Placaint (orgán)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtPlacaint (orgán)
Aitheantóirí
MeSHD010920
TSE5.11.3.1.1.0.5
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/placenta-human-and-animal
Téarmaíocht anatamaíoch


I mamaigh, orgán a fhásann i mbroinn mamaigh thorraigh (ach amháin na monaitréimigh). Bíonn sí ceangailte le broinn na máthar is an féatas tríd an tsreang imleacáin. Díorthaítear í ó fhíocháin an fhéatais is na máthar. Cuidíonn sí le cothú an fhéatais trí fhuil an fhéatais is fuil na máthar a thabhairt gar dá chéile, rud a chuidíonn le malartú gás riospráide, cothaitheach is ábhair fuíll. Tálann sí hormóin atá riachtanach don toircheas freisin (ina measc, éastraigin, prógaistéarón is gónadatróifin).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Placaint". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 522.