Strabó

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaStrabó

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breithc. 63 "RCh"
Amasia, An Ghréig Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 ↔ 24
84/85 bliana d'aois
Amasia, An Ghréig Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreTíreolaíocht
Gairmtíreolaí, fealsamh, staraí, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaAn Ré Heilléanaíoch
Mac/iníon léinn de chuidBoethus Shiodón, Tyrannion Amisus agus Aristodemus Nysa
TeangachaAn tSean-Ghréigis
Saothar
Saothar suntasach

Staraí Gréagach, geografaí agus fealsamh ab ea Strabó (Gréigis: Στράβων; BC 63/64 - ca. AD 24)

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Strabó le teaghlaigh saibhir ó Amaseia (Amasya sa Tuirc, an lá atá inniu ann) i bPontus, cathair in oirthuaisceart na Tuirce, thart ar 75 km ón Mhuir Dhubh.

Is le gairid a bhí Pontus gafa ag Impireacht na Róimhe, agus cé go raibh sé i bhfabhar na hImpireachta ó thaobh na polaitíochta de, bhain Strabó, ar thaobh a mháthair de, le teaghlach mór le rá ina raibh seilbh acu ar phoist tábhachtacha faoi riailréim Mhiotradáits Mór.

Ba é príomhthréith shaol Strabó ná taisteal fairsing go dtí an Éigipt agus Cush; chomh fada siar le cósta na Tuscaine agus chomh fada ó dheas leis an Aetóip; sa bhreis ar thrastaisteal na hAise Beaga agus an t-am a chaith sé sa Róimh. Bhí taisteal ar fud an Mheánoirthir agus Neasoirthir, go háirithe le haghaidh críocha scolártha, coitianta le linn na ré seo, toisc go raibh síocháin choibhneasta ar fud an réigiúin le linn réimeas Ágastais (27 RC - AD 14). Bhog sé go dtí an Róimh sa bhliain 44 RC, agus d'fhan sé ann, i mbun staidéir agus scríbhneoireachta, go dtí ar a laghad 31 RC. Sa bhliain 29 RC, ar a bhealach chun na Corinthe (áit ina a raibh Ágastas ag fanacht, ag an am sin), thug sé cuairt ar an oileán Gyaros sa Mhuir Aeigéach ar feadh roinnt blianta. Thart ar 25 RC, sheol sé suas an Níl go dtí gur shrois sé Philae. Níl taifead againn ina ndiaidh seo ar a himeachtaí go dtí 17 AD, nuair a d'fhill sé ar an Róimh chun dréacht deiridh de chuid a 'Tíreolaíocht' a chríochnú le linn a bhlianta deiridh.

Ní fios go cruinn cathain a scríobh Strabó Tíreolaíocht, cé go bhfuil barúlacha taobh istigh den obair féin a thugann le fios go raibh sé scríofa i dtréimhse laistigh de réimeas an Impire Tibir.