Na hOileáin Chanáracha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilNa hOileáin Chanáracha
Las Islas Canarias (es) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnHimno de Canarias (28 Aibreán 2003) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 28°32′10″N 15°44′56″W / 28.536°N 15.749°W / 28.536; -15.749
Stát ceannasachan Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairSanta Cruz de Tenerife agus Las Palmas de Gran Canaria Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán2,172,944 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús291.79 hab./km²
Teanga oifigiúilan Spáinnis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deExtrapeninsular Spain (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla7,447 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeTeide (3,715 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síProvince of Canary Islands (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú10 Lúnasa 1982
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachCanarian Parliament (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Ceannaire an rialtaisAngel Victor Torres Perez Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistCN Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.ic Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreluach ar iarraidh agus IC Cuir in eagar ar Wikidata
Cód ISO 3166-2ES-CN Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSES7 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáingobcan.es Cuir in eagar ar Wikidata

Is oileánra iad na hOileáin Chanáracha (Spáinnis Islas Canarias) (28° 06'N, 15° 24'W) i Ríocht na Spáinne. Seacht n-oileán bholcánacha atá ann agus iad suite san Aigéan Atlantach ar an taobh thiar thuaidh de mhór-roinn na Afraice (gar do Mharacó agus don Sahára Thiar). Is comhphobal féinrialaithe de chuid na Spáinne iad na hOileáin.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teide, Tenerife

Is dócha go dtagann an t-ainm Islas Canarias ó Insula Canaria, ainm Laidine a chiallaíonn "Oileán na Madraí".

B'fhéidir gurb é an Rón Manachúil (Monachus monachus) atá i gceist, speiceas atá i mbaol agus nach bhfuil le fáil a thuilleadh sna hOileáin Chanáracha.[1]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

An seansaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug na Féinícigh, na Gréagaigh agus na Cartagaigh cuairt ar na hOileáin. Dúirt Plinias Mór (1 AD) go bhfaca na Cartagaigh foirgnimh mhóra ann, cé nach raibh beo ná ceo le feiceáil.[2] Deirtear gurb é Rí Juba II a tháinig ar na hoileáin ina dhiaidh sin.[3]

Alonso Fernández de Lugo ag tabhairt thaoisigh Tenerife ina gcimí i láthair Ferdinand agus Isabella.

Nuair a bhí Eorpaigh ag taiscéaladh na n-oileán bhuail siad lena lán pobail bhundúchasacha a raibh uirlisí Neoiliteacha á n-úsáid acu. Cuireann anailís theangeolaíocha agus ghéiniteach in iúl go raibh baint ag cuid de na daoine úd le Beirbearaigh thuaisceart na hAfraice.[4] Thugtaí Guanches orthu.

Deirtear gur thug na hArabaigh cuairt ar na hoileán sa 10ú haois. Ón 14ú haois amach bhí daoine ag teacht ón bPortaingéil, ó Mhajorca agus ó Ghenoa, agus bhunaigh lucht Majorca misean ann in éineacht le heaspagóideacht, rud a mhair ón mbliain 1350 go dtí an bhliain 1400.

Sa bhliain 1402, tháinig na hOileáin faoi smacht na Spáinneach, a bhuíochas sin ar Juan de Bethencourt agus ar Gadifer de la Salle, eachtránaithe Francacha. Go dtí Oileán Lanzarote a tháinig siad ar dtús, agus i gceann tamaill ghabh siad Fuerteventura agus Hierro. Gairmeadh Rí na nOileán Canárach de de Béthencourt, cé gur ghlac sé le hAnraí III de Castile mar ardtiarna. Bhunaigh Béthencourt daingean ar oileán Gomera, ach thóg sé tamall air an namhaid a chur faoi chois. B'fhada gur éirigh leis na coilínigh bunmhuintir na n-oileán a chloí ar fad. Idir na blianta 1448 agus 1459 bhí an Spáinn agus an Phortaingéil in adharca a chéile. Dhíol Mariot de Béthencourt Lanzarote leis an bPortaingéil, rud nár thaitin leis na Guanches ná leis na coilínigh, agus cuireadh na Portaingéalaigh as seilbh.

Tar éis na hoileáin a ghabháil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug na Caistíligh geilleagar aon bharra isteach: siúcra ar dtús, ansin fíon - earra a raibh éileamh air i Sasana. Cuireadh forais riaracháin ar bun: bhí gobharnóir ag Gran Canaria (coilíneacht de chuid na Caistíle ón mbliain 1480 agus de chuid na Spáinne ón mbliain 1556) agus gobharnóir eile ag Ternerife (áit a bhí ina coilíneacht ón mbliain 1495).

