An Ghailís

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Ghailís
Galicia (gl)
Galicia (es) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnOs Pinos Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 42°48′N 7°54′W / 42.8°N 7.9°W / 42.8; -7.9
Stát ceannasachan Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairSantiago de Compostela Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán2,695,645 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús91.15 hab./km²
Teanga oifigiúilan Ghailísis
an Spáinnis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla29,574 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Atlantach agus An Mhuir Chantabrach Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeTrevinca (en) Aistrigh (2,127 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síréigiún na Gailíse Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú28 Aibreán 1981
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinXunta de Galicia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachParlaimint na Gailíse Cuir in eagar ar Wikidata
• President of the Xunta of Galicia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataAlfonso Rueda (2022–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeArd-Chúirt Bhreithiúnais na Gailíse Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.gal (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cód ISO 3166-2ES-GA Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSES11 Cuir in eagar ar Wikidata

Is réigiún agus comhphobal féinrialaitheach in Iarthuaisceart na Spáinne í an Ghailís (Galiza as Gailísis agus Galicia as Spáinnis). Tá an Ghailís ag críochantacht leis an bPortáingéil agus le dhá chomhphobal féinrialaitheacha eile, mar atá, comhphobal na Caistíle agus Leon agus Comhphobal Asturias.

Tabhair faoi deara nach ionann an Ghailís sa Spáinn agus an Ghailís in Iarthar na hÚcráine in Oirthear na hEorpa. Fuair an dá réigiún an t-ainm ó na Ceiltigh, áfach, agus is ionann sanasaíocht an dá ainm, a bheag nó a mhór.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seanstair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagraíonn ainm na Gailíse don treibh Cheilteach a raibh cónaí uirthi sna bólaí seo fadó, chois Abhainn Douro. Thugadh na Rómhánaigh GallaeciCallaeci ar an treibh as Laidin, agus is é an t-ainm Gréigise ná Kallaikoi. Luaigh an staraí Gréagach Heireadótas faoin ainm seo iad.

Bhí cónaí ar dhornán treibheanna sa réigiún roimh theacht na Rómhánach, mar a deir staraithe Clasaiceacha ar nós Strabó, Heireadótas, agus Phlinias. Dealraíonn sé gur Ceiltigh a bhí iontu, agus go raibh siad measartha cosúil le chéile ó thaobh an chultúir de. De réir na fianaise atá ann, bhí teanga Cheilteach de shórt éigin á labhairt sa Ghailís go dtí an 15ú haois.

Teacht na Rómhánach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar a deir Livias, d'ionsaigh na Rómhánaigh faoi cheannasaíocht Decimus Iunius Brutus an Ghailís sna blianta 137-136 roimh bhreith Chríost, ach i ndáiríre, ní raibh an chumhacht ná an cultúr Rómhánach greamaithe go ródhomhain in ithir an réigiúin i réimeas Ágastas féin. Níor chuir na Rómhánaigh mórán suime sa chúige seo ach amháin mar fhoinse mianraí is mianaigh, ach sa deireadh, rinne siad proibhinse de faoi ainm Gallaecia. Tháinig cultúr ábhartha na Rómhánach agus a dteanga isteach i ndiaidh an ghabháltais a rinne siad, agus iad ag gearradh bóithre nua agus ag cur caoi ar na cathracha, mar ba dual dó. Ní dhearna siad iarrachtaí gníomhacha teanga na mbundúchasach a bhaint dá mbéal, áfach. Sa deireadh, rinne an Chríostaíocht féin a fódú sa Ghailís, de thoradh na nasc idir an cúige agus lárionaid chultúrtha na himpireachta.

Gabháltais na Suevi agus na Moslamach[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhorghabh na Suevi, treibh a raibh canúint Ghearmánda á labhairt aici, an Ghailís sa bhliain 411 AD. Ba iad na Suevi a bhunaigh an chéad ríocht mheánaoiseach sa chuid seo den Eoraip i ndiaidh Impireacht na Róimhe. Sa bhliain 584, áfach, d'ionsaigh na Viseagotaigh an Ghailís faoi cheannas an taoisigh Leovigild, agus chloígh siad ríocht na Suevi. Chuir Leovigild an Ghailís le tailte a ríochta féin, ach níor éirigh leis na Viseagotaigh a dteanga a chur á labhairt go forleathan ina ríocht. Ba iad na canúintí Rómánsacha, cosúil leis an nGailísis féin, a rug an chraobh leo.

