Cailín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cailín óg

Is é is cailín ann ná duine óg baineann, nár tháinig i mbun a méide go fóill. Nuair a thiocfaidh, iompóidh sí ina bean.

Cé go bhfuil an focal sin "cailín" ag tagairt do neach baineann, is ainmfhocal firinscneach é ó thaobh na gramadaí de: "an cailín seo", "cailín dathúil". I nGaeilge Uladh, ach go háirithe, úsáidtear an focal "girseach", agus is ainmfhocal baininscneach é.