Liathán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtLiathán
Sonraí
Laidinsplen
Cuid decóras imdhíonach
splenic artery (en) Aistrigh
splenic vein (en) Aistrigh
Aitheantóirí
MeSHD013154
TAA13.2.01.001
FMA7196 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
Grayp.1282
EB Onlinescience/spleen-anatomy
Téarmaíocht anatamaíoch


Orgán bog íogair, réasúnta inghluaiste, is ea an liathán ar feidhm dó baictéir, prótasóin agus páirteagail nach bhfuil beatha iontu a ghlanadh amach as an gcolainn. Milleann sé cealla dearga fola, agus meitibilíonn iarann, saill is próitéiní. Faoi chosaint chás na n-easnacha ar an taobh clé den cholainn i dtreo na meánlíne ar chúl. Ní féidir é a bhrath ón taobh amuigh muna mbíonn sé ata suas le 3 oiread a mhéide normálta. Faigheann sé soláthar fola mór ón aorta, agus feidhmíonn mar thaiscumar chun gur féidir fuil a thabhairt ar ais don imshruthú ginearálta nuair is gá é. Is féidir é a bhriseadh le buillí láidre don chuid íochtarach ar clé den chás tóracsach. Má tharlaíonn a leithéid, cuireann sé fuil go trom, agus is gá é a thógaint amach go tapa nó líonfaidh an cuas boilg le fuil is gheobhaidh duine bás go tapa. Má chailleann duine fásta a liathán, ní tharlaíonn aon drochiarmhairtí dó de ghnáth.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Liathán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 409.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]