Cíoch
Jump to navigation
Jump to search
Orgán sa chóras baineann atáirgthe a tháirgeann bainne. Tugtar an fhaireog mhamach uirthi freisin. Cuimsíonn sí fíochán faireogach, suite taobh istigh de mhaiseanna doimhne saille, tacaithe ag fíochán snáithíneach, cumhdaithe le craiceann. Bíonn an dá chíoch dhaonna ar aghaidh an chliabhraigh. Bíonn siad beag ar leanaí, ach le linn caithreachais fásann go tapa sa bhaineannach ach fanann buntúsach i bhfireannaigh. An méid is an chuma difriúil ó dhuine go duine. Le linn toirchis méadaíonn na cíocha, agus sroicheann uasmhéid le linn tál an bhainne (lachtadh). Tá an dide ar bharr na cíche, agus an aireola timpeall uirthi sin.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |