An Afganastáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Afganastáin
افغانستان (ps) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

AintiúnThis Is the Home of the Brave (2021) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 33°N 66°E / 33°N 66°E / 33; 66

PríomhchathairCabúl Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán37,466,414 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús57.44 hab./km²
DéamainmAfganastánach Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilAn Phaistis
an Dairis
An Bhalúitsis
Nuristani (en) Aistrigh
Pamir (en) Aistrigh
Pashayi (en) Aistrigh
An Úisbéiceastáinis
an Araibis
An Tuircméinis Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnAn tIoslam Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla652,230 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce0 % Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeNoshaq (7,492 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleAmudaryo (258 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
1709Hotaki Empire (en) Aistrigh
19 Meitheamh 1747Durrani Empire (en) Aistrigh
1823Emirate of Afghanistan (en) Aistrigh
1926Ríocht na hAfganastáine
1973Poblacht na hAfganastáine
1978Democratic Republic of Afghanistan (en) Aistrigh
1992Stát Ioslamach na hAfganastáine
1996Éimíríochta Ioslamach na hAfganastáine
2002Stát Ioslamach Idirthréimhseach na hAfganastáine
2004Poblacht Ioslamach na hAfganastáine
2021Éimíríochta Ioslamach na hAfganastáine
Eachtra thábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaisstát aonadach, dialathas agus éimíríocht Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas na hAfganastáine Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachTionól Náisiúnta na hAfganastáine Cuir in eagar ar Wikidata
• Amir al-Mu'minin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataAmānullāh Khān (1926–1929) Cuir in eagar ar Wikidata
• Prime Minister of Afghanistan (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataAbdul Kabir (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeCúirt Uachtarach na hAfganastáine Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil14,583,135,237 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadraafghani Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.af Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+93 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112, 100, 101 agus 102 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreAF Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinalemarahenglish.af Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: TalibanUpdates Youtube: UCF_fUrvSVJcLabN9XRRW8kw Cuir in eagar ar Wikidata


Tír Áiseach í an Afganastáin (Paistis/Dairi-Pheirsis: افغانستان, Afğānistān). Tá sí suite i lár na hÁise agus í teorainn ar theorainn leis an Iaráin, an Phacastáin, an Tuircméanastáin, leis an Úisbéiceastáin, leis an Táidsíceastáin agus leis an tSín. Is é Cabúl an phríomhchathair. Tá 33.3 milliún duine ina gcónaí sa tír.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá iarsmaí daonna ar na sléibhte atá níos sine ná caoga míle bliain, agus léiríonn iontaisí plandaí gur thosaigh an fheirmeoireacht i gceantar an Hindu Kush timpeall an ama sin. Creidtear gur ann a rinneadh cré-umha den chéad uair. Bhí bailte á dtógáil thart faoi chúig mhíle bliain ó shin. Meastar gur bunaíodh Cabúl timpeall 1,500 RC.

Timpeall 600 RC bhunaigh Zoroaster creideamh nua aon Dé i mBaictria. I gceann tamaill tháinig cuid mhór den tír faoi smacht impireacht na Peirse. Tar éis d'Alastar Mór an Pheirse a ghabháil chuir sé smacht ar an Afganastáin, agus bhí na Gréagaigh faoi réim ar feadh cúpla céad bliain. D'fhás cultúr ar leith sa tuaisceart a raibh rian an Bhúdachais agus na Gréige air. Impireacht Kushan a tugadh ar an tréimhse sin, ach thit an impireacht as a chéile i 220 AD. Ghlac na Hunaigh seilbh ar an tír i 400 AD agus rinne siad slad; tháinig na Peirsigh i réim arís i 550 AD ach is iomaí éirí amach a bhí ann. Thug na hArabaigh an tIoslamachas chun na tíre i 652.

Bunaíodh impireacht Ioslamach Ghaznavid (962-1140) agus bhí príomháit ag an Afganastáin i sibhialtacht na Moslamach. Nuair a cailleadh Machmad Ghazni i 1030 thit a ríocht as a chéile agus ní raibh cosaint ar bith ag na hAfganastánaigh ar Gheingeas Cán nuair a rinne sé ionradh ar an tír i 1219. Scrios Geingeas Cán an córas uiscithe agus rinne fásach buan de cheantair a bhí an-torthúil tráth.

Bhí Timour-i-Lang i réim ó 1370 go 1404.

Ghlac Afganastánach darbh ainm Buhlul seilbh ar Deilí na hIndia gur bhunaigh sé ríshliocht Lodi. Rinneadh ionradh ar an Afganastáin ón India ina dhiaidh sin agus bhí dreamanna éagsúla faoi réim ann go dtí gur éirigh le Ahmad Shah Candahar a ghabháil i 1747 agus críocha na hAfganastáine a aontú. Bhí sé i gcumhacht go dtí 1773 agus impireacht thréan aige. Ach ba mhinic daoine i mbun ceannairce san 18ú haois, agus rinne an Pheirs insuite gan rath.

