Súnás

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Timthriall gnéasach (Masters agus Johnson)

Buaicphointe an spreagtha ghnéasaigh is ea súnás[1]. Tarlaíonn súnásorgasam mar bhuaic na comhriachtana nó nuair a bhíonn duine (is cuma más fearbean atá ann) ag tabhairt sámhais dóibh féin. De ghnáth, bíonn drithlíní ar chraiceann agus áiteanna eile ar an gcorp, mothúcháin de shuaimhneas, áthas, agus dea-shláinte; é sin ar fad mar thoradh ar chaidreamh collaí.

Súnás Baineann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bhíonn bean ar tí súnás a bheith aicí, éiríonn a faighin an-fhliuch. Luisníonn a haghaidh agus méadaíonn a cíocha agus éiríonn a siní crua, uaireanta. Braitheann sí sámhas iontach ag spalpadh trína corp go han-tapa. Critheann a faighin uaireanta.[2]

Cabhraíonn súnás (brú matánach) chun seamhan a bhrú suas chuig ceirbheacs na mná

Súnás Fireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bhíonn fear ar tí súnás a bheith aige, éiríonn a bhod níos crua, teannann a chadairne agus teannann a thóin agus na matáin ina ucht. Nuair a shroicheann fear súnás, seadtar nó tiomáintear seamhan ón bpéineas. Díreach nuair a tharlaíonn an súnás, scaoiltear steall mór síl amach go tapa as barr a bhoid. Leanann trí nó ceithre steall eile an chéad cheann. Braitheann an fear sámhas iontach ina bhod ag an dtráth sin agus braitheann sé sámhas ar fad a choirp chomh maith.

réigiún na mball giniúna agus mealladh gnéasach

Is é an seadadh  buaicphointe an spreagtha ghnéasaigh do na fir. Má tá caidreamh collaí ann idir fear agus bean, cuirtear an péineas i bhfaighin na mná agus scaoileadh seamhan isteach san fhaighin in aice leis an gceirbheacs.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ábhair Acmhainní don Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta
  2. An Cailín sa Chathair (Eanáir 2023). "‘2023 – Bliain an Orgasaim (tá súil agam)’" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2023-01-25.