Tháinig rath ar chuid de phobal na n-oileán. Sa 16ú haois agus ina dhiaidh sin sheasadh longa maoine na Spáinne sna hOiléain agus iad ag tarraingt ar Mheiriceá le cúnamh na gaoithe anoir.[5]D'éirigh Santa Cruz de Tenerife agus Las Palmas de Gran Canaria saibhir; tháinig ceannaithe agus tógadh páláis agus teampaill ar Oileán La Palma, cé gur mheall an saibhreas foghlaithe mara ó thuaisceart na hAfraice agus foghlaithe ceadúnaithe.

Dhá bhua[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léarscáileanna de na hOileáin Chanáracha a rinne William Dampier sa bhliain 1699.

D'ionsaigh na hOllannaigh Las Palmas le cabhlach ceithre long is seachtó agus dhá mhíle dhéag fear sa bhliain 1599 le linn Chogadh Neamhspleáchais na hOllainne. Ghabh siad daingean na cathrach agus theip orthu an chathair féin a ghabháil. D'imshuigh siad Las Palmas agus chreach siad na hoileáin, ach d'éirigh siad as an léigear faoi dheireadh.

Dhá chéad bliain ina dhiaidh sin, sa bhliain 1797, d'ionsaigh cabhlach Briotanach faoi cheannas Horatio Nelson Santa Cruz de Tenerife. Ruaigeadh na Briotanaigh (agus chaill Nelson a ghéag dheas).

An 19ú haois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Theip ar thionscal siúcra na n-oileán sa 19ú haois de bharr iomaíocht choilíneachtaí Meiriceánacha na Spáinne. Is éard a neartaigh an geilleagar áitiúil arís saothrú na carnaide.

Mar sin féin, thug na mílte a n-aghaidh ar an dá Mheiriceá agus ar thíortha eile i ndeireadh an 19ú haois agus sa chéad leath den 20ú haois. Bhí siad ag leanúint oileánach eile a bhí ag déanamh ar limistéir i Meiriceá na Spáinne faoi dheireadh an 18ú haois.[6]

An 20ú haois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1936 tháinig Francisco Franco go dtí na hOileáin Chanáracha mar cheannasaí míleata, agus bhain sé feidhm astu mar bhunáit chun tús a chur le Cogadh Cathartha na Spáinne ar 17 Iúil 1936. Chuir scata ina choinne ar Oileán La Palma agus i Vallehermoso ar Oileán Gomera. Imríodh díoltas fíochmhar ar na heasaontóirí i ndiaidh an chogaidh.

Tháinig borradh faoin bhfreasúra ó na caogaidí amach, agus tar éis bhás Franco tháinig ré nua dhaonlathach.

Rialtas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá trí shuíochán déag ag na hOileáin i Seanad na Spáinne. Déantar aon Fheisire dhéag a thoghadh go díreach agus déanann an Rialtas Féinrialaithe beirt eile a thoghadh go hindíreach. [7]

Parlaimint na nOileán Canárach (Santa Cruz de Tenerife)

Tar éis gur cuireadh monarcacht bunreachtúil daonlathach ar bun sa Spáinn bronnadh féinrialú ar an hOileáin sa bhliain 1982, agus sa bhliain 1983 cuireadh na chéad toghcháin fhéinrialacha ar siúl. Bhuaigh Páirtí Sóisialach Oibrithe na Spáinne (PSOE). Sna toghcháin is déanaí (2007) fuair an PSOE an chuid is mó de na suíocháin mar pháirtí, ach tháinig an Comhcheangal Canárach, dream náisiúnaíoch, agus Páirtí an Phobail (PP), coimeádaigh, i réim mar chomhrialtas.[8]

Daonra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí 2,098,593 duine ina gcónaí sna hOileáin sa bhliain 2009.[9] I measc na ndaoine sin tá inimircigh ón Spáinn (agus Gailísigh, Caistíligh, Catalónaigh agus Bascaigh san áireamh), in éineacht le Portaingéalaigh, Iodálaigh, Pléimeannaigh agus Briotanaigh. Tá 1,799,373 duine den daonra ina Spáinnigh.

Creideamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá formhór mór na gCanárach ina gCaitlicigh. Tá dhá dheoise ann agus easpag i gceannas ar gach ceann acu.

Tá Protastúnaigh ó Thuaisceart Eorpa ann freisin, agus Moslamaigh ón Afraic. Tá athbhunaitheoirí Críostaí ann ar nós The Church of Jesus Christ of Latter-day Saints. Tá a lán Hiondúch ann, agus go fiú Eaglais an Phobail Guanche, creideamh nua-Phágánach.

Geilleagar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an turasóireacht an chuid is mó den gheilleagar: 32% den olltáirgeacht intíre (OI). Tagann timpeall 10 milliún turasóir in aghaidh an bliana.

