Corp an duine
Cuma
| Sonraí | |
|---|---|
| Laidin | corpus humanum |
| Cuid de | duine |
| Aitheantóirí | |
| MeSH | D018594 |
| TA | A01.0.00.000 |
| FMA | 20394 : il-aiseach – ordlathach |
| Acmhainní seachtracha | |
| EB Online | science/human-body |
| Téarmaíocht anatamaíoch | |
Is é corp an duine nó an cholainn dhaonna an t-ábhar riachtanach aiceanta a chomhdhéanann duine aonair, i gcodarsnacht leis an anam, an phearsantacht nó an iompar.
Déantar tagairt don corp go minic nuair atá cuma, sláinte agus bás i dtreis. Tugtar marbhán ar chorp duine marbh. Tugtar conablach ar corp ainmhí marbh. Is í an anatamaíocht staidéar an choirp.
Cur síos
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá corp an duine comhdhéanta as an gceann, an muineál, an chabhail, dhá ghéag, dhá chois agus an bhléin - atá éagsúil i bhfir agus mná. I ndaoine fásta, tá níos mó ná deich trilliún cill sa chorp. Bailíonn cealla le chéile chun fíochán a chruthú, agus ansin déantar orgáin astu. Tugtar córais orgán ar ghrúpa orgán atá ag obair le chéile.
Corp an duine
[cuir in eagar | athraigh foinse]![]() |
Córais an choirp
[cuir in eagar | athraigh foinse]- córas matánchnámharlaigh: cnámharlach an duine, na cnámha agus na hailt
- córas cardashoithíoch: an croí, na féitheacha, na hartairí agus na ribeadáin
- córas díleáite: an t-éasafagas, an bolg, an stéig bheag, an stéig mhór, an béal, an t-anas, an aipindic, an máilín domlais, an t-ae, an paincréas
- córas inchríneach: hormóin éagsúla a scaoiltear as na faireoga
- córas úiríneach: ag cur fual as an corp, leis na duáin, na húiréadair, an lamhnán, an t-úiréadra agus an bod
- córas limfeach: na céislíní, an fhaireog thímis, an liathán, na faireoga limfe
- córas imdhíonachta
- córas riospráide: an traicé, na scamhóga agus araile
- córas néarógach: an inchinn, corda an dromlaigh agus na néaróga
- córas atáirgthe: an fhaighin, an ceirbheacs, an bhroinn, na hubhagáin agus an feadán fallópach, an reicteam, an próstatach, an bod agus an uirí
Cnámha an choirp
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Príomhalt: Cnámharlach daonna
Tá timpeall 206 cnámh i gcnámharlach an duine, mar atá:
- dromlach agus an colún veirteabrach (26)
- cráiniam (8)
- aghaidh (14)
- cnámh hióideach, steirneam agus na heasnacha (26)
- "Upper extremities" (64)
- "Lower extremities" (62)
