Coirdínigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaCoirdínigh

Cineálgrúpa eitneach
Teangaan Choirdis, An Tuircis, an Pheirsis agus an Araibis
Creideamhan tIoslam Sunnaíoch, Siach, Alevism (en) Aistrigh, Yazidism (en) Aistrigh, An Chríostaíocht agus An Giúdachas
Ball depobal Iaránach
Tíreolaíocht
Stáitan Tuirc, an Iaráic, an Iaráin, an tSiria, an Ghearmáin, an Afganastáin, an Asarbaiseáin, an Liobáin, an Rúis, an tSeoirsia, an Airméin, an Chasacstáin, an Ríocht Aontaithe, Iosrael agus an Airgintín
Coirdínigh

Is grúpa eitneach Áiseach iad na Coirdínigh. Is í an Choirdis a bpríomhtheanga.

Na Coirdínigh sa Tuirc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na Coirdínigh an dream eitneach is mó sa Tuirc a bhfuil teanga agus nósanna dá gcuid féin acu. Ach is deacair breithiúnas maith a thabhairt ar a gcéatadán, ós rud é nach gceadaíonn reachtaíocht na Tuirce go dtabharfaí aitheantas ar bith do na saindreamanna eitneacha sna daonáirimh.

Is é oirdheisceart na tíre fód traidisiúnta dúchais na gCoirdíneach, ach chuaigh cuid mhór acu a chónaí in Iostanbúl nó go dtí na cathracha móra eile, ós rud é go bhfuil an t-atmaisféar níos liobrálaí iontu.

Sna ceantair oirdheisceartacha, áfach, tá Arm na Tuirce ag cur catha ar na treallchogaithe Coirdíneach atá ar lorg neamhspleáchais. Fuair tríocha míle duine bás ar a laghad sa choimhlint seo ó na 1970idí anuas, agus an daonra sibhialta go mór mór thíos leis an gcogadh seo.