Creimeadh an chomhshaoil i réigiúin thirime is leath-thirime is ea an gaineamhlú nó fairsingiú fásaigh nó fású,[1] Nuair a éiríonn talamh a bhí táirgiúil uair amháin mítháirgiúil, tugaimid fairsingiú fásaigh ar an phróiseas seo.
Éiríonn an fhadhb níos measa in áiteanna mar gheall ar éagobhsaíocht na haeráide, triomaigh go príomha, borradh sa daonra, agus fairsingí móra á gcur in áirithe i gcomhair barra margaidh (is laghdú na fairsinge i gcomhair barra bia don daonra áitiúil).
Deir an tAontas Eorpachː[3] "Eascraíonn gaineamhlú go príomha as gníomhaíocht dhaonna agus éagsúlachtaí aeráide. Ní chiallaíonn sé dul chun cinn limistéar gaineamhlaigh atá ann cheana féin. Tá sé mar thoradh ar fhíor-leochaileacht na n–éiceachóras i limistéir thura i leith róshaothrú agus úsáid mhíchuí talún. Is tosca iad bochtaineacht, éagobhsaíocht pholaitiúil, dífhoraoisiú, ró-innilt agus droch-chleachtais uiscithe ar fad a mbíonn drochthionchar acu ar tháirgeacht na talún."
Ningxia, an tSínA. Leagan na gcrann le húsáid mar bhrosna agus le díol le bunadh na cathrach mar fhoinse ioncaim.
B. Ró-innilt de thairbhe go bhfuil an daonra ag méadú. Sna blianta a bhíonn neart fearthainne ann tagann níos mó agus níos mó tréadaithe, ag déanamh toibreacha nua agus ag méadú a gcuid tréad. Tagann blianta de thriomach agus is iad is cúis le daoine agus le hainmhithe bheith ag fáil bháis den ocras.
C. Róchuraíocht de thairbhe go bhfuil méadú ag teacht ar líon na bhfeirmeoirí a chuireann barra. De réir mar a mhéadaíonn líon na bhfeirmeoirí, méadaíonn an brú ar an talamh agus ní bhíonn an ithir chomh méith agus a bhíodh sí. Na pairceanna ar ghnáth leo a fhágáil bán (folamh) ar feadh bliana bíonn rudaí ag fás iontu gach bliain agus ní bhíonn an t-am ag na páirceanna líonadh suas' arís le cothaithigh.
D. Ganntanas fásra agus ithir lom cionn is go bhfuil triomach ann.
Labhair an tUachtaránÓ hUigínn faoi na gnéithe socheacnamaíocha sa bhliain 2016ː "Tarlaíonn gaineamhlú ...agus imeachtaí aimsire millteanacha eile mar gheall ar athrú aeráide a tharlaíonn de bharr astaíochtaí ón domhantionsclaithe, agus bíonn i bhfad níos mó de dhrochthionchar acu ar na réigiúin is boichte, nach bhfuil sé de chumas acu freagairt dóibh, uaireanta mar gheall go mbíonn an oiread fiacha orthu féin agus mar gheall nach bhfaigheann siad na deiseanna a thagann ó chúrsaí eolaíochta agus teicneolaíochta, ní hamháin i dtaobh bia agus slándála, ach sa tsláinte féin."[5]
Sa bhliain 2018, thug an tAireCumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Denis Naughten, eolas inniu ar a chuid tacaíochta don tionscnamh Crios Mór Glas agus don UNCCD[6] (Coinbhinsiún na NA chun an Gaineamhlú a Chomhrac).[7]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.