Steirneam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cnámh fhadaithe, beagnach leata, a luíonn ar mheánlíne bhalla thosaigh an tóracsa. Ainm eile air is ea cnámh an uchta. Altann sé leis an dealrachán (an t-aon pointe greamaithe idir an ghéag uachtarach is crios an bhrollaigh le hais an chreatlaigh) is na heasnacha, agus forluíonn sé ar chuid mhaith den chroí, á chosaint.