Fear

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fear

Is duine fásta fireann é fear, i gcontrárthacht le duine fásta baineann, ar a dtugtar "bean". Is é an focal is minicí a thugtar ar dhuine óg fireann ná buachaill.

Comharthaí sóirt[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Is dual don fhear i bhfad níos mó clúimh a bheith ar a chorp ná ar chorp na mná. Go háirithe, bíonn clúmh ag fás ar aghaidh an fhir freisin, nó féasóg.
  • Ón taobh eile de, is minicí don fhear folt gruaige a chinn a chailleadh agus é ag dul anonn san aois.
  • Bíonn an fear ar meán níos láidre agus níos airde ná an bhean.
  • Is iad baill ghiniúna infheicthe an fhir ná an bod agus na magairlí. Sna magairlí a tháirgeann sé a chuid síl, agus é ag sá an bhoid isteach i bhfaighin na mná le linn na comhriachtana leis an síol a scaoileadh.