Miotóis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gnáthphróiseas na cilldeighilte is an scartha a tharlaíonn sa chill atá ag deighilt chun dhá mhac-chill a dhéanamh, gach ceann le núicléas leis an líon céanna crómasóm is a bhí sa mháthairchill. Le linn na cilldeighilte deighleann gach crómasóm ar a fhad ina dhá chrómaitid a scarann óna chéile: dúblaíonn siad sin agus cruthaíonn crómasóim na macnúicléas. Is iad na pais sa mhiotóis ná an própas (giorrú is ramhrú na gcrómasóm), an meiteapas (eagrú na gcrómasóm timpeall meánlíne fearsaide), an t-anapas (scaradh na gcrómataidí), agus an teileapas (filleann na crómasóim nua ar an staid fhadaithe, athchruthaítear an dá scannán núicléacha is críochnaíonn an dá chillscannán).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Miotóis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 462.