Baineann beagnach 20% den OI leis an tógáil, agus onnmharaítear barra trópaiceacha ar nós bananaí agus tobac chun na hEorpa agus Meiriceá. Tá eagla ar éiceolaithe go bhfuil an iomarca úsáide á bhaint as acmhainní nádúrtha, go háirithe sna hoileáin is tuire.

Aerphort Gran Canaria.

Iompar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ocht n-aerphort sna hOileáin agus dhá cheann de na calaí is mó sa Spáinn. Tá mórán bóithre ann.[10]

Tá a lán báid farantóireachta ann a théann ó oileán go hoileán. Tá cuid díobh measartha luath (ag déanamh os cionn tríocha muirmhíle san uair) agus ní dhéanann cuid eile ach timpeall fiche muirmhíle. B'fhéidir go leanfadh an gnáth-thuras idir La Palma agus Tenerife ocht n-uair an chloig nó os a chionn, ach ní thógfadh a leithéid ach timpeall dhá uair go leith ar bhád luath.

Thosaigh Tram Tenerife sa bhliain 2007. Is í an t-aon tram amháin sna hOileáin í agus téann sí idir Santa Cruz de Tenerife agus San Cristóbal de La Laguna. Táthar chun trí [+bealaí tram eile a thógáil, beirt in Tenerife agus ceann in Gran Canaria.

Creideamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baisleac Mhuire na Candelaria (Tenerife).

Mar a tharla an chuid eile de na Spáinne é, na hOileáin Chanáracha sochaí den chuid is mó Críostaí, den chuid is mó Chaitliceach Rómhánach. Mar sin féin, An bhfuil na sreabha imirce méadú (turasóireacht, inimirce, etc.) chun cur le líon na n-leanúna na reiligiúin eile chun teacht le chéile ar na hoileáin, mar Muslims, Hindus, etc.

Tá sé tábhachtach béim a chur ar an cult an Mhaighdean na Candelaria, an Naomh Pátrún na hOileáin Chanáracha, i Tenerife. A mheallann gach bliain níos mó ná 2.5 milliún duine a thugann cuairt ar a baisleac.

Tíreolas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag seo na hoileáin agus a gcuid bpríomhchathracha:


Oileán Bratach Armas Bardais Príomhchathar Achar (cm²) Daonra (2016)[11]
El Hierro 3 Valverde 268.71 10,587
Fuerteventura 6 Puerto del Rosario 1,665.74 107,521
Gran Canaria 21 Las Palmas de Gran Canaria 1,560.10 845,195
La Gomera 6 San Sebastián de La Gomera 369.76 20,940
Lanzarote 7 Arrecife 888.07 145,084
La Palma 14 Santa Cruz de La Palma 708.32 81,486
Tenerife 31 Santa Cruz de Tenerife 2,034.38 891,111

Fiasdhúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fiadhúlra domhanda[cuir in eagar | athraigh foinse]

Laurisilva (foraois bhogthais fothrópaiceach) i bPáirc Náisiúnta Garajonay in Oileán La Gomera.
Masca, Tenerife.

Tá speicis éan ann ón Afraic agus ón Eoraip ar nós na Gaineamhchirce Tarrdhuibhe, agus mórán taxa áitiúla:

  • Canáraí
  • Graja (in La Palma)
  • Rí Gorm (in Tenerife agus in Gran Canaria)
  • Tiuf-tiaf Canárach
  • Caislín Fuerteventura
  • Cíorbhuí Tenerife
  • Rí Rua La Palma
  • Bultúr Éigipteach Canárach
  • Colúr Bolle
  • Colúr Labhrais
  • Colúr Trocaz
  • Gabhlán
  • Clamhán Houbara

Tá Gearg an nOileán Canárach, an Ghealóg Chosfhada agus Tiuf-tiaf na nOileán Canárach Oirthearach imithe in éag.

Tá geiceonna ann mar Gheiceo Riabhach na nOileán, laghairtí ballaí, agus trí speiceas ar thángthas orthu arís le déanaí agus atá i gcontúirt mhór: Oll-Laghairt Oileán El Hierro, Oll-Laghairt Oileán La Gomera agus Oll-Laghairt Oileán La Palma.

I measc na mamach tá an Dallóg Chanárach, an Sciathán Leathair Cluasmhór Canárach, an Ghráinneog Ailgéarach (ainmhí a tugadh isteach, b'fhéidir) agus an chaora mouflon, ainmhí a tugadh isteach níos déanaí. D'imigh an Luch Laibhe, Oll-Fhrancach Oileán Gran Canaria agus Oll-Fhrancach Tenerife in éag.

Fiadhúlra mara[cuir in eagar | athraigh foinse]

Turtar Ceannramhar.