Nuair a tháinig na Múraigh - na Moslamaigh ó thuaisceart na hAfraice - le Leithinis na bPiréiní a ghabháil sna blianta 711-718, níor éirigh leo an Ghailís a chur faoi smacht. Bhí an réigiún cosúil le garastún faoi léigear ar feadh i bhfad, ach sa deireadh, tháinig Alfonso I, Prionsa Asturias, chun fortachta do mhuintir na Gailíse sa bhliain 739. Ón lá sin ar aghaidh, bhí an Ghailís ar ceann de na ríochtaí Críostaí i dTuaisceart Leithinis na bPiréiní ina raibh canúint Rómánsach á labhairt.

Ionad Oilithreachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa naoú haois AD, thosaigh cultas Naomh Séamas ag éirí tábhachtach i measc na gCríostaithe, agus dá réir sin, thosaigh na hoilithrigh ag teacht go dtí Santiago de Compostela sa Ghailís, na sluaite flúirseacha acu. Inniu féin, tugann na mílte daoine Turas Naomh Séamas go Santiago de Compostela in aghaidh na bliana, agus siombalaíonn sé tábhacht stairiúil na hoilithreachta seo do na Críostaithe go dtugann na Spáinnigh "bealach Naomh Séamas" (el camino de Santiago) ar Bhealach na Bó Finne ina dteanga.

An Ghailís faoi Fhorlámhas na Caistíle[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1063, roinn Ferdinand I, Rí na Caistíle, tailte a ríochta idir a chuid mac. Ba é Garcia II, Rí na Gailíse, a fuair an Ghailís, ach má fuair féin, d'fhorghabh a dheartháir, Rí na Caistíle, Alfonso VI, an cúige, agus rinne sé cuid dá ríocht féin di. Mar sin, bhí an Ghailís á rialú mar chúige de chuid Ríocht na Caistíle agus Leon ón am sin i leith, cé go raibh féinrialtas de shórt éigin aici ó am go ham.

Sa 13ú haois, thosaigh an rí Alfonso X ag cur na Caistílise chun cinn mar theanga oifigiúil sa Chaistíl. Faoin mbrú seo, tháinig meath ar shaothrú liteartha na Gailísise, agus fuair an Spáinnis an lámh in uachtar. De thoradh na forbartha seo, fágadh an Ghailísis ina canúint bhocht i mbéal chosmhuintir an chúige, agus ba é an dearcadh oifigiúil nach raibh ann ach Spáinnis bhriste.

Sa dara leath den 16ú haois, b'éigean do Bhanríon Leon agus na Caistíle, Isibéil I, cath polaitiúil a chur ar an nGailís faoi cheist na corónach. Is amhlaidh gur tháinig éilitheoir mná ar an bhfód, bean darbh ainm Juana (Siobhán), agus ba í Siobhán Phortaingéalach, bean Annraoi IV, rí na Caistíle, a máthair. Ba í Siobhán óg an t-aon pháiste amháin a rugadh dá máthair riamh, agus ba é an chuma ar an scéal gurbh ise iníon Beltrán de la Cueva, leannán leapa na banríona - sin é an tuige go dtugtaí La Beltraneja ar Shiobhán. Sa deireadh, cloíodh Siobhán agus lucht a leanúna, agus de thoradh na n-imeachtaí seo, bhain Isibéil an neamhspleáchas nó an féinrialtas dá lán foras réigiúnach sa Ghailís. Dúirt an staraí ríoga Jerónimo Zurita y Castro gurb é an rud a rinne Isibéil ná Ríocht na Gailíse a choilleadh is a cheansú.

Tháinig deireadh deifnídeach leis an nGailís mar ríocht ar leith sa bhliain 1833, nuair a haontaíodh seanríochtaí na Spáinne in aon mhonarcacht amháin. Roimhe sin, bhí seacht bproibhinse agus lár-rialtas réigiúnach sa Ghailís, ach anois, rinneadh ceithre chúige di. Cé gur tugadh aitheantas di mar "réigiún stairiúil", ní raibh an Ghailís á rialú mar shlánaonad inti féin. Bhí muintir an réigiúin míshásta leis seo, agus tháinig gluaiseachtaí ar an bhfód a bhí ag éileamh tuilleadh aitheantais do réigiúin na Spáinne.

