionnachtain[athraigh | edit source]

Bíonn na galair víreasacha ag luí ar na daoine leis na cianta cairbreacha anuas, - is maith an sampla é an confadh - ach níor tháinig borradh ceart ar an taighde víreaseolaíochta ach le déanaí. Sa bhliain 1717, chuir Mary Montagu, bean chéile an ambasadóra Shasanaigh in Impireacht na Tuirce, sonrú sa dóigh a mbíodh na mná áitiúla ag ionaclú a gclainne in aghaidh bholgach Dé. I ndeireadh na hochtú haoise déag, thug Edward Jenner faoi deara go raibh cailín darbh ainm Sarah Nelmes fágtha díonta ar bholgach Dé i ndiaidh di bolgach na mbó a tholgadh, galar a bhí cosúil le bolgach Dé cé nach raibh sé chomh dainséarach céanna don duine. Inniu, tá a fhios againn go bhfuil an dá víreas - bolgach Dé agus bolgach na mbó - gaolmhar le chéile.

I ndeireadh na naoú haoise déag, d'fhorbair Charles Chamberland scagaire poircealláin le staidéar a dhéanamh ar víreas mósáiceach an tobac, an chéad víreas a bhfuair an cine daonna amach faoi. Tarraingíonn an víreas seo galar ar an bplanda tobac a fhágann coirt liathbhán ar dhuilleoga an phlanda. Go gairid i ndiaidh obair Chamberland, d'fhoilsigh Dimitri Ivanovski torthaí a chuid turgnamh, a thaispeáin go raibh tolgadh in úscadh na nduilleog galraithe tobac fiú nuair a cuireadh an t-úscadh trí scagaire a bhí in ann cáithníní ar cóimhéid le baictéar a bhaint de. De réir a chéile, tháinig an tuiscint ag na taighdeoirí nárbh iad na baictéir an t-aon chineál síol galair a bhí ann. B'é an micribhitheolaí Ollannach Martinus Beijerinck a chum is a cheap an téarma "víreas".

I dtús na fichiú haoise, fuair Frederick Twort amach go raibh na víreasanna in ann baictéir a ionsaí is a ghalrú. Léirigh Felix d'Herelle, agus é ag obair go neamhspleách, go raibh ullmhóid víreasanna in ann spotaí de chealla marfa a fhágáil ar chillsaothráin a bhí spréite go tanaí ar phlátaí agair. Nuair a d'áirigh d'Herelle an t-achar den tsaothrán a bhí marbh, bhí sé ábalta meastachán a thabhairt ar líon na víreasanna san fhuaidreán. Sa deireadh, sa bhliain 1935, chriostalaigh Wendell Stanley an víreas mósáiceach, agus fuair sé amach gur próitéin ba mhó a bhí ann. Go gairid ina dhiaidh sin, bhí saineolaithe eile in ann an phróitéin a scaradh ón aigéad núicléasach.

Bunús[athraigh | edit source]

Níl a fhios go cruinn ag aon duine cad é mar a tháinig an chéad víreas riamh ar an bhfód, agus is féidir, fiú, nach ionann an dóigh ar fhorbair na víreasanna éagsúla. Ní dineasáir iad na víreasanna a d'fhágfadh iarsmaí so-aitheanta iontaisithe ina ndiaidh, agus mar sin, is iad na teicníochtaí móilíneacha (is é sin, taighde ar cheimic nó ar bhithcheimic na víreasanna) is mó a chuidíonn lionn tuiscint a fháil ar fhorbairt agus ar éabhlóid na víreasanna. Agus an dóigh a bhfuil sainaithint na micriontaisí ag dul i bhfeabhas, is féidir go mbeimid in ann, an lá is faide anonn, fianaise iontaisithe a aithint ón Ré Aircéach nó Phrótarasóch. Seo iad an dá phríomh-hipitéis le míniú a thabhairt ar bhunús na víreasanna:

  • Na víreasanna beaga nach bhfuil ach cupla géin iontu, is féidir gur píosaí aigéid núicléasaigh atá iontu a tháinig as géanóm orgánaigh bheo de chineál éigin. Bíonn eilimintí géiniteacha ann cosúil le plasmaidí agus trasuíteáin - "géinte preabacha" - atá ábalta gluaiseacht timpeall ó ghéanóm go géanóm, agus is dócha gur eilimintí den chineál seo a bhí sna víreasanna beaga i dtosach báire.
  • Na víreasanna a bhfuil géanóm mór acu, ar nós na víreasanna bolgaí, is dócha gur cealla beaga a bhí iontu ar dtús agus iad ina bparaisítí ag teacht i dtír ar chealla móra óstaigh. I rith an ama, chaill siad na géinte nach raibh riachtanach ag an bparaisít i bpróiseas sruthlínithe ar a dtugtar "éabhlóid ar gcúl". Déanann na baictéir úd Rickettsia agus Clamaidia fianaise leis an hipitéis seo. Is cealla beo iad, cosúil leis na gnáthbhaictéir, ach cosúil leis na víreasanna, níl siad ábalta clannú a dhéanamh ach amháin taobh istigh de chealla óstaigh. Is féidir gur chaill siad na géinte a cheadaigh dóibh maireachtáil taobh amuigh de chealla óstaigh, ó nach raibh a leithéidí de dhíth ar an bparaisít.