An 19ú hAois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí aicmí éagsúla ag dul in adharca a chéile ar feadh na mblianta, agus chaill an Afganastáin smacht ar cheantar na Sinde. I 1833 ghabh na Peirsigh cúige Churasan, ach bhí na hAfganastánaigh ábalta Heireat a chosaint. Ghabh na Saícigh Peiseabhar i 1834 agus ní raibh na hAfganastánaigh ábalta iad a ruaigeadh in ainneoin bhua chath Sheamrud.

Tháinig Dost Mohammad Khan i gcumhacht in 1836 agus é ag athaontú na tíre nuair a d'ionsaigh na Sasanaigh é. Lean an cogadh ar feadh trí bliana nó gur ghéill Dost Mohammad Khan agus gur chuir na Sasanaigh Shah Shuja i gcoróin. Maraíodh é siúd i mí Aibreáin 1842 agus bhí cogadh arís ann. Bhuaigh Akbar Khan ar na Sasanaigh agus níor tháinig ach fear amháin den 16,600 saighdiúir d'arm na Breataine slán. Bhí an Afganastáin neamhspleách arís ach ghabh na Sasanaigh an Bhalúitseastáin, rud a d'fhág an Afganastáin gan chladach gan chósta riamh ó shin.

Bhí cumhacht na Rúise ag méadú ar fud na hÁise ag an am, agus ghabh sí Búcara, Taiscint agus Samarcand i 1865. Leag an Rúis síos teorannacha thuaidh na tíre in 1873 ach cúig bliana ina dhiaidh sin rinne na Sasanaigh ionradh ar an Afganastáin arís. D'fhan siad ann go dtí 1880 agus chaill an Afganastáin a thuilleadh tailte. Rinne na Rúisigh athionsaí i 1885 gur bhain sí tailte eile den tír. Bhí an Bhreatain agus an Rúis ag dul in iomaíocht le chéile chun smacht a fháil ar an tír, ach faoi dheireadh i 1907 rinneadh conradh a d'fhág an Afganastáin lasmuigh de réimse tionchair na Rúise.

An 20ú hAois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí achrann sa tír ar feadh na mblianta agus ceannairí éagsúla ag iarraidh an tír a chur faoina smacht. D'fhan an Afganastáin neodrach le linn an Dara Chogadh Domhanda. Nuair a d'fhág an Bhreatain an India bunaíodh an Phacastáin ach mhaígh an Afganastáin gur léise cuid den stát nua. Aird níor tugadh uirthi, agus chuaigh sí i bpáirt leis an Rúis i 1955 cheal cabhair a fháil ó na Meiriceánaigh. Ba bheag nach raibh ina chogadh idir í féin agus an Phacastáin faoi chúrsaí teorann. Cuireadh Páirtí Cumannach ar bun go rúnda i 1965 agus faoi 1973 bhí de neart aige dul chun ceannairce: briseadh an Rí agus bunaíodh Poblacht. I 1978 síníodh conradh cairdis leis an Aontacht Shóivéadach ach an bhliain chéanna thosaigh éirí amach Ioslamach.

Bhris cogadh cathartha amach i 1979 agus tháinig fórsaí na hAontachta Sóivéidí thar teorainn isteach ar an 24 Nollaig. Thug na Meiriceánaigh an-chabhair do na ceannaircigh Ioslamacha. I Mí Feabhra 1989, tar éis naoi mbliana den ár, b'éigean do na Sóivéadaigh cúlú, rud nár chuir deireadh leis an chogaíocht. Ghabh na Muitsidíní Cabúl ar 15 Aibreán 1992 agus bhunaigh stát Ioslamach. Bhí an Phacastáin agus an Iaráin ag cur a ladair i ngnóthaí na tíre i rith an ama agus lean an chogaíocht ar aghaidh.

Na Talaban[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh na Talaban, mílíste Ioslamach, i 1994 le cúnamh na Pacastáine, agus d'éirigh leo cuid mhór den tír a smachtú. Rinneadh léirscrios ar chathracha na tíre agus ghabh an Talaban Cabúl i Mí Mheán Fómhair 1996. Cuireadh mná faoi chois, maraíodh na mílte agus rinneadh cos ar bolg ar mhionlaigh chreidimh. Idir an dá linn bhí uisce faoi thalamh ar siúl i gcónaí ag an Phacastáin agus ag an Iaráin.

Tugadh na Talaban dídean do threallchogaithe Ioslamacha as tíortha eile, agus cuireadh smachtbhannaí ar a rialtas as tearmann a thabhairt d'Osama bin Laden, deargnamhaid Mheiriceá.

Príomhalt: An Talaban

Cogadh na hAfganastáine, 2001 - 2021[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis do ghrúpa Osama bin Laden, al-Qaida, a mhaíomh gurb iadsan a d'ionsaigh Nua-Eabhrac ar 11 Meán Fómhair 2001 thosaigh na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain ag buamáil áiteanna san Afganastáin a síleadh a raibh al-Qaida ann. Rinne ECAT (NATO) ionradh ar an tír agus faoi 2003 bhí an phríomhchathair gafa acu. Thosaigh feachtas treallchogaíochta ag an Talaban agus ag dreamanna eile.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]