An Tuirc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Tuirc
Türkiye Cumhuriyeti (tr)
Türkiye (tr) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Aintiúnİstiklâl Marşı Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Yurtta sulh, cihanda sulh» Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 39°N 36°E / 39°N 36°E / 39; 36

PríomhchathairAnkara Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán85,372,377 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús108.95 hab./km²
Líon na dteaghlach26,075,365 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilAn Tuircis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deNa Balcáin
Imchuach na Meánmhara
Imchuach na Mara Duibhe
An Meánoirthear
Iarthar na hÁise
An Eoráise Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla783,562 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Mheánmhuir, An Mhuir Dhubh, An Mhuir Aeigéach agus An Mhuir Leiveantach Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMount Ararat (en) Aistrigh (5,137 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleAn Mhuir Dhubh (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
an tSiria
an Bhulgáir (1923–)
an Ghréig (1923–)
an Iaráin (1923–)
an Iaráic (1932–)
Léig na nArabach (1945–)
Aontas Eorpach (1981–)
an tSeoirsia (1991–)
an Airméin (1991–)
an Asarbaiseáin (1991–) Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Leanann sé/sían Impireacht Otamánach Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1923
29 Deireadh Fómhair 1923
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaisstát aonadach agus córas uachtaránachta Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinCabinet of Turkey (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachGrand National Assembly of Turkey (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán na Tuirce Cuir in eagar ar WikidataMustafa Kemal Atatürk (1923–1938) Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán na Tuirce Cuir in eagar ar WikidataRecep Tayyip Erdoğan (2018–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil819,034,484,303 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadralira na Tuirce Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.tr Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+90 agus +36 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112 agus 177 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreTR Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSTR Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinturkiye.gov.tr Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: edevletkapi Twitter: ekapi Instagram: edevletkapisi Youtube: UChX28IHPQ2jyaBatdfRqGSQ Cuir in eagar ar Wikidata

Tír is ea Poblacht na Tuirce (Tuircis: Türkiye Cumhuriyeti) a bhfuil 7% dá hachar suite san Eoraip agus 93 % de san Áise. Is í Ancara an phríomhchathair ach tá Iostanbúl ar an gcathair is mó.

Tá an tír roinnte ina haon chúige is ceithre scór (il a thugtar ar chúige as Tuircis, iller an uimhir iolra).

Príomhgheata Pálás Dolmabahçe in Iostanbúl

Daonra[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Lúnasa 2006, measadh go raibh 70 milliún duine ina gcónaí sa Tuirc. Ach sa bhliain 2021, bhí 85 milliún ann, ag cur brú mór ar an sochaí.[1]

Cé go bhfuil an Tuircis ó dhúchas ag an gcuid is mó acu, tá mionlaigh mhóra eitneacha sa tír.

Tá an Tuirc suite i réigiún a chuir a lán craiceann de ó thaobh na teanga agus an chultúir de i rith na gcéadta bliain. Bhí an Impireacht Bhiosántach agus an Impireacht Otamánach suite anseo. Ós rud é go bhfuil an Tuirc lonnaithe in áit chinniúnach idir an Eoraip agus an Áise, tá cultúr measctha aici ina dtagann traidisiúin an Iarthair agus an Oirthir le chéile. Is minic a deirtear gur droichead idir an dá thrá seo is ea an Tuirc. Dá réir sin, tá tábhacht straitéiseach na Tuirce i súile na gcumhachtaí móra ag dul chun méadaíochta le fada.

Na Coirdínigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na Coirdínigh an dream eitneach is mó a bhfuil teanga agus nósanna dá gcuid féin acu, ach is deacair breithiúnas maith a thabhairt ar a gcéatadán, ós rud é nach gceadaíonn reachtaíocht na Tuirce go dtabharfaí aitheantas ar bith do na saindreamanna eitneacha sna daonáirimh.

