Míostrú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtMíostrú
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/menstruation
Téarmaíocht anatamaíoch


I ndaoine agus príomhaigh, an míostrú sin an sreabhadh tréimhsiúil fola, múcais is bruscair ón bhfaighin a tharlaíonn le tréimhse 4 sheachtain. Ag deireadh an timthrialla mhíosta, nuair nach dtoirchítear an bhean, dealaíonn an t-inmheitriam ó chéile agus sreabhann an fhuil mhíosta.

Timthriall míosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bhí bean ina déagóir, is maith an seans gur thosaigh an fhuil mhíosta.[1] Tugtar an timthriall míosta air seo. Sa chuid luath de gach timthriall mhéadaigh leibhéal an hormóin éastraigin\, agus d’fhás ubh san ubhagáin. San ubhsceitheadh, scaoileadh ubh ó cheann den dá ubhagán. Tiubhaíonn hormón eile, prógaistéarón, líneáil na broinne. Mura dtoirchíonn speirm an ubh, titeann leibhéal an hormóin agus sceitheann an líneáil – seo fuil mhíosta.

Ní tharlaíonn míostrú nuair a bhíonn bean ag iompar clainne.

Ag dul in aois[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir mar a théann bean in aois, ní tharlaíonn ubhsceitheadh chomh minic agus titeann leibhéal na torthúlachta. Nuair a thagann bean níos gaire don sos míostraithe, b’fhéidir nach mbeadh ubhsceitheadh ar bith ar siúl agus ní bhíonn an éastraigin agus an prógaistéarón a scaoiltear rialta i gcónaí. Ní bhíonn na hubhagáin chomh gníomhach agus ní dhéantar an oiread éastraigine. Sa deireadh, stopann an t-ubhagán ag feidhmiú agus ní scaoiltear aon ubh eile. Stopann an éastraigin agus an prógaistéarón sa deireadh beagnach freisin.

Tagann míostrú chun deiridh ag 45-50 bliain d'aois, nuair a thosaíonn sos míostraithe nó an meanapás. I gcúrsaí leighis, ciallaíonn sos míostraithe go bhfuil fuil mhíosta stoptha ar feadh bliana. Tá an sos míostraithe nádúrtha. Ciallaíonn sé go bhfuil deireadh le torthúlacht – is é sin ní féidir le bean a bheith torrach níos mó ná leanaí a iompar.

Sochaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceiliúrtar an Lá um Shláinteachas Míosta ar an 28 Bealtaine gach bliain ar fud an domhain.[2][3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. hse.ie. "Meanapás". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-04-07. Dáta rochtana: 2020.
  2. Hussey, Matt (2011). "Míostrú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 462.
  3. "MHDay | Global" (en-US). Dáta rochtana: 2020-05-28.