Víreas easpa imdhíonachta daonna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarVíreas easpa imdhíonachta daonna
cuir in eagar
Cineál orgánaigh a bhfuil an t-ainm céanna orthu Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
Éifeacht SEIF agus human immunodeficiency virus infectious disease (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana 0269753 Cuir in eagar ar Wikidata
Patient UK human-immunodeficiency-virus-hiv Cuir in eagar ar Wikidata
MeSH D006678 Cuir in eagar ar Wikidata

Is é an víreas Víreas easpa imdhíonachta daonna (VEID nó HIV i mBéarla) atá taobh thiar den ghalar SEIF (AIDS).[1] .

Víreas casta athraitheach is ea é, an reitrivíreas is bun le SEIF, a lagaíonn cumas an chórais imdhíonaigh an cholainn a chosaint.[2]

Bronnadh an Duais Nobel ar Luc Montagnier sa bhliain 2008

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

An chuid is mó de na saineolaithe, tá siad barúlach gur tháinig an VEID ar an bhfód san Afraic, taobh theas den tSahára, san fhichiú haois.  

Rinne Luc Montaigner agus Françoise Barré-Sinoussi taighde san Institut Paster sa Fhrainc agus tháinig siad ar VEID sna blianta 1983/1984 (bronnadh an Duais Nobel orthu sa bhliain 2008).

Ar 23 Aibreán 1984, bhí preasócáid ag Margaret Heckler, aire sláinte de chuid na Stát Aontaithe,[3][4] D'fhógair sí gur thángthas ar VEID, cúis leis an ngalar SEIF,[5] agus go raibh scrúdú acu chun SEIF a aimsiú, go cinnte dearfa faoi dheireadh.[6]

Eipidéimeolaíochtː HIV-AIDS (2020)

Eipidéimeolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Inniu, is galar paindéimeach é an VEID, agus sa bhliain 2020,[7] meastar go raibh tolgadh an víris faighte ag corradh is 38.6 milliún de dhaoine ar fud an domhain. Fuair níos mó 1.6 milliún duine ar fud an domhain an VEID sa bhliain 2016.[8]

an Roinn Sláinte, SAM, 1991
London Lesbian and Gay Switchboard,, 1992

Cúiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tolgtar an víreas i dteagmháil dhíreach na seicne múcasaí nó shruth na fola le sreabhán coirp a bhfuil an víreas ann, cosúil le fuil, seamhan, sreabhán faighne, sreabhán réamhsheamhain, agus bainne cíche. Is féidir don teagmháil seo titim amach má sháitear an t-orgán gnéis san fhaighin, san anas nó sa bhéal. Is féidir, fosta, don fhuilaistriú an víreas a thabhairt ó dhuine go duine.

Baineann an priacal céanna leis an dóigh a n-úsáideann na handúiligh dhrugaí an tsnáthaid chéanna leis an druga a instealladh, nó ligeann sé do shruth fola na ndaoine éagsúla teacht i dteagmháil le chéile. Is féidir don víreas dul ón máthair go dtí an páiste nuair atá sí ag iompar clainne, ag breith an linbh nó ag tabhairt cíche dó.

Ionfhabhtú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an SEIF an dóigh is tromchúisí ar féidir don ionfhabhtú leis an VEID teacht chun solais. Reitrivíreas is ea an VEID is mó a ionfhabhtaíonn comhchodanna ardtábhachtacha an chórais imdhíonachta, cosúil leis na cealla CD4+ T (sórt T-chealla iad seo), macrafagaigh agus cealla deindríteacha. Díothaíonn an VEID na cealla CD4+ T go díreach agus go hindíreach, agus ní féidir don chóras imdhíonachta oibriú i gceart in uireasa na gceall seo. Nuair nach bhfuil oiread is 200 cill den chineál seo fágtha i ngach micrilítear fola, tá an imdhíonacht cheallach caillte, agus an SEIF ar na bacáin. I ndiaidh an chéad ionfhabhtú géar, is dual don VEID é féin a choinneáil faoi cheilt ar feadh tamaill, go dtí go dtiocfaidh na chéad luathairíonna chun solais. Ina dhiaidh sin, iompóidh an t-ionfhabhtú ina ShEIF, a bheidh inaitheanta ar an mbeagán ceall den chineál CD4+ T a fhanfaidh san fhuil, chomh maith le hionfhabhtuithe ar leith a bhíonn coitianta ag na hothair SEIF.

