Núicléas cille
Cuid de | cill eocarótaigh |
---|---|
Aitheantóirí | |
MeSH | D002467 |
TH | H1.00.00.0.00003, H1.00.01.2.00001 |
FMA | 63840 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
EB Online | science/nucleus-biology |
Téarmaíocht anatamaíoch |

Scéimléaráid de chill ainmhí agus a chuid codanna: 1. Núiclín 2. Núicléas 3. Ribeasóm 4. Saicín 5.Líontán ionphlasmach garbh 6. Coirpín Golgi (nó Coimpléasc Golgi) 7. Cítichreatlach 8. Líontán ionphlasmach mín 9. Miteacoindre 10. Folúisín 11. Cíteasol 12. Líseasóm 13. Ceintreasóm
Fochuid den chill bhitheolaíoch ina bhfuil na géinte atá comhdhéanta as móilíní DNA cornaithe ina gcrómasóim. Stiúrann núicléas na cille fás, meitibileacht is atáirgeadh na cille. Tá na treoracha sna crómasóim chun próitéiní a thógáil trí bhíthin RNA taobh amuigh den núicléas sa chíteaplasma. Bíonn scannán dúbailte idir an cíteaplasma agus an taobh istigh den núicléas. Tá an núicléas riachtanach do bhuaineadas fadtréimhseach na cille. Ní bhíonn sé ann ar feadh tamaill le linn cilldeighilte, agus cailltear é i gcealla áirithe fásta, cosúil leis na heiritricítí (cealla dearga na fola).
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol anatamaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |