Triomach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Triomach

Tréimhse fhada aimsire tirime, i gcomhar de ghnáth le frithchioclón bacainneach ina mbíonn an t-imghalú níos mó ná an fhrasaíocht, a chuireann tús le heasnamh fliuchrais san ithir.

Claonadh ag réigiúin áirithe, tailte loiscneacha is leathloiscneacha go príomha, go dtarlóidh triomach iontu, agus bíonn ganntanas bia is fulaingt uafásach dhaonna ansin.

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir go dtarlóidh triomach i dtír ar bith má theipeann an bháisteach.

Sa tSaiheil ar imeall theas an tSahára, ní bhfuarthas i 1968-1972 ach báisteach bhliantúil a bhí 50% de mheánbháisteach 1931-1960: bhí gorta thar a bheith marfach ann.

Áiteanna eile a bhfuil claonadh chun triomaigh iontu is ea iarthar is lár na Stát Aontaithe, codanna den Astráil is san Afraic Theas.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Triomach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 678.