Próstatach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Próstatach.jpg

Is comhfhaireog eisicríneach fidí-ailbheolach é an próstatach. Tagann an t-ainm 'próstatach' ón bhfocal προστάτης - prostates, go litriúil "an té a sheasann os comhair", "cosantóir", "garda" sa tSean-Ghréigis.

Luíonn sé taobh istigh den pheilbheas faoi bhun an lamhnáin, ag timpeallú cuid den úiréadra. Téann na duchtanna seadta tríthi roimh dhul isteach san úiréadra. Beag ag an mbreith, fásann sí go tapa le linn caithreachais, agus baineann méid an duine fhásta amach i rith bliana nó mar sin. Le linn spreagtha ghnéasaigh, cuireann sí sreabhán alcaileach trí dhuchtanna a osclaíonn isteach san úiréadra leis an seamhan (suas le trian dá thoirt), ag tabhairt a bholaidh shainiúil dó. Roinntear an fhaireog i maotháin: maothán matánach den chuid is mó chun tosaigh, maotháin chliathánacha ar an dá thaobh, maothán láir, agus maothán eile ar chúl (ionad ina dtarlaíonn ailse phrostátach, go minic). Tar éis 50 bliain d'aois, is féidir go seargfaidh an fhaireog. Ach is féidir freisin go méadóidh an maothán láir an iomarca, ag cur brú ar an úiréadra is an lamhnán, rud a chuirfidh isteach go dochrach ar fheidhmiú na nduán. Sa chás sin, is í an chóireáil is gá ná an fhaireog nó cuid di a bhaint trí mháinliacht.

Sa bhliain 2002, athainmníodh na faireoga paraúiréadracha baineanna, nó faireoga Skene go hoifigiúil mar an próstatach baineann, ag an gCoiste Cónaidhme Idirnáisiúnta um Théarmaíochta Anatamaíocha. (Béarla:Federative International Committee on Anatomical Terminology]].

Bíonn difríochtí móra idir próstataigh na speiceas éagsúla i dtaca le hanatamaíocht, ceimic, agus fiseolaíocht.