Féith

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtFéith
Sonraí
Laidinvenalinca
Aitheantóirí
MeSHD014680
TAA12.0.00.030
A12.3.00.001
FMA50723 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/vein-blood-vessel
Téarmaíocht anatamaíoch


An córas féitheach

Fuileadán a iompraíonn fuil dhí-ocsaiginithe ó na fíocháin ar ais don chroí. Bíonn na féitheacha domhaine taobh le hartairí. Bíonn na féitheacha éadroma sa bhfíochán fochraicneach, cosúil le cainéil ghorma go díreach faoin gcraiceann, ag an rosta is ar an rí, mar shampla. Sreabhann an fhuil níos moille agus faoi bhrú níos lú sna féitheacha ná sna hartairí. Is mó na féitheacha ná na hartairí comhfhreagracha, ach is tanaí infhillte a mballaí. Nuair nach bhfuil fuil i bhféith, sleabhcann sí. Sa chuid is mó de na féitheacha tá comhlaí, foirmthe as filltí intéileacha, le fíochán snáithíneach leaisteach á neartú. Cuireann na comhlaí cosc le haon chúlsreabhadh fola, agus iompraíonn colún fola sna féitheacha (sna cosa, mar shampla) mar a bhfuil sreabhadh in airde. Má chliseann na comhlaí sna cosa, tarlaíonn féitheacha borrtha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Féith". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 262.