Sa bhliain 1846, d'éirigh na Gailísigh amach in aghaidh rialtas tíoránta Ramón María Narváez faoi cheannas an ghinearáil liobrálaigh Miguel Solís Cuetos, ach briseadh an cath orthu ag Cacheiras ar an 23 Aibreán 1846. Cuireadh ceannairí na ceannairce chun báis, an ginearál Solís ina measc. Breathnaítear orthu inniu mar mhairtírigh náisiúnta - Mairtírigh Carral, nó Mairtírigh na Saoirse.

An Rexurdimento - athbheochan an Ghailíseachais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eduardo Pondal.

Nuair nach raibh siad in ann saoirse a bhaint amach dóibh le lámh láidir, dhírigh na Gailísigh ar an gcath cultúrtha. Thosaigh athbheochan na teanga Gailísise - an Rexurdimento. Chuaigh scríbhneoirí an réigiúin ag saothrú na Gailísise arís mar theanga chultúrtha liteartha. Bhí baint ag Rosalía de Castro, Manuel Murguía, Manuel Leiras Pulpeiro, agus Eduardo Pondal leis an ngluaiseacht seo.

Go luath san fhichiú haois, tháinig gluaiseacht nua ar an bhfód leis an réigiúnachas a chur chun cinn sa Ghailís: Solidaridad Gallega, nó "Dlúthpháirtíocht na Gailíse". Níor mhair an ghluaiseacht seo beo ach ar feadh na mblianta 1907-1912, ach ina dhiaidh sin, tháinig na hIrmandades da Fala, is é sin, na Cuallachtaí Teanga. Ar dtús, ní raibh iontu ach cumainn chultúrtha, ach de réir a chéile d'iompaigh siad ina ngluaiseacht náisiúnaíoch Ghailíseach. Bhí Vicente Risco agus Ramón Otero Pedrayo ar thús cadhnaíochta ag cur chultúr na Gailíse chun cinn san am. Scríbhneoir a bhí i Risco a scríobhadh aistí Gailísise faoi litríocht an domhain, mar iarracht le stádas intleachtach na Gailísise féin a ardú agus le réamhshamplaí a sholáthar do scríbhneoirí nua. Sa pholaitíocht, ba é Lois Peña Novo príomhionadaí na gluaiseachta náisiúnta. Ba í an iris úd Nós ("Sinne") a d'fhoilsíodh saothar na scríbhneoirí is na n-intleachtóirí Gailíseacha i dteanga dhúchasach an réigiúin.

Sa bhliain 1931, tháinig Dara Poblacht na Spáinne ar an bhfód. San am seo, bhí roinnt páirtithe náisiúnaíocha ag obair sa Ghailís, ach ba é an Partido Galeguista an ceann ba thábhachtaí acu. Faoi stiúir na Poblachta, cuireadh ceist an fhéinrialtais ar vóta, agus ba é toradh na pobalbhreithe gur bronnadh féinrialtas ar an nGailís. Chuir Cogadh Cathartha na Spáinne bac ar an bhféinrialtas, áfach. Cé go ndeachaigh an t-acht féin ar leabhar na reacht, níor tháinig sé i bhfeidhm riamh, nó i ndiaidh an chogaidh, ba é Francisco Franco a ghabh cumhacht, agus é go tréan in aghaidh ghluaiseachtaí féinrialtais na réigiún uile, gan trácht a dhéanamh ar na teangacha réigiúnacha. Íorónta go leor, Gailíseach a bhí ann féin, ach mhothaigh sé é féin ina Spáinneach thar aon rud eile.

