Artaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtArtaire
Sonraí
Laidinarteria
Aitheantóirí
MeSHD001158
TAA12.0.00.003
A12.2.00.001
FMA50720 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
Téarmaíocht anatamaíoch


Is éard is artaire ann ná fuileadán sa cholainn a iompraíonn an fhuil ón gcroí go dtí fíocháin na colainne. Tá artairí móra, artairí meánacha is artairí beaga (artairíní) ann. Rialaítear an soláthar fola le matáin mhíne (faoi rialú simpiteach) i mballaí na n-artairí a athraíonn trastomhas na n-artairí.

Le haois éiríonn ballaí na n-artairí níos righne, agus na hartairí féin stoptha, a bheag nó a mhór, le deascadh saille, cólaistéaróil is eile ionas go gcailltear an rialú is nach soláthraítear dóthain fola (nó ocsaigine) d'orgáin na colainne.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Artaire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 49.