Bean

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pictiúr: "Véineas ag an fholctha" (Godward - 1901);   is í plúr na mban í

Is í is bean ann ná duine baineann fásta. "Cailín" nó "girseach" a thugtar ar dhaoine baineanna nár tháinig i mbun a méide fós.

Comharthaí sóirt[cuir in eagar | athraigh foinse]

I gcomparáid leis an bhfear, is iad na comharthaí sóirt ar a n-aithnítear an bhean ná:

  • cíocha forbartha ar an mbean. Is é atá i gceist leis na cíocha ná faireoga atá in ann bainne a thál i ndiaidh don bhean leanbh a bhreith, agus fíochán sailleach ina dtimpeall.
  • Bíonn corróga na mná níos leithne ná a guailleacha.
  • Ní bhíonn an oiread céanna clúimh ar an mbean agus a bhíonn ar an bhfear. Ní bhíonn fionnadh ar bhrollach na mná, ná féasóg ar a haghaidh.
  • Bíonn guth na mná níos géire ná guth an fhir.
  • Bíonn an bhean níos ísle ná an fear.

Baill ghiniúna na mná[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá baill ghiniúna na mná oiriúnach don bhod a ligean isteach, ionas gur féidir don fhear a sheamhan a thál agus leanbh a choimpeart. Is iad baill ghiniúna eachtracha na mná ná an brillín, na labia majora nó liopaí móra na pite, agus na labia minora nó liopaí beaga na pite. Idir na liopaí a osclaítear an bealach isteach san fhaighin. Le linn na comhriachtana, sáitear an bod isteach san fhaighin agus an fear á bhogadh isteach is amach, ar dhóigh is go bhfuil an bod ag cuimilt leis an tseicin mhúcasach. Má shroicheann an fear a shúnás, ligfidh sé amach tonn seamhain (scaoileadh síl) a rachaidh isteach sa bhroinn taobh thiar den fhaighin.

feimineachas

Ar an dá thaobh den bhroinn, tá na hubhagáin, ina dtáirgtear na hubháin, is é sin, cealla atáirgthe na mná. An feadán a cheanglaíonn an t-ubhagán den útaras, tugtar ubhaducht ("feadán Fallópach") air. Scaoiltear ubhán amháin in aghaidh na míosa saor as ceann de na hubhagáin. Má bhuaileann sé faoi speirmchill ar a bhealach go dtí an t-útaras, iompóidh sé ina shiogót. Nuair a ghreamóidh an siogót san útaras, iompóidh sé ina shuth. Ansin, deirtear go bhfuil an bhean torrach, nó go bhfuil sí ag iompar clainne. Dhá mhí i ndiaidh na coimpeartha, beidh cuma an duine ar an suth, ionas nach suth é a thuilleadh, ach féatas. Beidh an féatas ag fás agus ag forbairt go ceann seacht mí eile, go dtí go saolófar an leanbh.

Mura mbuaile an t-ubhán faoi speirmchill, ní ghreamóidh sé le taobhanna na broinne. Tiocfaidh sé amach as an bhfaighin in éineacht le fuil mhíosúil, nó míostrú, na mná.

The whole duty of a woman, or, An infallible guide to the fair sex, 1712

Focail Ghaeilge ar mhná éagsúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • áilleagán, áilleagán mná: bean amaideach álainn, bean nach bhfuil aon suáilce eile ag baint léi ach a dathúlacht
  • cliobóg: bean láidir, bean a bhfuil urra mór coirp inti
  • meabhróg: cailín nó bean atá cliste, intleachtúil
  • óinseach: amadán mná
  • striapach: bean choiteann, bean atá ag dul le meirdreachas mar shlí bheatha. Focal an-láidir é "striapach", agus is fearr gan é a rá os ard. Is ionann "an t-ainm mór a thabhairt ar bhean" agus striapach a thabhairt uirthi.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]