An Talaban
|
|||||
| Sonraí | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| Cineál | eagraíocht sceimhlitheoireachta eagraíocht reiligiúnach eagraíocht mhíleata gluaiseacht pholaitiúil eagraíocht pholaitiúil | ||||
| Idé-eolaíocht pholaitíochta | Ioslamachas religious nationalism (en) Bunúsaíochas Ioslamach Deobandi (en) Pashtunwali (en) jiohádachas | ||||
| Reiligiún | an tIoslam Sunnaíoch | ||||
| Ailíniú polaitíochta | an eite fhíordheis | ||||
| Stair | |||||
| Dáta a bunaíodh | 1994, Kandahar | ||||
| Bunaitheoir(í) | Mohammed Omar agus Abdul Ghani Baradar | ||||
Ócáid shuntasach | |||||
| 2021 1 Bealtaine 2021- | 2021 Taliban offensive (en) | ||||
| 15 Lúnasa 2021 | Fall of Kabul (en) | ||||
| Gníomhaíocht | |||||
| Ballraíocht | 70,000 (2021) | ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Ceanncheathrú | |||||
| Ceanncheathrú | |||||
| Ceanncheathrú | |||||
| Uachtaránacht | Mohammed Omar (1994–2013) Akhtar Mansour (2015–2016) Haibatullah Akhundzada (2016–) | ||||
| Suíomh gréasáin | alemarahenglish.af | ||||
Gluaiseacht Ioslamach de chuid na hAfganastáine is ea an Talaban.[1] Tá an ghluaiseacht gníomhach sa Phacastáin chomh maith. Tá dlúthbhaint ag an Talaban le Al-Qaeda; is iad an Stát Ioslamach agus Rialtas na Pacastáine a namhaid.


1996-2001
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhunaigh an Talaban stát Ioslamach bunúsaíoch san Afganastáin sa bhliain 1996, an 'Éimíríocht Ioslamach na hAfganastáine' mar a thugtaí uirthi.
Ach bhí sárú ar chearta an duine. Gearradh pionóis chorpartha ar dhaoine faoi rialacha éagsúla a shárú.[2] Crochadh, lámhachadh, lascadh agus buaileadh daoine le clocha os comhair an tsaoil i gcaitheamh na mblianta sin. Cuireadh mná faoi chois freisin agus ní raibh cead acu dul ag obair.
Mar sin, le Rún 2513 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 10 Márta 2020,[3] glacadh leis go raibh 'comhréiteach polaitiúil' ag teastáil.
Rinne na Stáit Aontaithe ionradh ar an Afganastáin i mí Dheireadh Fómhair 2001. Tháinig 'Poblacht Ioslamach na hAfganastáine' ar an bhfód, stát a bhí ar teaghrán ag na Stáit Aontaithe.


2021
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thréig SAM an tír sa bhliain 2021 agus tháinig an Talaban ar ais i gcumhacht ar 15 Lúnasa 2021.[5][6][7] Bhí na mílte daoine ag teitheadh ón Afganastáin dá bharr sin.[8] Tugadh taidhleoirí agus sibhialtaigh amach as an Afganastáin ar eitleáin mhíleata. Bhí sé ina chíor thuathail timpeall i mí Lúnasa ag an aerfort i gCabúl agus an draoi daoine ag féachaint le teitheadh ón tír.[2] Bhí anord ceart san áit le tamall ó bhailigh na sluaite ag an aerfort ag iarraidh teitheadh.
Thug urlabhraí sinsearach an Talaban le fios ag preasócáid ar 17 Bealtaine nach mbeidís chomh dian ar dhaoine agus a bhí nuair a bhí siad i gcumhacht cheana idir na blianta 1996 agus 2001.[9] Dúirt urlabhraí an Talaban ag an am go mbeadh sé i gceist acu glacadh le cearta ban agus mionlach san Afganastáin feasta "de réir ghnáis na tíre agus suáilcí Ioslamacha."[2] Bhí iarrtha ag an Talaban ar dhaoine oilte gan an tír a fhágáil. Gheall siad nach sáróidh siad cearta daonna aon ghrúpa.[8]
Ina ainneoin sin, bhí go leor de mhuintir na hAfganastáine scanraithe roimh an Talaban agus a gcuid dianpholasaithe. Bhí faitíos ar dhaoine oilte agus ar mhná ach go háirithe nach mbeidh na cearta daonna agus oibre céanna acu faoi réimeas Ioslamach an Talaban agus a bhí faoin iar-rialtas. Mar sin theith daoine ón Afganastáin agus faitíos orthu roimh dhianpholasaithe tiarnasacha an Talaban.[9]
Lean cogadh cathartha ar aghaidh i dtuaisceart na tíre, leis na Panjshir i mbun.[10]
2026
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhris cogadh amach in 2026 in aghaidh na Pacastáine. An aidhm chogaidh a bhí - agus atá - ag an Talaban ná críoch na hAfganastáine a leathnú amach agus muintir Phaistiúnach a aontú in aon tír amháin. Is gluaiseacht Paistiúnach é an Talaban agus tá pobail mhóra ar an dá thaobh den teorainn, le daichead milliún acu sa Phacastáin agus fiche milliún acu san Afganastáin.[11]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, Taliban
- 1 2 3 Nuacht RTÉ (2021-08-17). "Tús arís le haslonnú daoine ón Afganastáin" (as ga).
- ↑ Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (10 Márta 2020). "Rún 2513". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ "Mike Pompeo" (as en) (2021-08-04). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-08-16). "Taliban ag maíomh go bhfuil sé i gcumhacht san Afganastáin" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-08-16). "'Tubaiste mhór an scéal san Afganastáin'-An tAire Coveney" (as ga).
- ↑ Ailbhe Ó Monacháin (2021-08-18). "Gael in Arm Mheiriceá an-bhuartha faoi thréigean na Afganastáine" (as ga).
- 1 2 Nuacht RTÉ (2021-08-18). "Taidhleoirí ag cabhrú le 33 saoránach Éireannach san Afganastáin" (as ga).
- 1 2 Nuacht RTÉ (2021-08-19). "Daoine fós ag teitheadh ainneoin ghealltanais an Talaban" (as ga).
- ↑ "Panjshir resistance" (as en) (2021-08-17). Wikipedia.
- ↑ Cathal Ó Murchú (2026-03-20). "Bunús an chogaidh idir an Phacastáin agus an Afganastáin" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-03-21.