Franco ag imirt a dhíoltais ar na Gailísigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní raibh troid mhór á cur sa Ghailís i rith bhlianta an chogaidh, nó d'éirigh le lucht leanúna Franco an lámh in uachtar a fháil sa réigiún i dtús báire. Mar sin féin, bhí cogadh polaitiúil á chur, agus na saighdiúirí ag marú is ag céasadh a gcuid naimhde polaitiúla go gránna ar fad. Cuireadh cosc ar na páirtithe polaitiúla, agus scoireadh na ceardchumainn agus na heagraíochtaí cultúrtha réigiúnacha le lámh láidir. Cuireadh ceithre mhíle dhá chéad duine, ar a laghad, chun báis gan triail nó breith chúirte ar bith. Maraíodh daoine ar nós Juana Capdevielle (a raibh a fear céile ina gobharnóir ar A Coruña), Ángel Casal (a bhí ina Ard-Mhéara ar Santiago de Compostela), polaiteoirí aithnidiúla Sóisialacha ar nós Jaime Quintanilla i bhFerrol agus Emilio Martínez Garrido i Vigo, feisirí de chuid Fhronta an Phobail (comhghuaillíocht toghchánaíochta na heite clé) ar nós Antonio Bilbatúa, José Miñones, Díaz Villamil, Ignacio Seoane, agus Heraclio Botana (iar-Fheisire), saighdiúirí nár thaobhaigh le reibiliún Franco in aghaidh na Poblachta, cosúil leis na ginearáil Rogelio Caridad Pita agus Enrique Salcedo Molinuevo nó leis an aimiréal Antonio Azarola. Cuireadh bunaitheoirí an Partido Galeguista, Alexandre Bóveda agus Víctor Casas, chun báis chomh maith. Cuid mhaith eile de lucht ceannais na Gailíse, d'éirigh leo teacht slán agus cur fúthu ar an gcoigríoch.

Deachtóireacht Franco[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh chogadh cathartha na Spáinne, bhí Franco ag rialú na Spáinne ina dheachtóir go lá a bháis sa bhliain 1975. Chuir sé béim ar an Spáinnis mar phríomhtheanga chultúrtha agus mar shiombail do "mhórgacht na Spáinne" sna laethanta a bhí, agus ní raibh sé ceadaithe an Ghailísis a chur chun cinn mar theanga chultúrtha nó liteartha. Bhí baiclí beaga de radacaigh chlé ag cur in aghaidh na deachtóireachta faoi cheannasaithe ar nós "O Piloto" (fíorainm: Xosé Castro Veiga), ar mharaigh na póilíní míleata i Chantada é sa bhliain 1965, nó Foucellas (fíorainm: Benigno Andrade) a cuireadh chun báis in A Coruña sa bhliain 1952.

Cheadaigh Franco do pholaiteoirí pragmatacha ar nós Manuel Fraga Iribarne forbairt eacnamaíoch a dhéanamh ar an réigiún, ar acht go dtabharfaidís aird ar threoracha na hEaglaise - go praiticiúil, b'ionann sin agus Opus Dei, an chuallacht eaglasta choimeádach a bhí ag comhoibriú go dlúth le Franco. Níor bhac na forbróirí eacnamaíocha sin le cúrsaí an dúlra ná le leas mhuintir an réigiúin, áfach, nó is é an dearcadh a bhí acu ná go raibh amhábhair agus acmhainní nádúrtha na Gailíse ag teastáil ón Spáinn ar fad. Mar sin, nuair a bhí an comhlacht úd Fenosa, a raibh monaplacht aige i gcúrsaí an fhuinnimh leictrigh sa Spáinn ag an am, - nuair a bhí an comhlacht sin ag tógáil dambaí hidrileictreacha sa Ghailís, bháigh sé a lán gleannta sa Ghailís, agus b'éigean do mhuintir na ngleannta sin aistriú go háit éigin eile. Faoi na himthosca seo, is iomaí Gailíseach a chuaigh ar imirce go tíortha eile san Eoraip nó i Meiriceá Laidineach féin.

De réir a chéile, áfach, thosaigh cuma nua-aimseartha ag teacht ar eacnamaíocht na Gailíse. Bhunaigh Citroën monarcha gluaisteán i Vigo, agus tháinig borradh nua faoi ghnó na hiascaireachta agus na feirmeoireachta féin nuair a tugadh modhanna oibre tionsclaíocha isteach, sa déiríocht ach go háirithe, nó i stánú an éisc. Bhí ról tábhachtach ag Euloxio Gómez Franqueira san fhorbairt seo. Polaiteoir measartha a bhí ann agus é ag iarraidh idirghabháil agus eadráin a dhéanamh idir córas cumhachta Franco agus cosmhuintir na Gailíse. Theastaigh uaidh mar fhear gnó tionscal na feirmeoireachta a thabhairt chun nua-aimsearthachta sa réigiún, agus bhunaigh sé an chéad chomharchumann feirmeoireachta sa Ghailís.

