Éastraigin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Raon gnéashormón a tháltar san ubhagán, an phlacaint, an uirí is an fhaireog aidréineach. Freagrach as forbairt na ngnéastréithe tánaisteacha baineanna i mná, ullmhacht ghnéasach a chur ar aghaidh, agus ullmhú na broinne i gcomhair plandáil na huibhe toirchithe. Úsáidtear í i bpiollairí frithghiniúna agus cóireálacha d'ailsí ar leith. Faightear i bplandaí freisin í.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Éastraigin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 239.