An Sahára

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Íomhá ó spás

Gaineamhlach mór san Afraic thuaidh is ea an Sahára. Tá sé breis is 9,000,000 km² agus tá sé 2.5 milliún bliain d'aois. Is é an dara fásach is mó ar domhan tar éis Antartaice, agus an chéad ghaineamhlach. Tá 2.5 milliún daoine ina gcónaí sa tSahára. Tháinig an focal Sahára ón bhfocal Araibise do ghaineamhlach.

Is iad an tAigéan Atlantach san iarthar, na Sléibhte Atlas is an Mheánmhuir sa tuaisceart, an Mhuir Rua is an Éigipt san oirthear, agus an tSúdáin is an Abhainn Nígir sa deisceart na teorainneacha. Roinntear an Sahára i réigiúin, idir an Sahára Thiar, na Sléibhte Ahaggar, an Masaíf Tibesti, na Sléibhte Aïr, an Gaineamhlach Tenere agus an Gaineamhlach Libiach. Tá 10 stát neamhspleách, chomh maith le fearann faoi choimhlint Shahára an Iarthair, a bhfuil fearann acu sa tSahára: an tSúdáin, Sead, an Nígir, Mailí, an Mháratáin, Marocó, an Ailgéir, an Túinéis, an Libia, agus an Éigipt.

Tá an Sahára freisin ina chuid de 'thrasnán triomach' fiú níos mó ná eisean féin: tá sé ar an gceann iar-dheisceartach de chrios fásach a scarann amach go dtí an Góibí in Áise Thuaidh.

Féach freisin[athraigh | athraigh vicithéacs]