Corda an dromlaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtCorda an dromlaigh
Sonraí
Laidinmedulla spinalis
Cuid delárchóras na néaróg agus Colún veirteabrach
Aitheantóirí
MeSHD013116
TAA14.1.02.001
FMA7647 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/spinal-cord
Téarmaíocht anatamaíoch
Corda an dromlaigh

Is éard atá i gceist le corda an dromlaigh ná an chuid den néarchóras i veirteabrach atá taobh istigh de, cosanta ag an gcolún veirteabrach, a leanann suas isteach in earr na hinchinne. Go bunúsach, is cábla fada ramhar é atá cumtha as na mílte acsón (ábhar bán) sna néaróin a ritheann comhthreomhar le chéile is iad ag timpeallú croíleacáin H-chruthaigh lárnaigh de chillchoirp (ábhar liath) na néarón. Bíonn mionchanáil lárnach aige (lán de shreabhán ceirbrispíonach) a bhíonn leanúnach le méadailíní na hinchinne. Sa duine fásta bíonn sé timpeall 45 cm ar fhad, agus síneann síos don dara veirteabra lumbach. Barrchaolaíonn an bun go dtí ceann biorach. Cuimsíonn adharca tosaigh (boilg) an ábhair léith cillchoirp na néarón a sholáthraíonn na matáin dheonacha. Cumann a n-acsóin siúd fréamhacha boilg néaróga an dromlaigh. Is é a bhíonn in adharca cúil an ábhair léith ná na cillchoirp a phróiseálann eolas céadfach a thagann isteach i gcorda an dromlaigh trí na fréamhacha cúil. Idir na hadharca boilg is cúil ar an dá thaobh, i dteascáin thóracsacha is lumbacha uachtaracha an chorda, péacann adharc cliathánach a chuimsíonn cillchoirp na néarón sa chuid shimpiteach den uathnéarchóras. Mar an gcéanna, tugann an chuid shacrach den chorda an sceitheadh peilbheach paraisimpiteach amach. Cuimsíonn an chuid bhán fhorimeallach de chorda an dromlaigh acsóin, eagraithe i gconairí, a iompraíonn eolas amach ón inchinn agus isteach inti, nó idir teascáin dhifriúla an chorda. Sa duine, éiríonn 31 dís néaróg ó chorda an dromlaigh, cumtha ó néarfhréamhacha boilg (mótar) is cúil (céadfach).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Corda an dromlaigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 172.