Gónadatróifin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Ábhar le hiarmhairt spreagthach ar na gónaid. I veirteabraigh, cuimsíonn sé hormóin phiotútacha ar leith (an hormón falacailspreagthach, an hormón lúitéinitheach), agus i mamaigh, hormón placainte (gónadatróifin chóiríneach). Bíonn gónadatróifiní freagrach as táirgeadh na ngnéashormón agus tús na haibíochta gnéasaí. Bíonn iarmhairt acu ar thimthriallta póraithe freisin trí aibiú na n-ubhán sna hubhagáin, agus na speirmeacha sna huiríocha a chur chun cinn. I ndaoine, braitheann diagnóisiú an toirchis ar bhrath gónadatróifine cóiríní sa bhfual nó plasma na fola.