Tá speicis áitiúla agus speicis ón Aigéan Atlantach agus ón Meánmhuir le fáil timpeall na nOileán. Ina measc tá an Siorca, an Roc, an Eascann, an Garbhánach, an Liús, an Scairpiasc, an Garúpach, an Mac Siobháin, an tIasc Truicir agus an Ceannruán. Tá speicis gan cnámh droma ann freisin - an Spúinse, an Smugairle Róin, an Anamóine, an Portán, an tIasc Sliogánach, an Ghráinneog Trá, an Chrosóg Mhara, an Súmaire Cladaigh agus coiréal.

Feictear cúig speiceas turtar mara, go háirithe an Turtar Ceannramhar.[12] Is iad na cinn eile an Turtar Glas, an Turtar Frithghobach, an Turtar Droimleathair Turtar Ridley Kemp. Ní fheictear ag síolrú sna hOileáin anois iad ach b'fhéidir go síolraídís ann fadó.

Tá an Píolótach Gearreiteach, an Deilf Choiteann agus an Deilf Bholgshrónach le feiceáil timpeall na Oileán.

Páirceanna náisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ceithre pháirc náisiúnta ann. Suímh Oidhreachta Domhanda dhá cheann acu agus Anaclann Dhomhanda Bhithsféarach an dá cheann eile.[13]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. http://www.endangeredspecieshandbook.org/persecution_seals.php |title=Seals and Sea Lions Endangered Species Handbook |Endangeredspecieshandbook.org|
  2. Galindo, Juan de Abreu: The History of the Discovery and Conquest of the Canary Islands, Adamant Media Corporation, lch 173 ISBN 1-4021-7269-9
  3. http://www.megalithic.co.uk/article.php?sid=17910: C.Michael Hogan, Chellah, The Megalithic Portal, Andy Burnham, eag., Megalithic.co.uk
  4. http://www.ucalgary.ca/applied_history/tutor/oldwrld/colonists/canary.html Curtha i gcartlann 2007-10-13 ar an Wayback Machine Old World Contacts/Colonists/Canary Islands
  5. http://matiascallone.blogspot.com/2009/07/cualquier-cosa-que-flote-arrojada-al.html |title=ViSioN BeTa: “Cualquier cosa que flote arrojada al mar desde Canarias, llegará a América” |Matiascallone.blogspot.com
  6. http://www.personal.psu.edu/users/j/m/jml34/Canary.htm%7Cwww.personal.psu.edu[nasc briste go buan] "The Spanish of the Canary Islands" |Personal.psu.edu
  7. http://www.gobiernodecanarias.org/organizacion/estructura.jsf%7CGobierno de Canarias
  8. http://www.parcan.es/%7CSuíomh Pharlaimint na nOileán Canárach
  9. http://www.gobiernodecanarias.org/istac/estadisticas/php/saltarA.php?mid=/istac/estadisticas/territorio_ambiente/area_01_frame.html |Estadísticas de la Comunidad Autónoma de Canarias |Gobiernodecanarias.org
  10. "Canary Islands road map: Spain - Multimap". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-08-18. Dáta rochtana: 2010-11-19.
  11. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named :0
  12. Groombridge, Brian agus Wright, Lissie (1982), The IUCN Amphibia-reptilia Red Data Book, IUCN ISBN 978-2-88032-601-2
  13. http://pueblos10.com/parques-nacionales/canarias |Parques Nacionales de Canarias |Pueblos10.com |

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Alfred Crosby, Ecological Imperialism: The Biological Expansion of Europe, 900-1900 (Cambridge University Press) ISBN 0-521-45690-8
  • Felipe Fernández-Armesto, The Canary Islands after the Conquest: The Making of a Colonial Society in the Early-Sixteenth Century, Oxford U. Press, 1982. ISBN 978-0-19-821888-3; ISBN 0-19-821888-5
  • Sergio Hanquet, Diving in Canaries, Litografía A. ROMERO, 2001. ISBN 84-932195-0-9
  • Martin Wiemers: The butterflies of the Canary Islands. - A survey on their distribution, biology and ecology (Lepidoptera: Papilionoidea and Hesperioidea) - Linneana Belgica 15 (1995): 63-84 & 87–118 pdf



Comhphobail fhéinrialaitheacha na Spáinne

An Andalúis | Aragón | Asturias | Na hOileáin Bhailéaracha | Tír na mBascach Theas | Cantabria | Castilla-La Mancha | Castilla y León | Na hOileáin Chanáracha | An Chatalóin | Extremadura | An Ghailís | La Rioja | Comhphobal Mhaidrid | Murcia | Navarra | Comhphobal Valencia

Cathracha fhéinrialaitheacha na Spáinne

Ceuta · Melilla