Is é oirdheisceart na tíre fód traidisiúnta dúchais na gCoirdíneach, ach chuaigh cuid mhór acu a chónaí in Iostanbúl nó go dtí na cathracha móra eile, ós rud é go bhfuil an t-atmaisféar níos liobrálaí iontu. Sna ceantair oirdheisceartacha, áfach, tá Arm na Tuirce ag cur catha ar na treallchogaithe Coirdíneach atá ar lorg neamhspleáchais. Fuair tríocha míle duine bás ar a laghad sa choimhlint seo ó na 1970idí anuas, agus an daonra sibhialta go mór mór thíos leis an gcogadh seo.

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Poblacht dhaonlathach lárnaithe is ea an Tuirc, fós.

Tá an Tuirc ina ballstát bunaithe de na Náisiúin Aontaithe, d'Eagraíocht na Comhdhála Ioslamaí, den Eagraíocht um Chomhoibriú agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD), agus den Eagraíocht um Shlándáil agus Chomhoibriú san Eoraip (OSCE).

Tá an Tuirc ina ballstát de Chomhairle na hEorpa ón mbliain 1949 anuas, agus chuaigh sí san ECAT (NATO) sa bhliain 1952.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

1920idí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Kemal Atatürk

B'é Mustafa Kemal Atatürk, thiar sa bhliain 1923, a chuir an chéad tús leis an gcóras polaitiúil atá i bhfeidhm sa tír inniu, nuair a thit an tóin as an Impireacht Otamánach i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda.

Ar an 28 Márta 1930 bhí athrú na hainmneacha ar dhá chathair sa Tuirc: Iostanbúl (Cathair Chonstaintín) agus Ancara (Angora),

2005-2015[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó 2005 go dtí 2014, bhí an Tuirc ag éirí níos cóngaraí don Iarthar. Bhí comhchainteanna ar siúl idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc faoi bhallraíocht iomlán na Tuirce san eagraíocht.

Ar an 28 Lúnasa 2014, toghadh Tayyip Erdogan ina uachtarán ar an Tuirc, tar éis dó 11 bhliain a chur isteach mar chéad aire.

2016 -[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharla "coup d'état" in aghaidh ar an 15 Iúil 2016 [2]. Maraíodh 294 agus gortaíodh 1400.

Theip an réabhlóid. Dúirt iarcheannaire sa bhfórsa aeir Akin Ozturk gurb eisean a phleanáil an coup d'état. Dúirt daoine a thacaigh leis an coup d'état míleata gur iarracht a bhí ann stát daonlathach a dhéanamh den tír.

Bhí os cionn 40,00 duine gafa, baill shinsearacha den arm agus breithimh san áireamh.

Bhí foláireamh tugtha ag ceannairí na hEorpa ag an am go gcuirfear deireadh le deis na Tuirce a bheith san Aontas Eorpach má thugtar pionós an bháis ar ais.

2023[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eacnamaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an Tuirc ar cheann den 20 geilleagar is mó ar domhan, tír ina bhfuil 85 milliún duine ina gcónaí, agus naisc pholaitiúla agus eacnamaíochta aici le tíortha éagsúla ar fud na cruinne.[3]

Nuair a toghadh Erdogan ar dtús in 2003, bhí tréimhse fáis ann ó thaobh na heacnamaíochta ach de réir a chéile mhéadaigh ar an gcáineadh a dhéantaí air, go háirithe mar gheall ar a chur chuige uathlathach ó na 2010idí ar aghaidh.

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Demographics of Turkey" (as en) (2023-05-26). Wikipedia. 
  2. Na meáin stáit sa Tuirc ag tuairisciú go ndúirt iarcheannaire sa bhfórsa aeir Akin Ozturk gurb eisean a phleanáil an coup d'état, RTÉ 2016.
  3. "Vóta réitigh i ndán d’iarrthóirí thoghchán uachtaránachta na Tuirce" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-05-15). Dáta rochtana: 2023-05-26.