Éasafagas
Appearance
Sonraí | |
---|---|
Laidin | oesophagus |
Cuid de | conair an bhia dhaonna |
esophageal artery (en) | |
esophageal veins (en) | |
Aitheantóirí | |
MeSH | D004947 |
TA | A05.4.01.001 |
FMA | 7131 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
Gray | p.1144 |
EB Online | science/esophagus |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Cuid den diúlfaíoch, an feadán fada matánach a ghabhann ó íochtar na farainge tríd an tóracs go dtí an goile. Timpeall 24 cm ar fhad i nduine fásta, líneáilte taobh istigh le cisil lannacha eipitéiliam. An chuid is matánaí de chonair an díleá. Teannann sé solaid is leachtanna a thógann an béal isteach le tonnta craptha a chuid matán, a dtugtar imfháscadh air, i dtreo an ghoile. Tá go leor cúnguithe ar feadh a chúrsa, a chuireann moill ar an ábhar atá á theannadh síos ann. Má bhíonn ábhar creimneach san ábhar a shlogtar siar, déantar níos mó damáiste don éasafagas ag na pointí cúngaithe sin ná áiteanna eile.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Éasafagas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 238.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol anatamaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |