Ubhán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ubhán

An chill aibí atáirgthe bhaineann in ainmhithe is plandaí. Sna hardainmhithe, is mó í ná an chill atáirgthe fhireann, an speirm, mar tá sí lán de bhia stóráilte, agus do-ghluaiste. Chun teacht le bheith aibí cilldeighleann an bhunchill, an t-ubhán, trí phróiseas a dtugtar méóis air. Scarann na díseanna crómasóm óna chéile agus cruthaítear dhá fho-chill, dhá ubh aibí, is leath na gcrómasóm i ngach ceann. Nuair a thoirchíonn an speirm an ubh seo, bíonn líon iomlánaithe na gcrómasóm san ubh, agus tosaíonn an ubh thoirchithe ag cilldeighilt trí phróiseas a dtugtar miotóis air. Sa chás seo atáirgtear na crómasóim go léir roimh an gcilldeighilt, ionas go mbíonn an líon iomlán díobh sa dá fho-chill. Ar an mbealach seo méadaíonn na cealla ina bhfíocháin. Tarlaíonn próisis den saghas céanna i bplandaí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ubhán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 686.