Tá cáithníní ionfhabhtaíocha ann atá níos simplí ina struchtúr fós ná na víreasanna, mar atá, víreoidigh, satailítí, agus prióin.

Struchtúr[athraigh | edit source]

Níl i gcáithnín iomlán víris, nó i vírión, ach gléas leis na géinte a iompar. Tá an t-aigéad núicléasach ann, is é sin, an t-oideas le tuilleadh víreasanna den chineál chéanna a tháirgiú, agus é dúnta isteach sa chaipsídeach as na cineálacha próitéine a táirgíodh de réir an chóid san aigéad núicléasach céanna. Na prótaiméirí, is é sin, na próitéiní a tháirgítear, is dual dóibh dul le chéile le caipsídeach nua a chruthú. Go ginearálta, ní bhíonn cuidiú ar bith de dhíth leis an gcaipsídeach a chur i dtoll le chéile as na prótaiméirí, ach tá víreasanna ann freisin a tháirgíonn próitéiní speisialta leis an gcaipsídeach a chóimeáil. Na próitéiní a théann leis an aigéad núicléasach, tugtar núicleapróitéiní orthu, agus is é an núicleacaipsídeach an slánaonad atá cóimeáilte as an gcaipsídeach agus as an aigéad núicléasach.

Ó thaobh na foirme de, tá ceithre chineál víreasanna ann: na cinn héiliciúla, na cinn icisihéadrúla, na cinn imchlúdaithe agus na cinn choimpléascacha.

  • Is iad na víreasanna héiliciúla an tíopa is simplí acu ar fad. Níl i vírión den saghas héiliciúil go bunúsach ach héilics - cosúil le "staighre bíseach" - atá casta thart timpeall ar an aigéad núicléasach mar a bheadh píopa ann. Tá na vírióin ag breathnú cosúil le maidí, mar sin, agus má tá siad fada, ní mór dóibh bheith inaclaithe freisin, le nach mbrisfidís faoi bhrú na n-imthoscaí. Víreas héiliciúil is ea é an víreas mósaíceach tobac, mar shampla, ar chuir na chéad víreaseolaithe an oiread sin spéise ann.
  • Na víreasanna icisihéadrúla, shílfeá ar dtús go bhfuil siad sféarúil - cosúil le liathróid - ina gcosúlacht, ach le fírinne, tá siad níos cosúla le liathróid sacair: fuaitear an liathróid sacair le chéile as píosaí beaga leathair a bhfuil an déanamh céimseatach céanna orthu ar fad, agus sin é an chuma atá ar thaobh amuigh an víris icisihéadrúil freisin. Freagraíonn na "píosaí leathair" do na caipsiméirí, sórt plátaí próitéine a théann le chéile le caipsídeach a dhéanamh.
  • Maidir leis na víreasanna imchlúdaithe, tá imchlúdach lipide ina dtimpeall - is é sin, taobh amuigh den chaipsídeach féin - atá cosúil le cillscannán. Cillscannán atá ann dáiríre, agus é "goidte" ón gcill óstaigh inar táirgíodh an vírión. An gléas próitéine atá riachtanach leis an scannán a ghoid, áfach, is cuid d'oideas an víris féin é. Cuidíonn an cillscannán seo leis an vírión cill nua a ionfhabhtú, ós rud é nach n-aithníonn córas cosanta na cille gur namhaid atá i gceist. Víreas imchlúdaithe is ea é an VEID, an víreas easnaimh imdhíonachta daonna, arb é iompróir an tsiondróim easnaimh imdhíonachta fhaighte (SEIF) é.
  • Na víreasanna coimpléascacha, arís, is víreasanna iad a bhfuil struchtúr níos casta acu, agus saintréithe an chéad dá ghrúpa ag baint leo. Creidtear, mar shampla, go bhfuil bacáin ag baictéarafagaigh áirithe a chuireann ar a gcumas greamú de dhromchla an bhaictéir. Ansin, steallann siad an t-aigéad núicléasach isteach sa bhaictéar.

Méid[athraigh | edit source]

Má chuirtear an gnáthvírión i gcomparáid le dreancaid, is ionann é agus duine a chur i gcomparáid le sliabh atá oiread eile níos airde ná Sliabh Everest. Tá filivíreasanna (víreasanna san fhine úd Filoviridae, cosúil le víreas míchlúiteach Ebola) ann atá, fiú, 1400 nanaiméadar ar fad, cé nach bhfuil an caipsídeach ach timpeall ar 80 nanaiméadar ar trastomhas. An chuid is mó de na víreasanna, tá siad chomh beag is nach féidir iad a aithint faoin ngnáthmhicreascóp, agus is gá dul i dtuilleamaí an leictreonmhicreascóip, a bhfuil taifeach i bhfad níos fearr aige. Sa bhliain 1992, thángthas trasna ar víreas de chineál nua, an mímivíreas (Acanthamoeba polyphaga mimivirus nó APMV), atá i bhfad níos mó agus níos casta ina struchtúr ná na gnáthvíreasanna, ionas gur síleadh ar dtús gur baictéar a bhí ann. Tá an mímivíreas ina ábhar mór suime ag na saineolaithe, ó chreidtear gur cineál lúb ar lár idir an víreas agus an baictéar é a d'fhéadfadh léargas nua a thabhairt ar chéadfhorbairt na beatha i dtús ama. Tá an mímivíreas timpeall ar 600 nanaiméadar ar trastomhas.

Ábhar Géiniteach[athraigh | edit source]

Bíonn an dá chineál aigéad núicléasach - idir aigéad dí-ocsairibeanúicléasach (ADN, nó DNA as Béarla) agus aigéad ribeanúicléasach (ARN, nó RNA as Béarla) - ar fáil i ríocht na víreasanna, cé nach mbíonn ach aon chineál amháin in aon víreas amháin. Ceann de na heisceachtaí is ea é citimeiglivíreas an duine, a bhfuil idir aigéad dí-ocsairibeanúicléasach ann, mar chroíleacan, agus aigéad ribeanúicléasach a dhéanann gnó an teachtaire (teachtaire ARN). Is féidir nach bhfuil ach aon dual amháin in aigéad núicléasach an víris, ach is féidir dó freisin go bhfuil dhá dhual ann. An cineál aigéad núicléasach atá i víreas áirithe, tá sé ag brath ar an gcineál víreas atá ann, ach is é an DNA dédhualach a bhíonn sna baictéarafagaigh de ghnáth, agus is é an tARN aondualach a bhíonn i víreasanna na bplandaí.

Maidir leis an oiread ábhair agus atá sa ghéanóm, bíonn sé sách éagsúil freisin. Na víreasanna is simplí, ní bhíonn siad ach milliún daltún ar meáchan, agus níl iontu ach oideas ceithre chineál próitéine. Na cinn is mó, tá a ngéanóm céad uair níos troime ná sin, agus iad ábalta níos mó ná céad próitéin éagsúla a tháirgiú. Bíonn núicléitídí neamhghnácha in aigéid núicléasacha na víreasanna uaireanta. Mar shampla, tá víreasanna ann a bhfuil hiodrocsaimeitilcíotóisín iontu in áit na cíotóisíne.

Na víreasanna nach bhfuil d'aigéad núicléasach acu ach an tARN, deirtear go bhfuil duail dhiúltacha nó duail dheimhneacha aigéid núicléasaigh acu. Is é atá i gceist le diúltacht nó deimhneacht an duail ná an bhaint atá aige leis an ARN a úsáidtear mar theachtaire (mRNA). Is ionann an dual deimhneach agus an teachtaire ARN, agus nuair a sháitear isteach sa chill óstaigh é, is féidir leis an gcill sin é a aistriú - an chiall a bhaint as - ar an toirt agus bun a chur le vírióin nua. Más dual diúltach atá ann, tá gá le heinsím den chineál ar a dtugtar polaiméaráis ARN leis an aigéad núicléasach a iompú go foirm atá ábalta eolas a iompar agus feidhmiú mar oideas atáirgthe.

Deirtear go bhfuil na géanóim dhédhualacha RNA go léir agus cuid de na géanóim aondualacha ARN roinnte ina ndeighleáin, is é sin, ina gcodanna scartha. Is féidir le gach deighleán aon phróitéin amháin a chódú, agus iad go léir le fáil in éineacht in aon caipsídeach amháin. Le go mbeadh an víreas iomlán in ann galar a iompar agus a tharraingt, ní chaithfidh na deighleáin go léir a bheith in aon vírión amháin, áfach.