Nuair a bhí réimse cumhachta Franco ag druidim chun deiridh, tháinig borradh faoin náisiúnachas sa Ghailís arís. Bhí na mic léinn ag léirsiú agus an lucht oibre is na feirmeoirí ag dul ar stailc. Sa bhliain 1972, fuair Amador Rey agus Daniel Niebla bás nuair a chuir na fórsaí slándála stailceanna faoi chois i Vigo agus in Ferrol. Ní raibh an Eaglais Chaitliceach sásta tacú le Franco a thuilleadh, ach an oiread, nó sa bhliain chéanna, d'eisigh easpag Mondoñedo agus Ferrol, Miguel Anxo Araúxo Iglesias, tréadlitir inar cháin sé cruálacht na bhfórsaí slándála. Ba é ba spreagadh don tréadlitir seo ná gur maraíodh beirt fhear oibre nuair a tháinig na póilíní míleata go Bazán - comhlacht longcheártaíochta in Ferrol - le léirsiú na bhfear oibre a stopadh.

I nDiaidh Franco[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh do Franco bás a fháil, tháinig an daonlathas ar ais go dtí an Spáinn, agus mar chuid den fhorbairt seo, fuair an Ghailís a féinrialtas ar ais, rud a socraíodh i Reacht Féinrialtais na Gailíse sa bhliain 1981. Is éard a deirtear i dtús an Reachta ná: Ós náisiúntacht stairiúil í an Ghailís, gairtear Comhphobal Féinrialaitheach de, le go mbeidh féinrialtas aici de réir mar a fhorálann Bunreacht na Spáinne agus an Reacht seo. Bíonn náisiúnachas Gailíseach le haithint i saol polaitiúil na Gailíse go fairsing, ach is é Bloc Náisiúnaíoch na Gailíse (Bloque Nacionalista Galego) an t-aon pháirtí náisiúnaíoch amháin a bhfuil tábhacht leis ó thaobh na vótála de. Páirtí clé atá ann a bunaíodh sa bhliain 1982, nuair a tháinig roinnt páirtithe clé le chéile faoi stiúir Xosé Manuel Beiras, ollamh le heacnamaíocht agus duine d'intleachtóirí móra na Gailíse san fhichiú haois.

Sna blianta 1990-2005, bhí an rialtas agus an parlaimint réigiúnach, an Xunta, faoi smacht an Partido Popular, nó Páirtí an Phobail, arb é páirtí coimeádach na Spáinne é. Ba é Manuel Fraga Iribarne, a bhí ina Aire agus ina ambasadóir i mblianta Franco, a bhí i gceannas ar rialtas na Gailíse san am. Sa bhliain 2002, chuaigh an Prestige, tancaer mór artola, i dtóin phoill in aice le cósta na Gailíse, agus rinne an artola dochar mór do dhúlra an chósta. Bhí muintir na Gailíse den bharúil nach ndearna Fraga a dhícheall leis an gcósta a ghlanadh ná leis an dlí a chur ar na daoine a bhí freagrach as an doirteadh, agus i dtoghcháin na bliana 2005, chaill an Partido Popular an dearbhthromlach sa pharlaimint réigiúnach, agus thit an chumhacht le comhrialtas na Sóisialaithe (PSdeG nó Partido dos Socialistas de Galicia nó Páirtí Sóisialach na Gailíse, arb é craobh Ghailíseach an pháirtí Shóisialaigh uile-Spáinnigh, PSOE) agus na Náisiúnaithe (BNG). Ó ba é PSdeG an páirtnéir sinsearach sa chomhrialtas, rinneadh Uachtarán na Gailíse de chathaoirleach an pháirtí sin, Emilio Pérez Touriño. Fuair Anxo Quintana, cathaoirleach na náisiúnaithe, suíochán an Leas-Uachtaráin. I dtoghcháin na bliana 2009, tháinig an PP i seilbh na cumhachta arís, agus is é an coimeádach Alberto Núñez Feijóo an tUachtarán inniu.

Teanga[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Ghailísis.

Is iad an Spáinnis agus an Ghailísis (Galego) na teangacha a labhraítear sa Ghailís. Teanga Rómánsach í an Ghailísis, is é sin, teanga a d'fhorbair as an Laidin labhartha. Tá gaol aici leis an Spáinnis chomh maith, ach is í an Phortaingéilis an teanga is gaolmhaire léi. Bhí an Spáinnis ar an t-aon teanga oifigiúil ar feadh níos mó ná ceithre chéad bliain (ón gceathrú haois déag go dtí an naoú haois déag), ach i ndiaidh bhás Franco, fuair an Ghailísis ar ais a stádas oifigiúil sa tír agus í á múineadh sna scoileanna Gailíseacha chomh maith leis an Spáinnis inniu. Tá muintir na Gailíse ar aon fhocal gur chóir an teanga a choinneáil á labhairt agus a stádas a ardú sa tsochaí.

Ar dtús, aon teanga amháin - an teanga Gailísise-Portaingéilise - a bhí i gceist leis an nGailísis, agus í á labhairt sa Ghailís féin agus taobh thuaidh den abhainn úd Douro - is é sin, sa chuid is faide thuaidh den Phortaingéil, de réir thíreolaíocht ár linne féin. Sa Mheánaois, thosaigh an dá theanga ag scaradh ó chéile, agus chuir an scarúint pholaitiúil luas leis an bhforbairt seo. Inniu féin, tá an dá theanga an-chosúil le chéile. Faigheann muintir Thuaisceart na Portaingéile furasta adhmad a bhaint as an nGailísis labhartha, ach bíonn sé níos deacra ag muintir an deiscirt.

Tíreolas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Armas na Gailíse

Ón 15ú aois go dtí 1833 roinneadh an tír i seacht gcúige:

Ó 1833 ar aghaidh, ní raibh ach ceithre cinn ann:

Is iad Vigo, A Coruña, Pontevedra, Lugo, Ferrol, Ourense, agus Santiago de Compostela, na príomhchathracha is tábhachtaí. Is í Santiago de Compostela príomhchathair an réigiúin agus cathair an Easpaig. Freisin is é an áit ina chríochnaíonn an "camino de Santiago", an ionad oilithreachta crábhaidh is cáiliúla ón méanaois.


Bardais na Gailíse de réir daonra
Vigo
Vigo
A Coruña
A Coruña
Ourense
Ourense
Uimhir Bardais Cúige Daonra

Lugo
Lugo
Santiago de Compostela
Palencia
Pontevedra
Pontevedra

1 Vigo Pontevedra 292,817
2 A Coruña A Coruña 243,978
3 Ourense Ourense 105,893
4 Lugo Lugo 97,995
5 Santiago de Compostela A Coruña 95,612
6 Pontevedra Pontevedra 82,671
7 Ferrol A Coruña 67,569
8 Narón A Coruña 39,565
9 Vilagarcía de Arousa Pontevedra 37,283
10 Oleiros A Coruña 34,693




Ó thaobh na tíreolaíochta de, an rud is tábhachtaí mar gheall ar Galicia ná na heangacha ar an gcósta, inbhir a bháígh le héirí leibhéil an t-uisce tar éis na hoighearaoise dheireanaí. Glaonn siad "rías" orthu agus tá siad roinnte sna Rías Altas, Rías Medias, agus Rías Baixas. Cónaíonn cuid mhaith den phobal in aice na Rías Baixas, áit a bhfuil cathracha lárnacha móra, ina measc Vigo agus Pontevedra. Tá na rias tábhachtach don iascaireacht agus dá bharr sin, tá an cósta an-tábhachtach do na hiascairí. Tagann a lán turasóirí chun na radharcanna iontacha a fhéicéal. Glaotar "A Costa do Marisco" (sé sin: "An Cósta Bia mara") in Gailísis) ar an chuid ghlas seo den Spáínn.

Féach Freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Vicipéid as Béarla tar éis chuid mhaith de aistrithe; http://en.wikipedia.org/wiki/Galicia_%28Spain%29

Comhphobail fhéinrialaitheacha na Spáinne

An Andalúis | Aragón | Asturias | Na hOileáin Bhailéaracha | Tír na mBascach Theas | Cantabria | Castilla-La Mancha | Castilla y León | Na hOileáin Chanáracha | An Chatalóin | Extremadura | An Ghailís | La Rioja | Comhphobal Mhaidrid | Murcia | Navarra | Comhphobal Valencia

Cathracha fhéinrialaitheacha na Spáinne

Ceuta · Melilla


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]