Géin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Léiríonn an stíl-léaráid seo géin i ndáil le samhail an héilics dhúbailte d' ADN agus le chrómasóm (ar dheis). Tá an crómasóim X-chruthach, toisc go bhfuil sé ag deighilt intróin, sé sin, réigiúin a bhíonn ar fáil go minic i ngéinte eocaróit agus a bhaintear sa phróiseas géinspladhsála (tar éis an ADN a bheith athscríofa go dtí ARN): Ní bhíonn na hecsóin freagrach ach as ionchódú na próitéine. Lipéidíonn an léaráid seo réigiún de 50 nó mar sin bonn mar ghéinte. I ndáiríre, bíonn an chuid is mó géin ina chéadta uair níos mó.

Is éard is géin ann ná an t-aonad móilíneach oidhreachtúlacht d'orgánach bheo. Tugtar an t-ainm seo ar ar roinnt píosaí de ADN agus ARN a chódaíonn le haghaidh polaipeiptíde nó le haghaidh slabhra ARN ar a bhfuil feidhm aige san orgánach. Bíonn an duine beo ag brath i gcónaí ar ghéinte, toisc go mbíonn siad freagrach as gach próitéin agus slabhra feighmiúl d'ARN. Coinníonn géinte an t-eolas a bhíonn ag teastáil le haghaidh chealla agus tréithe géiniteacha an orgánaigh a thógáil agus a chothabháil agus le haghaidh tréith oidhreachtúil a thabhairt do ghlúin eile. Bíonn géinte go leor ag gach orgánach a bhfreagraíonn do thréithe bitheolaíochta éagsúla, roinnt acu a bhíonn díreach infheicthe, mar shampla dath súile nó líon géaga, agus cuid acu nach mbíonn, mar shampla cineál fola, méadú ar riosca le haghaidh galair ar leith, nó na mílte próiseas bunúsach bithcheimiceach a chuimsíonn an bheatha.


Féach Freisin[athraigh | edit source]