Pórtico do Paraíso

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pórtico do Paraíso.

Stuara de chuid na hArdeaglaise Ourense is ea an Pórtico do Paraíso (Gaeilge:Stuara an Parthais), gné dhealbhóireachta a thugann rochtain, tríd an bpríomhbhealach isteach chuig an teampaill. Tógadh é sa chéad leath den tríú haois déag, le linn an easpaig Lourenzo (1218-1248), an té a chríochnaigh tógáil na h-ardeaglaise, in aon chás tar éis 1230. Mór le rá mar gheall ar a chuid dhealbhóireachta pholacrómatacht, a bhfuil bail mhaith uirthi, ón 18ú haois, agus a bhí athchóirithe sa bhliain 2013. Sa lá atá inniu ann, ní féidir mórán datha a fheiceáil ar an aghaidh chúl.

Ní fios cé an duine nó na daoine a bhí freagrach as an stuara a thógáil. Chuir Ángel del Castillo é i leith an mháistir Juan Evangelista: "Tras la fachada principal... existe el llamado Pórtico del Paraíso, de principios del siglo XIII, es obra, al parecer, del maestro Juan Evangelista, (según inscripción de cierta figura de un ángel, encontrado hace unos años)".

Gaeilge:"Taobh thiar den phríomhaghaidh ... tá an Pórtico del Paraíso mar a thugtar air, ó thús an tríú haois déag, de réir dealraimh is saothar an mháistir Juan Evangelista é, (de réir na hinscríbhinne ar fhíor aingil áirithe, a tángthas air cúpla bliain ó shin)."

Go deimhin, is cosúil go bhfuil an t-inscríbhinn seo, "Juan Evangelista fecit", ar aingeal trumpadóra, atá caomhnaithe sa mhúsaem na hardeaglaise agus nach bhfuil baint ar bith aige leis an stuara, mar shampla ní thacaíonn saineolaithe, a leithéid agus Serafin Moralejo, Ramón Yzquierdo Perrín, Xosé Carlos Valle Pérez agus Eduardo Carrero Santamaría, an bunús sin a dheimhniú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pórtico da Gloria

  1. Fotografía do anxo trompeteiro