Hormón falacailspreagthach
Cuma
Ceimiceán (glíocapróitéin a dtugtar gónadatróifín air) a thálann maothán tosaigh na faireoige piotútaí i veirteabraigh. Ról tábhachtach aige in atáirgeadh. I mamaigh, spreagann sé aibiú luath na bhfalacailí ubhagánacha (sa bhaineannach) agus táirgeadh na speirme (sa bhfireannach).[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Hormón falacailspreagthach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 353.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |