Príomhach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoPríomhach
Primates Cuir in eagar ar Wikidata

Papio anubis Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
ForíochtEumetazoa
FíleamChordata
AicmeMammalia
ForordEuarchontoglires
OrdPrimates Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata

príomhach (Laidin: príomh, sa chéad áit) ionadaitheach d'ord sna mamaigh plainteacha. De réir rangaithe fíliginitigh na linne seo, baineann na príomhaigh le na Euarchontoglires.

Roinntear na príomhaigh, go traidisiúnta, ina dhá ghrúpaí, sé sin na strepsirrhiniens agus na haplorrhiniens, sé sin, rannóg na moncaithe, ina bhfuil an géineas Homo (nó an duine) agus na Hominidae (nó homainidí).

Saintréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dealraíonn ainm na bPríomhach sa deichiú eagrán den leabhar 'Systema Naturae', le Carl von Linné, obair mhór a rinne iarracht ar na speicis beo a rangú de réir a bhfogasachtí fiseolaíocha.

De réir Linné, áirítear an duine agus speicis d'ainmhithe eile sna Príomhaigh. Go beacht, tá sé roinnte i gceithre speiceas: Homo, Simia (moncaithe), Lemur, agus Vespertilio (sciatháin leathair). Níos déanaí ar aghaidh, rinneadh athbhreithniúchán ar rangú Linné, agus anois níl na sciatháin leathair istigh ann níos mó, ach tá an t-ainm príomhach fágtha.

Scála meánmhais na bpríomhach
Speiceas Baineann Fireann
Goraille (Gorilla gorilla) 105 kg 205 kg
An Duine (Homo sapiens) 62.5 kg 78.4 kg
Moncaí Patas (Erythrocebus patas) 5.5 kg 10 kg
Moncaí fadshrónach(Nasalis larvatus) 9 kg 19 kg
Moncaí marmaisíneach(Cebuella pygmaea) 120 g 140 g

De ghnáth, is é príomhthréith na bpríomhach ná an saol foraoise, ingne láimhe agus ladhracha, inniúlacht ar ghreamú le ordóga freasúracha, ardcheannasach na céadfa radhairce (an radharc steiréascópach) ar chéadfa an bholaidh a bhíonn ina chóras céadfach ceannasach i dtromlach na mamach. Cuirtear ar aghaidh go bhfuil intinn níos forbartha ag na príomhaigh, ná mórchuid na mamach eile, ach níl cruthúnas ann go bhfuil seo fíor i gcás ollteaghlaigh na Hominoidea.

Athraíonn méid na bpríomhach ó 13 cm (léamar luchach, Microcebus murinus) agus 175 cm, agus an mhais ó 100 g go 275 kg (goraille,Gorilla gorilla).

  • Logaill na súl dírithe chun tosaigh, ag ceadú amhairc dhéshúiligh.
  • Forbairt maothán cúlphlaice na hinchinne.
  • Bíonn an ga agus an ulna iontach soghluaisteach, agus gluaiseachtaí sofaisticiúla sna láimhe.
  • Ceadaíonn na méara agus an t-ordóg fhreastúrach greamú a éascú.
  • Glacann ingne réidhe áit na gcrúb i dtromlach na speiceas.

Gnáthóg agus Dáileadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mórchuid na bpríomhach is i gcrainn a bhíonn cónaí orthu. Bíonn cuid de na speiceas ina n-ainmhithe páirt-talún, mar atá na babúin agus na Moncaithe Patas, agus tá roinnt speiceas ina n-ainmhithe lán-talún, mar atá na Gelada agus an Duine.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]