Thairis sin, an duine a raibh an eitinn, cuir i gcás, ina leannán air sular bhuail an VEID é, agus é ina chónaí i dtír thearcfhorbartha ar bheagán dochtúirí, beidh sé i bhfad níos measa as ná an duine folláin a raibh teacht aige ar dhochtúirí ó rugadh é. Tá oidhreacht ghéiniteach an othair tábhachtach freisin, chomh maith leis an tréithchineál den víreas a tholg sé. Tá a leithéid de riocht ann agus CCR5-Δ32. Is é an rud atá i gceist leis an gcód aisteach seo ná cineál sóchán nó éalang ghéiniteach a fhágann a lorg ar chóras imdhíonachta an duine. Cé gur riocht díobhálach é go bunúsach, fágann sé an t-othar díonta ar thréithchineálacha áirithe den víreas. Bíonn tréithchineálacha éagsúla den víreas ann, agus cuid acu ag dul i gcion ar an orgánach daonna níos sciobtha ná an chuid eile.

an Roinn Sláinte, SAM, 1990idí

Tástáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Duine as gach beirt, a bheag nó a mhór, dá bhfuil ionfhabhtaithe leis an VEID, níl a fhios acu an galar a bheith orthu ar aon nós sula dtaispeánann an tástáil é. An fhuil a fhaightear ó na deontóirí agus na táirgí fola a úsáidtear sna hospidéil agus sa taighde, cuirtear tástáil den chineál sin i bhfeidhm orthu le teacht ar an truailliú in am.

Tá na modhanna tipiciúla tástála dírithe ar antasubstaintí an VEID a aithint ar shreabháin choirp na n-othar. Agus an méid sin ráite, bíonn sé difriúil ag na daoine éagsúla cé chomh fada a thógann sé orthu antasubstaintí a fhorbairt a bheadh inaitheanta sa tástáil. Mar sin, níl sé as an ngnáth nach mbeadh na hantasubstaintí ann ach leathbhliain, nó fiú bliain, i ndiaidh an tolgtha.

Tá gléas tástála le ceannach a aithníonn aigéad ribeanúicléasachaigéad dí-ocsairibeanúicléasach an VEID sula dtagann na hantasubstaintí ar an bhfód ar aon nós. Ní ghlactar leis na measúnachtaí seo go hoifigiúil le haghaidh diagnóis an ionfhabhtaithe VEID, ach mar sin féin, baintear úsáid astu go forleathan sna tíortha forbartha.

Leigheas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl leigheas ar bith ann faoina choinne (ach tá drugaí ar fáil a choinníonn SEIF faoi smacht sa chorp). Cé gur féidir an víreas a choinneáil siar le cóireáil, níl leigheas ann a ruaigfeadh as orgánach an othair é.

Má úsáidtear cógaisí frith-reitrivíreasacha in am, is ea is faide a bheifear ábalta an SEIF a mhoilliú agus an t-othar a choinneáil beo breabhsánta.

Cosc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Vacsaín[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chun cosc a chur ar scaipeadh an víris tá vacsaín de dhíth.[8] Ach, níl vacsaín ar fáil chun daoine a chosaint ón víreas. Tá taighde go leor déanta ó na 1980idí.[9] Ar an drochuair, bíonn an cóta atá thart ar HIV déanta den phróitéin Env agus é ag athrú go minic. Dá bharr sin níor éirigh le taighdeoirí vacsaín éifeachtach a fhorbairt le Env amháin.[8]

PrEP[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is éard atá i gceist leis an gclár PrEPpróifiolacsas réamhnochta ná úsáid réamhchoisctheach a bhaint as cógais frith- víreasacha chun ionfhabhtú VEID a chosc   

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. siondróm easpa imdhíonachta faighte (SEIF nó AIDS i mBéarla)
  2. Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais". Coiscéim. 
  3. & ambasadóir chun na hÉireann díreach i ndiaidh
  4. "30 years of HIV: the virus' co-discoverer says we're getting closer to ending AIDS" (en). Time. Dáta rochtana: 2022-04-23.
  5. "Margaret Heckler & Robert Gallo - 1984 Press Conference" (as en) . 
  6. BBC "1984: Scientist finds Aids virus" (en-GB) (1984-04-23). Dáta rochtana: 2022-04-23.
  7. "HIV/AIDS" (en). www.who.int. Dáta rochtana: 2022-04-23.
  8. 8.0 8.1 8.2 Liam Ó Dubhláin (10 Iúil 2018). "NOD DON EOLAÍ: Vacsaín úr in aghaidh HIV forbartha ag foireann idirnáisiúnta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-23.
  9. "Experimental mRNA HIV vaccine safe, shows promise in animals" (EN). National Institutes of Health (NIH) (2021-12-09). Dáta rochtana: 2022-04-23.